‘Déanfaidh an eagla comhchoirí díot’ – airm bhreise agus trádbhac ola á lorg ag Zelensky

Tá tús le cur athuair le cainteanna síochána idir an Úcráin agus an Rúis, ach ní mór an dóchas atá ann go n-éireoidh leo

‘Déanfaidh an eagla comhchoirí díot’ – airm bhreise agus trádbhac ola á lorg ag Zelensky

Tá iarrtha ag Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, ar thíortha an Iarthair smachtbhannaí níos déine a chur i bhfeidhm ar an Rúis, ag áireamh trádbhac ola.

Ina óráid is déanaí, dúirt Zelensky chomh maith go mba ionann a bheith imníoch faoi na hairm atá ag teastáil ón Úcráin a thabhairt dóibh agus a bheith páirteach in ionradh na Rúise.

“Níor cheart go mbeadh Úcránaigh ag fáil bháis toisc nach bhfuil sé de mhisneach ag duine éigin na hairm atá riachtanach a thabhairt uaidh. Déanfaidh an eagla comhchoirí díot i gcónaí,” arsa Zelensky.

Dúirt sé nár thuig sé cén fáth go bhfanfaí go dtí go n-úsáidfeadh an Rúis airm cheimiceacha sula dtabharfaí trádbhac ola isteach.

“Sinne, na daoine atá beo, caithfimid fanacht. Nach bhfuil dóthain déanta ag arm na Rúise chun go dtuillfí trádbhac? Nach leor na buamaí fosfaracha? Nach leor ionsaí sliogán ar mhonarcha ceimiceán, nó ionsaí sliogán ar stáisiún cumhachta núicleách?

Idir an dá linn, tá tús le cur athuair le cainteanna síochána idir an Úcráin agus an Rúis.

Agus 33 lá caite ó chuir an Rúis tús lena n-ionradh, dúirt Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, go raibh “aidhm shoiléir” ag a thír – “an tsíocháin agus filleadh an saol mar a bhí inár stát dúchais a luaithe agus is féidir”.

Dúirt Zelensky go raibh an Úcráin “réidh” chun “stádas neodrachta” a phlé ar mhaithe le stop a chur leis an gcogadh. Chiallódh sé sin go dtabharfadh an Úcráin gealltanas nach lorgófaí ballraíocht in NATO. 

Dúirt sé go rabhthas sásta chomh maith iarracht a dhéanamh teacht ar chomhréiteach mar gheall ar stádas an cheantair Donbas in oirthear na hÚcráine.

Leag sé síos chomh maith na rudaí nach mbeadh an Úcráin sásta géilleadh ina dtaobh sna cainteanna.

“Ní aon cheist ar chor ar bith ann faoi fhlaitheas ná faoi shláine chríocha na hÚcráine. Tá sé riachtanach go mbeadh gealltanais dár stát ó thaobh na slándála de.”

Níor éirigh leis an dá thaobh aon dul chun cinn a dhéanamh sna babhtaí cainteanna eile a bhí ann roimhe seo.

Meastar go ndíreoidh na cainteanna is déanaí cuid mhór ar a bhfuil i ndán do cheantar Donbas agus don Chrimé, dhá áit atá gafa ag an Rúis. Díreofar chomh maith ar an gcaidreamh a bheadh ag an Úcráin leis an iarthar amach anseo. 

Tá amhras ann i gcónaí faoi mhianta na Rúise i leith na gcainteanna. 

Tá ceannasaí sheirbhís faisnéise na hÚcráine, an Ginearál Kyrylo Budanov den tuairim gurb é an rún atá ag Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, ná an tír a dheighilt ina dhá cuid amhail an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas.

Cé nach bhfuil oiread sin dóchais ann go n-éireoidh leis an mbabhta cainteanna is déanaí, meastar go léireoidh siad cé acu an bhfuil nó nach bhfuil aon mhaolú tagtha ar sheasamh na Rúise i bhfianaise an easpa dul chun cinn atá á dhéanamh acu. 

Deir seirbhísí faisnéise na Breataine, mar shampla, gur beag dul chun cinn eile atá déanta ag an Rúis de bharr fadhbanna eagrúcháin, cosaint láidir na hÚcráine agus “easpa fuinnimh agus misnigh”.

Dealraíonn sé chomh maith go bhfuil a phlean Kyiv a ghabháil caite in aer ag Putin.

 Dúirt Sergei Rudskoi, ginearál sinsearach in arm na Rúise, go mbeifí ag díriú feasta ar an “bpríomhsprioc”, smacht a fháil ar cheantar Donbas san oirthear.

An chosaint atá á déanamh ar chathair faoi léigear Mariupol an t-aon bhac atá ar an Rúis smacht iomlán a fháil ar an gceantar go léir ón Donbas go dtí an Chrimé. 

Meastar chomh maith go bhfuil faoi Putin oiread den Úcráin agus is féidir a ghabháil sula gcaithfear go dáiríre leis na cainteanna síochána.  

Ar an dtaobh eile den scéal, meastar go bhféadfadh an chosaint láidir atá déanta ag fórsaí na hÚcráine ar an tír ó thús an ionraidh a bheith ina spreagadh ag daoine vótáil in aghaidh aon éileamh deiridh a dhéanfadh an Rúis. 

Dúirt an tUachtarán Zelensky go gcaithfí aon mhargadh síochána a dhéanfaí leis an Rúis a chur faoi bhráid mhuintir na hÚcráine lena mbeannacht a fháil. 

Ní dócha ach oiread go mbeadh mórán fáilte ag Putin roimh na héilimh go n-imeodh fórsaí na Rúise as ceantair atá gafa cheana acu agus go dtabharfadh tíortha an iarthair gealltanais don Úcráin ó thaobh na slándála de.  

Idir an dá linn, tuairiscítear go bhfuil 170,000 sibhialtach teanntaithe sa chathair chalafoirt Mariupol atá timpeallaithe ag fórsaí na Rúise le nach mór mí anuas. Agus bia, uisce agus leigheas ag éirí níos gainne in aghaidh an lae, dúirt aireacht gnóthaí eachtracha na hÚcráine go raibh an chathair i mbéal na tubaiste agus go raibh smidiríní déanta den chathair ag síor-ionsaithe na Rúise.

Dúirt an tUachtarán Zelensky gur thóg an Rúis 2,000 páiste ó Mariupol.

De réir an áirimh is déanaí ó na Náisiúin Aontaithe, maraíodh ar a laghad 1,100 sibhialtach san Úcráin ó thús an ionraidh agus tá breis is 10 milliún duine teite óna mbailte.  

Fág freagra ar '‘Déanfaidh an eagla comhchoirí díot’ – airm bhreise agus trádbhac ola á lorg ag Zelensky'