Tús á chur athuair le cainteanna faoi chás na Catalóine

Meastar má theipeann ar na cainteanna is déanaí go bhféadfadh géarchéim bhunreachtúil eile a bheith ann

Tús á chur athuair le cainteanna faoi chás na Catalóine

Tá tús á chur athuair inniu le cainteanna idir rialtas na Catalóine, atá ar son neamhspleáchas an cheantair agus Rialtas na Spáinne atá glan ina choinne.

Cuireadh stop leis na cainteanna bliain go leith ó shin de dheasca na paindéime. Roimhe sin bhí tréimhse chorraitheach inar reáchtáladh reifreann neamhspleáchais sa Chatalóin gan cead an Rialtais lárnaigh.

Meastar má theipeann ar na cainteanna is déanaí go bhféadfadh géarchéim bhunreachtúil eile a bheith ann.

Deir Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sánchez go bhfuil sé ag iarraidh leas na Catalóine a dhéanamh agus díriú ar an rud a tharraingíonn le chéile an dá dhream.

Tá lucht an neamhspleáchais ag iarraidh pardún dóibh siúd a rinne iarracht scaradh ón Spáinn in 2017 agus go reáchtálfaí reifreann eile, le cead na Spáinne an babhta seo. Tá Rialtas Pedro Sánchez glan in aghaidh an dá phríomhéileamh sin.

Cuireadh tús le cainteanna idir Sánchez, ó Pháirtí Sóisialta an Lucht Oibre (PSOE) agus iar-uachtarán na Catalóine Quim Torra i mí Feabhra 2020 ach ní raibh acu ach cruinniú amháin nuair a chuir an phaindéim stop leis an bplé.

Toghadh rialtas nua sa Chatalóin i mbliana agus é faoi cheannas Pere Aragonès ón ERC. Síltear go mbaineann Aragonès le heite níos measartha de ghluaiseacht an neamhspleáchais ná a réamhtheachtaí, Torra.

Bhí scoilt i rialtas na Catalóine roimh thús na gcainteanna faoin aighneas críche nuair a dhiúltaigh Pere Aragonès áit a thabhairt ar an bhfoireann idirbheartaíochta do bheirt a mhol an páirtí Le Chéile don Chatalóin, ar an mbunús nach airí rialtais iad.

Bhí na mílte duine atá ar son na neamhspleáchais i mbun agóide ar shráideanna Barcelona Dé Sathairn seo caite ar a lá náisiúnta, Diada.

Déantar comóradh an lá sin ar bhris Barcelona i gCogadh Chomharbas na Spáinne i 1714.

Fág freagra ar 'Tús á chur athuair le cainteanna faoi chás na Catalóine'