Tús á chur inniu le tógáil ‘Áras na bhFál’ i mBéal Feirste, ionad nua £2 milliún don Ghaeilge

Beidh Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus roinnt eagraíochtaí Gaeilge á lonnú in ionad nua, a bheidh achar gairid ó Chultúrlann Mac Adam Ó Fiaich, Coláiste Muire, Coláiste Feirste agus stiúideo nua Raidió Fáilte

Tús á chur inniu le tógáil ‘Áras na bhFál’ i mBéal Feirste, ionad nua £2 milliún don Ghaeilge

Tá tús á chur ar maidin leis an obair thógála le haghaidh Gaelionad úr i mBéal Feiste, forbairt a chosnóidh £2 milliún.

‘Áras na bhFál’ an t-ainm a bheas á thabhairt ar an Ghaelionad nua, atá beartaithe don suíomh ag crosbhealach Bhóthar na bhFál agus An Bealach Leathan in iarthar Bhéal Feirste.

Beidh Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus roinnt eagraíochtaí Gaeilge á lonnú san fhoirgneamh nua, agus é achar gairid ó Chultúrlann Mac Adam Ó Fiaich, Coláiste Muire, Coláiste Feirste agus stiúideo nua Raidió Fáilte.

Baileoidh ionadaithe Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus lucht maoinithe le chéile ag láthair an tsuímh ar maidin mar a gcuirfear tús oifigiúil leis an obair thógála.

Tá an maoiniú £2 milliún don fhorbairt á chur ar fáil ag an Chiste Infheistíochta Sóisialta, an Ciste Infheistíochta Gaeilge, an Roinn Oideachais agus an Roinn Pobal.

Dúirt Pilib Mistéil, cathaoirleach Iontaobhas na Gaelscolaíochta go gcuirfidh an foirgneamh le “forbairt fhisiciúil leanúnach na Ceathrún Gaeltachta in iarthar Bhéal Feirste”.

Dúirt sé go bhfuil “lúcháir” ar Iontaobhas na Gaelscolaíochta go bhfuil tús á chur leis an obair thógála.

“Bratlong a bheas san fhoirgneamh seo ar son na Gaeilge agus na gaelscolaíochta sa taobh seo tíre. Beidh spás oibre den scoth ann do na grúpaí Gaeilge a bheas ag obair san fhoirgneamh.”

Dúirt sé gur “tuilleadh fianaise” atá san fhorbairt  ar “ról lárnach na Gaeilge in athbheochan fhisiciúil agus chultúrtha” iarthar Bhéal Feirste.

“Táimid ag cur síos dúshraith don ghlún nua a bheas ag teacht inár ndiaidh le soiscéal na Gaeilge a chraobhscaoileadh sna blianta amach anseo,” a dúirt Cathaoirleach Iontaobhas na Gaelscolaíochta.

Táthar ag tuar go mbeidh an foirgneamh réidh mí Iúil na bliana seo chugainn.

Fág freagra ar 'Tús á chur inniu le tógáil ‘Áras na bhFál’ i mBéal Feirste, ionad nua £2 milliún don Ghaeilge'

  • Jimmy poland

    Leanaigi ar aghaigh, adh mór orthu.

  • file

    ‘Bratlong’? Dáiríously?

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Comhghairdeas mhór le gaeil Bhéal feirste, is sibhse eiseamláir iontach dúinn uilig i dtaca le fíorú na físe agus ag cur pleananna teanga chun cinn.

  • Magaoidh

    Ionaid cultúrtha agus sóisialta do Ghaeilgeoirí ins sna cathracha agus cúpla eastát tithíochta / blocárasán,LánGhaeilge a theastaíonn sna 26 condae chun an Ghaeilge a athbheochaint mar theanga phobail.

  • Seosamh

    Hea, file! Gabh leis an gclár!

  • Seanán Ó Coistín

    Ba chóir do Philib Mitséil leathanach 68 den leabhar “Ó Bhéarla go Gaeilge” le hAntain Mac Lochlainn a cheadú chun an Ghaeilge cheart ar “flagship” a fheiceáil.

    Tá “tionscadal suaitheanta” ag an Lochlannach ar “flagship project”. Sílim go n-oireadh sé sin don bhfoirgneamh nua sin.

    Guím gach rath ar an bhfoirgneamh. Táim ag súil go mór le cuairt a thabhairt air nuair a bheidh sé déanta.

  • Sean Fennell

    Tionscadal ceannrodaíoch, fadradharcach, déanfaidh sin cúis.
    Maith sibh muintir Bhéal Feirste, sa tús cadhnaíochta mar is gnách san athbheochan.

  • Seán Fennell

    Gaelscoil na bhFál agus Ionad Uibh Eachach thart an choirneáil fosta!!
    Breis is dhá chéad pháiste ar an scoil agus naíscoil agus naíonra agus cúram lae ag an IONAD. Na Gaeil abú!