Tús á chur le féile Liú Lúnasa i mBéal Feirste anocht

Seo an ceathrú bliain ag an fhéile ailtéarnach chultúrtha a bheith á reáchtáil ag Gaeil óga de chuid na cathrach

Tús á chur le féile Liú Lúnasa i mBéal Feirste anocht

Cuirfear tús le Liú Lúnasa, an fhéile Ghaelach ar an imeall, i mBéal Feirste anocht le hoíche airneáin a bheidh á reáchtáil i dTigh Mhaddáin i lár na cathrach.

Seo an ceathrú bliain a bheidh an fhéile ailtéarnach chultúrtha á reáchtáil ag Gaeil óga de chuid na cathrach.

Idir sheoltaí leabhar, thaispeántais, chainteanna, agus cheolchoirmeacha, dúirt Caoimhe Ní Chathail, duine de mheitheal Liú Lúnasa, go bhfuil “borradh mór” faoi líon agus éagsúlacht na n-imeachtaí i gclár na bliana seo.

“Is cinnte go bhfuil an líon imeachtaí i ndiaidh dul i méid agus feabhas tagtha ar chaighdeán na n-imeachtaí chomh maith. Tá níos mó comhoibrithe ar siúl againn anois fosta agus muid ag obair le leithéidí Outburst Queer Arts Festival agus an Folktown Initiative i mbliana.

“Tá iarracht déanta againn réimse leathan imeachtaí a chur ar fáil sa chlár i mbliana lena chinntiú go mbeidh rud éigin ar fáil do gach aoisghrúpa,” a dúirt Ní Chathail.

Dúirt Ní Chathail go ndearna lucht eagair Liú Lúnasa iarracht ón tús “cur chuige ceannródaíoch” a bheith acu i dtaobh an chláir agus measann sí go bhfuil go leor tacaíochta á thabhairt don fhéile dá bharr.

“Ba ag féile Liú Lúnasa a reáchtáladh an chéad chomórtas slam filíochta Gaeilge, an chéad cheolchoirm Ghaeilge i gCearnóg an Bhruaigh i lár na cathrach agus bíonn cainteanna ann gach bliain faoi ábhair nach gclúdaítear de ghnáth ag féilte Gaeilge,” ar sí.

“Sílim go dtacaíonn an pobal linn mar gur féile imeallchultúir muid, a chuireann rudaí atá ar an imeall agus as an ghnáth chun cinn trí mheán na Gaeilge,” a dúirt Ní Chathail.

Tharraing sí aird ar chaint ar leith i gclár na bliana seo ‘Pobal Laistigh de Phobal’, a bheas ar siúl Dé hAoine ag 2pm, faoin éileamh atá á dhéanamh ag pobal Gaeilge na cathrach ar chearta agus cothromas.

Agus é mar aidhm ag meitheal Liú Lúnasa na healaíona Gaelacha agus cultúr na Gaeilge “a léiriú don saol mór”, beidh níos mó imeachtaí ná riamh á reáchtáil i lár na cathrach i mbliana, agus iarracht á déanamh an fhéile a scaipeadh ó iarthar na cathrach isteach chuig lár an cathrach.

Chuige sin, beidh na rapairí Feirsteacha KNEECAP ag dul ar stáitse sa Dubhlann oíche Déardaoin. Beidh ceolchoirm mhór na féile leis na ceoltóirí Daithí, SÍOMHA agus an grúpa reigé Abhainn Bheara á reáchtáil i gCearnóg an Bhruaigh i lár na cathrach Dé Sathairn chomh maith le himeachtaí eile.

Arís i mbliana, tabharfar ardán do na filí ag Liú Lúnasa lena gcuid saothar nuachumtha a chur chun cinn ag Slam Filíochta na féile, sa Chultúrlann oíche Déardaoin. Sinéad Ní Uallacháin, a bheas ina bean a’ tí ag an ócáid agus beidh Séamus Barra, Réaltán Ní Leannáin agus Seán Ó Muireagáin i mbun moltóireachta. Bronnfar duais £500 agus ticéad don Electric Picnic ar bhuaiteoir na hoíche.

I measc na mórimeachtaí eile, beidh ‘Lá mór an Teaghlaigh’ ar siúl Dé Sathairn ag 3pm sa Chultúrlann agus seó sorcais á léiriú ag an Woven Circus Collective. Déanfaidh an t-amhránaí Feirsteach Gráinne Holland leabhar nua do pháistí ‘Muireann agus an Fharraige Fhiáin’ a sheoladh ag 1.30pm, roimh an seó.

Daoine ar mian leo cur lena gcuid Gaeilge beidh an deis sin acu mar beidh dianchúrsa Gaeilge á reáchtáil gach maidin ón Déardaoin go Satharn ó 10am -1pm, mar a ndéanfar freastal ar ghlantosaitheoirí, ar fhoghlaimeoirí agus ar chainteoirí líofa.

feachtas sluamhaoinithe á reáchtáil ag meitheal Liú Lúnasa arís i mbliana chun costais na féile a ghlanadh.

Tá an clár iomlán ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Tús á chur le féile Liú Lúnasa i mBéal Feirste anocht'