Uachtarán na hÉireann ar cuairt ar an Spidéal do chlár faoi ‘Mhurdair Mhám Trasna’

Thug ROSG Teo cuireadh chun agallaimh don Uachtarán toisc an tsuim atá léirithe i gcúrsaí cearta an duine agus i gcearta teanga in imeacht na mblianta

Uachtarán na hÉireann ar cuairt ar an Spidéal do chlár faoi ‘Mhurdair Mhám Trasna’

Ciarán Ó Cofaigh, ROSG, Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn agus Seán Ó Cuirreáin, údar Éagóir, i mbun comhrá ar an Spidéal Dé Sathairn. PIctiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Thug Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn cuairt ar an Spidéal le linn an deireadh seachtaine chun agallamh a thaifeadadh don scannán faisnéise Murdair Mhám Trasna, a chraolfar amach anseo ar TG4.

Ba é an t-agallamh leis an Uachtarán an píosa deiridh a bhí le taifeadadh don dráma faisnéise atá á dhéanamh ag an gcomhlacht Gaeltachta ROSG Teo.

Tá an dráma faisnéise nua bunaithe ar an leabhar Éagóir, Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna leis an iarchoimisinéir teanga Seán Ó Cuirreáin, an chéad leabhar i nGaeilge faoi chás a tharraing oiread conspóide ag an am go luaitear le titim Rialtas na Breataine é.

D’fhreastail an tUachtarán Ó hUigínn ar ócáid chuimhneacháin a d’eagraigh Oifig an Choimisinéara Teanga, Conradh na Gaeilge agus Músaem na Gaillimhe faoi chás Mhám Trasna i nGaillimh sa bhliain 2012.

An tUachtarán faoi agallamh do ‘Mhurdair Mhám Trasna’. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Rinneadh an t-agallmh leis an Uachtarán do Murdair Mhám Trasna a thaifeadadh Dé Sathairn i stiúideo de chuid Eo Teilifís ar sheit Ros na Rún. Thug ROSG Teo cuireadh chun agallaimh don Uachtarán toisc an tsuim atá léirithe aige sa scéal, i gcúrsaí cearta an duine agus i gcearta teanga in imeacht na mblianta. Ba é seo an t-agallamh deireanach a rinneadh don fhadscannán faisnéise agus tá tús curtha anois leis an obair eagarthóireachta agus eile atá fós le déanamh. Meascán d’agallaimh agus míreanna drámaíochta atá sa scannán a ríomhann scéal na ndúnmharuithe brúidiúla a tharla in 1882 agus an éagóir a lean.

TG4 a choimisiúnaigh Murdair Mhám Trasna agus tacaíocht airgid faighte don tionscnamh ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus scéim chánach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Níl dáta craolta socraithe fós, ach tuigtear gur le linn na bliana seo chugainn a chraolfar an scannán ar TG4.

Fág freagra ar 'Uachtarán na hÉireann ar cuairt ar an Spidéal do chlár faoi ‘Mhurdair Mhám Trasna’'