Tús curtha le tógáil cultúrlann nua Gaeilge £2 mhilliún i gcathair Ard Mhacha

Deir Seán Ó Maoilsté, stiúrthóir Aonach Mhacha, go mbeadh an t-ionad Gaeilge nua ‘mar fhógra agus mar ráiteas muiníne’ i dtaca leis an bhorradh atá tagtha faoin Ghaeilge sa chathair

Tús curtha le tógáil cultúrlann nua Gaeilge £2 mhilliún i gcathair Ard Mhacha

Tá tús curtha an tseachtain seo leis an obair thógála le haghaidh cultúrlann nua Gaeilge i gcathair Ard Mhacha, foirgneamh a chosnóidh £2 mhilliún.

‘Aonach Mhacha’ a bheas á thabhairt ar an Ghaelionad nua, atá á thógáil ar an suíomh mar a mbíodh an seanstáisiún dóiteáin tráth.

Dúirt Seán Ó Maoilsté, stiúrthóir Aonach Mhacha, gur iarracht phobail a bhí san fhiontar nua, agus thréaslaigh sé leis an “dream díograiseach deonach” a d’oibrigh ar an togra le roinnt blianta anuas.

“Tá pobal Gaelach na cathrach ag ceiliúradh faoi dheireadh agus fios acu go bhfuil a mór-ionad féin ar na bacáin go luath,” a dúirt Ó Maoilsté.

Mhaígh sé go mbeadh Aonach Mhacha “mar fhógra agus mar ráiteas muiníne” i dtaca leis an bhorradh atá tagtha faoin Ghaeilge sa chathair.

“Údar spreagtha agus misnigh don phobal a bheas in Aonach Mhacha agus cruthófar fuinneamh úr in athbheochan na Gaeilge sa chathair,” ar sé.

Tá sé i gceist go mbeadh Aonach Mhacha ina lárionad siamsaíochta, cultúir agus ealaíne do Ghaeil Ard Mhacha.

Beidh siopa agus caifé ann, chomh maith le spás le haghaidh coirmeacha ceoil, drámaí, imeachtaí sóisialta, aclaíochta, teaghlaigh agus óige.

I measc na n-áiseanna eile atá á lua leis an fhoirgneamh nua, tá oifigí d’eagraíochtaí Gaeilge, seomraí ranga, gailearaí, stiúideo ilmheáin agus spás ceardlainne.

Tá maoiniú á chur ar fáil d’Aonach Mhacha ag an Roinn Pobal, An Ciste Infheistíochta Gaeilge, Gael Linn, Iontaobhas Ultach, Comhairle Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus an Chreatháin, Fondúireacht Garfield Weston, Iontaobhas Infheistíochta Pobail Uladh, Roinn Gnóthaí Eachtracha, CAIRDE Teo agus Naíscoil Ard Mhacha.

Táthar ag dréim leis go mbeidh an foirgneamh réidh le seoladh faoi mhí Iúil na bliana seo chugainn.   

Agus bonn curtha faoin obair thógála don Ghaelionad úr, ‘Áras na bhFál’ i mBéal Feiste, ag tús na míosa is é Aonach Mhacha an dara cultúrlann Ghaeilge atá á tógáil sa tuaisceart agus costas £2 mhilliún á lua léi. 

Fág freagra ar 'Tús curtha le tógáil cultúrlann nua Gaeilge £2 mhilliún i gcathair Ard Mhacha'