Tús á chur ag an Acadamh le cúrsa nua oiliúna Gaeilge do lucht naíonraí

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta inniu go raibh deontas €2.7 milliún ceadaithe don Acadamh as seo go dtí 2021

Tús á chur ag an Acadamh le cúrsa nua oiliúna Gaeilge do lucht naíonraí

Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chun clár nua teanga agus oiliúna a fhorbairt don earnáil réamscolaíochta ar mhaithe le hoiliúint trí Ghaeilge a chur ar fáil do lucht naíonraí sa Ghaeltacht agus lasmuigh di. 

Chuige sin, cuirfear gearrchúrsaí i sealbhú agus saibhriú teanga ar fáil i nGaoth Dobhair, ar an gCeathrú Rua agus i gCarna do lucht na naíonraí agus déanfar “clár léinn níos leithne” a fhorbairt d’earnáil an luathoideachais Ghaeilge.

Chomh maith leis sin, d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta inniu go raibh deontas €2.7 milliún ceadaithe don Acadamh as seo go dtí 2021. 

Fágann fógra an Aire go bhfuil maoiniú an Acadaimh curtha ar bhonn níos buaine agus deontas trí bliana seachas deontas bliantúil anois acu.

Níl aon ardú i gceist leis an maoiniú a fógraíodh inniu –€900,000 sa bhliain a fhaigheann an tAcadamh – ach meastar gur chun leas na heagraíochta a bheidh sé maoiniú ilbhliantúil a bheith acu.

Dúradh inniu go gcuirfeadh an maoiniú ar chumas an Acadaimh “leanúint le raon cúrsaí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil” sna trí ionad Gaeltachta atá acu – i nGaoth Dobhair, i gCarna agus ar an gCeathrú Rua.

Dúirt an tAire Stáit Kyne gurbh ionann fógra an lae inniu agus “beart de réir briathair”  a bheith á dhéanamh ag a Roinn maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge. 

“Is údar áthais é go bhfuil an Roinn ag cur leis an gcomhpháirtíocht atá bunaithe le fada leis an Acadamh, ar mhaithe le deiseanna oideachais tríú leibhéal a chur ar fáil trí Ghaeilge in ionaid Ghaeltachta na hollscoile,” a dúirt an tAire Stáit,

Fág freagra ar 'Tús á chur ag an Acadamh le cúrsa nua oiliúna Gaeilge do lucht naíonraí'