Tús curtha le hobair Bhinse Fiosrúcháin Poiblí ar Bhuama na hÓmaí  

Agus é ag cur tús leis an éisteacht, dúirt an cathaoirleach go raibh rún aige ‘an fhírinne a dhéanamh soiléir le go mbeadh sí le feiceáil ag an uile dhuine’

Tús curtha le hobair Bhinse Fiosrúcháin Poiblí ar Bhuama na hÓmaí  

Tharla réamhéisteacht ag Binse Fiosrúcháin Poiblí ar Bhuama na hÓmaí Dé Máirt. Bhí an éisteacht san Ionad Ealaíne ar an bhaile, 250 slat ón áit ar phléasc an buama ar an 15 Lúnasa 1998.

Tá breitheamh as Albain, an Tiarna Alan Turnbull, ina chathaoirleach. Agus é ag cur tús leis an éisteacht, dúirt Turnbull go raibh rún aige “an fhírinne a dhéanamh soiléir le go mbeadh sí le feiceáil ag an uile dhuine”. Bheadh sé sásta feidhm a bhaint as na cumhachtaí uilig atá aige. Níorbh as an Ómaigh amháin do na mairbh ach “as Deisceart na hÉireann, Sasana agus an Spáinn”. Bhí áthas air go raibh beirt státseirbhíseach sinsearach Éireannach i láthair. “Beidh fianaise [ó údaráis na hÉireann] ina cuid thábhachtach den fhianaise ag an Fhiosrúchán,” ar seisean

Nuair a chríochnaigh Turnbull, tugadh seans do theaghlaigh an seomra a fhágáil dá mba mhian leo. Ansin léigh Paul Greaney, abhcóide an Bhinse Fiosrúcháin, ainmneacha na marbh. Bhí bomaite ciúnais ann agus d’éirigh a raibh i láthair sina seasamh. Bhí ionadaithe ón Wave Trauma Centre ann chun cuidiú le daoine.

Dúirt Greaney go bhfiosrófar an raibh seans dáiríre ag na húdaráis stop a chur leis an bhuama. Dar leis go ndéanfadh an Binse Fiosrúcháin a mhíle dícheall an fhírinne a thabhairt chun solais. Bhuail an fhoireann le hionadaithe ó Rialtas na hÉireann. Bhí na cainteanna “dearfach”.

Iarrfar ábhar ar eagraíochtaí stáit. Tá 230,000 leathanach faisnéise ag póilíní an Tuaiscirt. Is cáipéisí crua ar fad atá ann agus tógfaidh sé am agus acmhainní dul fríd sin.

Beidh an 27 teaghlach uilig ina gcroí-rannpháirtithe sa Bhinse Fiosrúcháin. Seo an chéad uair dóibh a bheith lena chéile le blianta fada. Déanann dhá eagraíocht freastal orthu, an Omagh Support agus Self Help Group agus Families Moving On. Níl baint ag tromlach na ngaolta le ceachtar acu.

Dhiúltaigh an Binse Fiosrúcháin d’iarratas ó Peter Keeley as an Iúr a bheith ina chroí-rannpháirtí. Thugadh sé Kevin Fulton air féin nuair a bhí sé ina ghníomhaire de chuid seirbhísí faisnéise Arm na Breataine. Bhí sé ina bhrathadóir ag an RUC freisin agus tá fianaise ann gur thug sé eolas faoin bhuama roimh ré. Bhí baint aige leis an Fhíor-IRA ag an am.

Beidh achomharc uaidhsean san Ard-Chúirt i mBéal Feirste ag tús mhí Mheán Fómhair. Is faoin phróiseas tapa ar a dtugtar ‘rolled up hearing’ a chloisfear an t-achomharc sin.

Cuireadh an Binse Fiosrúcháin ar bun mar gur éirigh le hathbhreithniú breithiúnach a rinne Michael Gallagher in Ard-Chúirt an Tuaiscirt in 2021. B’in mar gur dhiúltaigh Stát-Rúnaí na linne Binse Fiosrúcháin a chur ar bun. Maraíodh Aidan Gallagher, mac le Michael Gallagher, sa bhuama. Rialaigh an Giúistis Horner go raibh gach cosúlacht ann gurbh fhéidir stop a chur leis an bhuama.

Ba é Laurence Rush, a fuair bás in 2022, a chuir tús leis an phróiseas seo. Bhí amhras airsean ón dtús faoi ról na bhfórsaí slándála. Bhailigh Rush cuid mhór fianaise. Maraíodh a bhean Libby sa bhuama ar an Ómaigh.

Tá an Binse Fiosrúcháin le tosú i gceart ar an 27 Eanáir 2025. Éistfear ansin le ráiteas pearsanta ó gach íobartach.

Fág freagra ar 'Tús curtha le hobair Bhinse Fiosrúcháin Poiblí ar Bhuama na hÓmaí  '