Tuilleadh fianaise tugtha i dtriail fir a bhfuil ionsaithe ró-mhígheanasacha curtha ina leith

Líomhnaítear go ndearnadh na hionsaithe i dteach i gContae Dhún na nGall agus go raibh an gearánaí faoi 15 bliain ag an am

cúírt

Leanadh inniu i gcúirt chuarda Leitir Ceanainn de thriail fir a raibh sé chúis d’ionsaithe ró-mhígheanasacha ar fhear óg curtha ina leith.

Le linn an dara lá den triail inniu, thug an Breitheamh Francis Comerford le fios don ghiúiré go raibh athrú tagtha ar na cúiseanna in éadan an fhir atá 72 bliain d’aois.

Dúirt an Breitheamh go raibh sé ag tabhairt treorach don ghiúiré an fear atá cúisithe a fháil neamhchiontach sa séú cúis a bhí curtha ina leith.

Cúig cinn de chúiseanna maidir le hionsaithe ró-mhígheanasacha atá curtha in éadan an fhir anois.

Líomhnaítear go ndearnadh na hionsaithe seo ar dhátaí anaithnid idir an 5 Meitheamh 2000 agus an 4 Meitheamh 2001 i dteach i gContae Dhún na nGall agus go raibh an gearánaí faoi 15 bliain ag an am. Tá an fear atá cúisithe, nach bhfuil cead a ainm a thabhairt, 72 bliain d’aois agus tá sé ag pléadáil neamhchiontach.

Dúirt an gearánaí sa chúirt inné gur ghnách leis ól go trom nuair a bhí sé 15 bliain agus go dtéadh sé ag ól gach Céadaoin a mbíodh airgead aige in dhá theach tábhairne éagsúla.

Dúirt an gearánaí gur ghnách leis an chúisí a bheith ag ól i gceann de na tithe tábhairne sin ar an Chéadaoin fosta agus gur ann a chasaidís beirt le chéile.

Thug an Garda Gerard Dalton as stáisiún an Bhuna Bhig fianaise go raibh seisean bainteach leis an chuardach ar theach an chúisí ar an 1 Lúnasa 2011 agus go bhfuarthas ann ábhar pornagrafaíochta.

Gabhadh an cúisí an lá céanna agus tugadh go stáisiún na nGleannta é, áit a ceistíodh é.

Dúirt an cúisí nach raibh ciall ar bith leis an rud a bhí curtha ina leith agus nach raibh aithne aige ar an ghearánaí. Tugadh fianaise go raibh an fear a cúisíodh ina chónaí leis féin, nár ghnách leis mórán a ól agus nach dtaithíodh sé rómhinic tithe tábhairne.

Dúirt an cúisí leis na Gardaí in agallamh gur shíl sé go raibh duine éigin ag iarraidh bréaga a chur ina leith agus nach raibh sé a dhéanamh amach cén fáth.

Agus an Garda Dalton á cheistiú, dúirt sé go raibh líomhaintí maidir le hionsaithe gnéis déanta ag an ghearánaí in éadan ceathrair ar fad i 2011.

Dúirt an Garda gur tógadh ríomhaire agus tiomántán crua le linn dóibh a bheith ag cuardach theach an chúisí agus gur cuireadh go Baile Átha Cliath iad lena scrúdú.

Agus eisean ag tabhairt fianaise sa chúirt, dúirt deartháir an chúisí go mbíodh a dheartháir imithe ó Dhún na nGall ó am go ham le haire a thabhairt dá athair le linn na mblianta 2000 agus 2001.

Níor thug an cúisí féin aon fhianaise sa chúirt inniu. Déanfar na hargóintí deiridh sa chás maidin amárach sula n-iarrfaidh an Breitheamh ar an ghiúiré de naonúr fear agus triúr ban breith a thabhairt ar an chás.

Fág freagra ar 'Tuilleadh fianaise tugtha i dtriail fir a bhfuil ionsaithe ró-mhígheanasacha curtha ina leith'