‘Údar imní’ é an laghdú ar lucht féachana TG4 – tuarascáil don BAI

Deirtear i dtuarascáil nua gur chóir do TG4 spriocanna nua a leagan síos maidir le deireadh a chur leis an laghdú ar lucht féachana an stáisiúin agus maítear go bhfuil íosmhéid lucht féachana de dhíth chun go mbeadh TG4 ag comhlíonadh a chuid dualgas

‘Údar imní’ é an laghdú ar lucht féachana TG4 – tuarascáil don BAI

‘Údar imní’ is ea an laghdú atá tagtha ar lucht féachana TG4, de réir tuarascáil nua a deineadh don BAI.

De réir na tuarascála, a rinne an comhlacht comhairleoireachta Indecon don BAI, tá “dúshlán mór” roimh TG4 más faoi a sciar den lucht féachana “a choimeád mar atá nó a mhéadú” agus cur lena ioncam tráchtála

Deirtear sa tuarascáil nuafhoilsithe, Public Funding Review of Public Service Broadcasters, go bhfuil ag éirí go maith le TG4 maidir le comhlíonadh fhormhór mór a  chuid dualgas agus a spriocanna mar chraoltóir seirbhíse poiblí, ach gur cheart do lucht an stáisiúin díriú go mór ar a sciar den lucht féachana a chosaint sna blianta amach romhainn.

Chuige sin, moltar go gcuirfí maoiniú breise ar fáil do TG4, ach go dtabharfaí an maoiniú breise sin don stáisiún ar an gcoinníoll go ndéanfaí dianbhainistiú ar chostais foirne agus go gcuirfeadh an stáisiún féin maoiniú breise ar fáil don earnáil neamhspleách teilifíse.

Deirtear gur chóir don stáisiún spriocanna nua a leagan síos maidir le deireadh a chur leis an laghdú ar lucht féachana an stáisiúin agus maítear go bhfuil íosmhéid lucht féachana de dhíth chun go mbeadh TG4 ag comhlíonadh a chuid dualgas.

“These targets reflect the importance of TG4 stemming the downward trend in its market position as we believe minimum audience numbers are required for TG4 to meet its remit.

“While this minimum level is a matter of judgement, any significant further declines in market share would be of concern. We believe that the allocation of investments in any genre should be a matter for TG4 but that the focus should be on targeting to maintain their market share.”

Deir Indecon go gcaithfear ar a laghad buiséad an stáisiúin a choigeartú le haghaidh boilscithe.

“Indecon believes that if its current remit is to remain, an increase in funding at least in line with inflation is required if its audience share is not to continue on its downward trend.

“Indecon however accepts that TG4’s statutory role is clear and hence our recommendation for an increase in funding for TG4.”

Baineann an tuarascáil nuafhoilsithe den chuid is mó le 2015.

Deirtear gur éirigh le TG4 a áit mar an seachtú stáisiún is mó lucht féachana in Éirinn a choimeád agus gur éirigh leis cuid mhaith dá spriocanna maidir lena chroíphobal féachana a bhaint amach.

Níor éirigh leis an stáisiún, áfach, spriocanna eile maidir lena lucht féachana a bhaint amach.

“While some of these targets are less important than others, the decline in reach and audience share for TG4 is of concern and must be closely monitored.

“The impact of this decline if it continues, will be to put further pressure on TG4 finances and on its achievement of its objectives. This is particularly important for the next five-year review,” a deirtear sa tuarascáil.

Sciar 1.7% den lucht féachana a bhí ag TG4 in 2015, níos lú ná an sprioc 2% a bhí curtha roimhe ag an stáisiún. Tháinig laghdú chomh maith ar ‘reach’ laethúil (-2%) agus seachtainiúil (-8%) an stáisiúin idir 2014-2016.

Aithnítear sa tuarascáil go raibh an scéal amhlaidh i gcás na mórchainéal eile ar fad in Éirinn, mar go bhfuil an iomaíocht i margadh na teilifíse ag dul i ndéine i gcónaí.

Deirtear, áfach, go bhfuil sé tábhachtach go leagfadh TG4 níos mó béime ar a ionad sa mhargadh a threisiú go háirithe fad is a bhaineann sé le daoine óga. Obair dhúshlánach a bheidh sa mhéid sin, a deirtear, gan aon athrú ar mhaoiniú an stáisiúin.

“Maintaining strong audience figures is important for TG4 not only in achieving its vision of promoting the Irish language and culture but also in efficiency terms, as cost per viewer hour is an important measure of TG4’s value for money.

“Declining audience numbers will have the impact of increasing cost per viewer hour unless programming expenditure declines accordingly, which would have a knock-on impact on programme quality.”

Dar le lucht na tuarascála go bhfuil spriocanna an stáisiúin ó thaobh an lucht féachana laethúil de “sásúil”, ach deirtear go gcaithfí tuilleadh eolais a chur ar fáil sa chás go dtiocfadh laghdú eile ar an lucht féachana céanna.

“We find that targets for daily reach are adequate for 2015 and 2016, but believe that any further declines in target daily reach should be explained alongside detailed responses of the proposed and attempted strategies for addressing this decline.”

Níor éirigh leis an stáisiún Gaeilge ach an oiread a spriocanna a bhaint amach i dtaobh líon na gclár a bhaineann lucht féachana níos mó ná 70,000 agus 100,000 duine amach. Idir 2012-2015 thit líon na gclár ar TG4 a bhain 100,000 duine amach ó 867 go dtí 573, agus titim 37% a bhí i gceist le líon na gclár a bhain 70,000 duine amach sa tréimhse chéanna.

Deirtear go raibh baint mhór ag an laghdú ar sciar TG4 den lucht féachana leis an laghdú ar líon na ndaoine atá os cionn 35 bliain d’aois a bhíonn ag féachaint ar an stáisiún. Deirtear gur éirigh le TG4 a sciar de dhaoine faoi bhun 35 bliain d’aois a choimeád, ach gurb é seo an déimeagrafach is lú a bhíonn ag féachaint ar TG4.

“The key question for policymakers and for BAI is what role TG4 is to play in the Irish broadcasting market and in promoting the Irish language. Indecon believes that if TG4’s current remit is to remain, an increase in funding is required if its audience share is not to continue on its downward trend.

“Changes to funding for TG4 should abide by the statutory requirements as outlined in the Broadcasting Act to enable the organisation to achieve its public service objectives. While this is a matter of judgement, our recommendation is that an adjustment of €0.5 million is the minimum necessary.”

Dúirt urlabhraí de chuid TG4 le Tuairisc.ie go dteastódh ardú €6 milliún sa bhliain ar mhaoiniú reatha poiblí TG4 “lena thabhairt ar comhleibhéal leis an maoiniú a bhí ar fáil dó roimh an gcúlú eacnamaíochta”.

“Tá ráite againn le fada agus go leanúnach le gach Aire, rialtóir agus comhairleoir bainistíochta lenar phléigh muid ár riachtanas maoinithe, nach leor maoiniú reatha TG4 lena chur ar an mbonn le go bhféadfadh sé an tseirbhís a theastaíonn ón bpobal féachana a chur ar fáil. 

“Tá gá le maoiniú dóthanach ar bhonn ilbhliana a bheadh ar a laghad ar aon leibhéal leis an maoiniú a bhí ar fáil dúinn deich mbliana ó shin.”

Dúirt an t-urlabhraí nach galar aon stáisiúin amháin an laghdú seo ar an lucht féachana.

“Is ábhar imní aon laghdú féachana d’aon chraoltóir teilifíse agus is dúshlán suntasach ar leith é an patrún seo in Éirinn, áit a bhfuil an iomaíocht sa mhargadh chomh géar sin agus na craoltóirí i ngleic le cainéil ón iasacht a bhfuil acmhainní móra millteacha acu agus le roghanna nua féachana ar scáileáin agus ar ghairis nua.  

“Is géire fós an dúshlán do chraoltóirí Gaeilge, dar ndóigh. Tuigeann TG4 go bhfuil an ghéariomaíocht seo ann agus tá straitéisí nua á bhfeidhmiú chun díriú uirthi.”

Dúirt an t-urlabhraí go raibh straitéis nua seolta ag Ard-Stiúrthóir nua TG4, Alan Esslemont, chun dul i gleic leis na dúshláin atá roimh an stáisiún agus go bhfuil an earnáil léiriúcháin curtha ar an eolas faoin gcur chuige coimisiúnaithe nua seo.

Dúirt urlabhraí TG4 gur “ar mhéadú agus ar mhealladh lucht féachana nua” atá straitéis féachana TG4 dírithe agus go dtabharfaí faoin obair sin “i gcomhpháirt” leo siúd a bhíonn ag soláthar clár don stáisiún.

Fág freagra ar '‘Údar imní’ é an laghdú ar lucht féachana TG4 – tuarascáil don BAI'

  • Eoin Ó Riain

    An ceart lucht féáchanna nó éisteachta TG4 (RnaG) a mheas mar an gcéanna le na stáisiúin Bhéarla.
    Dá ndéanfadh comhaireamh i gcomparáid leis an méid daoine le Gaeilge seachas daonra iomlán na tíre cén céadtadán a bheidh ann?
    Dála an scéal nach féidir le hÚdarás Craolacháin na hÉireann tuairisc a scríobh sa Teanga Náisiúnta le cabhair a thabhairt do na meáin Gaeilge gan tagairt a rá faoi lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta – lucht éisteachta TG4 agus RnaG?

  • An Rógaire

    Is é an slat tomhais a ba cheart a úsáid, mar atá luaite, ná an sciar de phobal na gaeilge a bhíonn ag féachaint ar TG4. Muna bhfuil i gceist ach an lucht féachana is mó a mhealladh ón mórphobal, cláracha béarla ar fad an réiteach (seachas 75% de na cláracha a bheith i mbéarla – níl tomhas cruinn déanta ar an bhfigiúr sin ach is cinnte gur mó cláracha béarla ná gaeilge a bhíonn ar an stáisiún).

  • Ruairí Ó Bléine

    Maidir le fógraíocht ar son TG4, is crá chroí agus frustrachas mór bheith ag iarraidh eolas faoin cainéal a fháil ó cheann ar bith de na soláthraithe TF macasamhail Virgin Media, BT srl. Fiú má iarrtar orthu go díreach an bhfuil Tg4 le fáil tríothu deir siad nach bhfuil!
    Cuirtear as don lucht féachana nuair a déantar ciolar cith de amanna na gcláracha. An sampla is measa is ea An Nuacht ar a 7.00 i.n. Go ró-mhinic cuirtear é ar fáil ag am difriúil; gearrtar é ina leath; bíonn cluiche rugbaí ann ina áit. Ní chothaíonn an útamáil seo mórán sástachta sa chustaiméir a bíos go minic ag brath go dílis an chlár speisialta seo mar anam-lón an lae.
    Le meas ar bhur gcuid oibre, Ruairí Ó Bléine, Ard Mhic Nasca, Co. an Dúin.