‘Údar dóchais’ sna figiúirí is déanaí agus ‘slabhraí scaipthe an ghalair briste’

Deir saineolaithe NPHET go bhfuil éiginnteacht ann i gcónaí maidir lena bhfuil i ndán don Covid-19 in Éirinn ach go bhfuil scaipeadh an ghalair ag dul i léig arís

‘Údar dóchais’ sna figiúirí is déanaí agus ‘slabhraí scaipthe an ghalair briste’

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go raibh naonúr eile a raibh an coróinvíreas orthu básaithe, ach gur bhain ocht gcinn de na básanna sin le tréimhse trí mhí idir Aibreán agus Meitheamh.

Seacht gcás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna agus dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, go raibh scaipeadh an ghalair ag dul i léig arís i gcomparáid le roinnt seachtainí anuas.

Dúirt sé go raibh “éiginnteacht agus ábhar dóchais” ann an tseachtain seo maidir le scaipeadh an ghalair.

“Éiginnteacht agus údar imní” agus “éiginnteacht agus údar éadóchais” a bhí ann le coicís anuas, ar sé.

“Coicís ó shin, léiríomar an imní a bhí orainn faoin treo a raibh an Covid-19 ag scaipeadh anseo in Éirinn. Rinne muintir na tíre rud orainn agus i dteannta a chéile d’éirigh leo slabhra an scaipthe sin a bhriseadh.

“Léiriú eile é sin ar a chumhachtaí agus a bhíonn daoine nuair a oibríonn siad as lámha a chéile chun an phaindéim seo, nach bhfacthas a leithéid cheana, a chloí. An rud is tábhachtaí anois a bheith daingean agus leanúint leis an dea-obair,” arsa an Dr Ronan Glynn.

Mhaígh an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach go raibh sé “ar ár gcumas coinneáil leis an dul chun cinn atá déanta againn le chéile, má leanaimid orainn ag cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí – fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile, na lámha a ní go maith agus go minic, clúdach aghaidhe a chaitheamh nuair is cuí agus casacht nó sraothartach a dhéanamh go sábháilte.”

Tá ráta atáirgthe an ghalair tite de bheagán ón tseachtain seo caite. Meastar gur idir 1.1 agus 1.4 atá sé anois.

Chomh maith leis sin, tá líon na gcásanna nua den ghalar tite de bheagán chomh maith i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.

Dúirt saineolaithe NPHET áfach go gcaithfí ráta scaipthe an ghalair a bhrú faoi bhun 1 arís.

Duine amháin a bhfuil Covid-19 orthu a fhaigheann bás gach 3-5 lá anois. 14 othar a tholg an coróinvíreas a bhí sna hospidéil inniu agus bhí seisear acusan in aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr Philip Nolan ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh cúrsaí “seasmhach” go maith i gcomparáid le roinnt seachtaintí anuas.

Ba é an léamh is fearr a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na figiúirí is déanaí ná gur aithin an pobal na “comharthaí” go raibh cúrsaí ag dul in olcas agus gur ghníomhaigh siad dá réir chun scaipeadh an ghalair a chur faoi chois.

“Dea-scéala é go bhfuil an uimhir R íslithe. Ní ceart dearmad a dhéanamh áfach go bhfuil an víreas nua seo linn go fóill agus níl uaidh ach muid a bheith réchúiseach faoi le deis a thabhairt dó scaipeadh go rábach arís. Cluiche fada a bheidh anseo.

“Agus muid ag tabhairt faoin deireadh seachtaine agus an chuid eile den samhradh, caithfimid a bheith an-airdeallach más linn an galar seo a choinneáil faoi smacht,” arsa an tOllamh Philip Nolan.

Ní raibh bás ar bith le fógairt inniu ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt. Ocht gcás nua den ghalar a fógraíodh ó thuaidh.

2,319 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,763 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

31,702 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,826 cás ó dheas den teorainn agus 5,876 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '‘Údar dóchais’ sna figiúirí is déanaí agus ‘slabhraí scaipthe an ghalair briste’'