‘Tugann comharthaí sráide Gaeilge le fios gur ceantar náisiúnach atá ann’ – conspóid eile faoi chomharthaíocht i mBéal Feirste

Tá ceithre chomhartha Gaeilge le cur in airde ar Shráid Clifton do Bhóthar na Seanchille ach socraíodh an tseachtain seo an cinneadh deiridh maidir le crochadh na gcomharthaí a chur siar go dtí an bhliain nua

‘Tugann comharthaí sráide Gaeilge le fios gur ceantar náisiúnach atá ann’ – conspóid eile faoi chomharthaíocht i mBéal Feirste

Tá cinneadh maidir le comharthaí Gaeilge a chur in airde ar shráid i mBéal Feirste curtha siar ag an gComhairle Cathrach agus an DUP ag maíomh go dtabharfadh comharthaí dá léithéid le fios gur ceantar náisiúnach atá ann, d’ainneoin halla de chuid an Oird Oráistigh a bheith ar an tsráid sin agus é a bheith gar do Bhóthar na Seanchille.  

Tá ceithre chomhartha Gaeilge le cur in airde ar Shráid Clifton sa chathair ach socraíodh an tseachtain seo an cinneadh deireanach maidir le crochadh na gcomharthaí a chur siar go dtí an bhliain nua. 

Tá Comhairle Cathrach Bhéal Feirste fós ag fanacht ar fhreagra ó áitritheoir amháin ar shuirbhé faoi chrochadh na gcomharthaí Gaeilge. Fiú má bhítear i gcoinne na gcomharthaí, d’fhéadfadh an Chomhairle féin dul ar aghaidh agus na comharthaí Gaeilge a chur in airde. 

Ag an gcruinniú an tseachtain seo, mhol Comhairleoir de chuid an DUP, Sarah Bunting, nár cheart ach trí cinn de na comharthaí a chur in airde. 

Dúirt sí nár cheart comhartha Gaeilge a chrochadh ar thaobh Carlisle Circus den bhóthar toisc a ghaire agus atá sé do Bhóthar na Seanchille.  

“Taitníodh sé le cuid de na comhairleoirí leis nó ná taitníodh, ach aithnítear áiteanna ina mbíonn comharthaí Gaeilge crochta mar cheantair ina bhfuil an tromlach Náisiúnach,” a dúirt Bunting. 

Sa pholasaí atá ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste do chomharthaí sráide, aithnítear go bhféadfadh ‘carachtar pobail’ difriúil a bheith ag stráicí áirithe den sráid chéanna agus nach mbeadh sé cuí caitheamh leis an tsráid uile ar an gcaoi chéanna. 

Dúirt Bunting gur cheart caitheamh le Sráid Clifton dá réir agus dá mbeadh comhartha nua le cur in airde ar an gcuid den tsráid gar don Carlisle Circus, gur i mBéarla amháin ba chóir dó a bheith. 

Níor éirigh le rún Bunting, cúig vóta in aghaidh a deich, ach d’éirigh le rún a mhol go gcuirfí an cinneadh faoi na comharthaí sráide ar athlá go dtí mí Eanáir chun an freagra deireanach sin ar an suirbhé a fháil. 

Fiú má chuireann an freagra sin i gcoinne na gcomharthaí, d’fhéadfaí iad a chrochadh.  

Rinneadh suirbhé ar an 14 áitritheoir ar Shráid Clifton agus bhí 64.3% ar son na gcomharthaí Gaeilge a chur suas. De réir pholasaí na Comhairle Cathrach, teastaíonn tacaíocht 66% chun comharthaí i dteanga eile seachas an Béarla a chur in airde ach tugadh comhairle dhlí don Chomhairle go bhféadfaí dul ar aghaidh agus comharthaí a chur in airde sa gcás nach mbíonn ach bearna bheag i gceist. 

Ghlac Comhairle Cathrach Béal Feirste ag tús na bliana le polasaí nua a dhéanfadh níos éasca é comharthaíocht sráide dhátheangach a chur ar fáil. 

De réir an pholasaí, atá le cur i bhfeidhm an bhliain seo chugainn, is féidir le duine atá ina chónaí ar shráid, nó comhairleoir áitiúil, achainí a dhéanamh ar son comhartha sráide Gaeilge. Má ghlacann 15% de na toghthóirí a chónaíonn ar an tsráid sin leis an moladh, glacfar leis. 

Athrú a bheadh ansin ar an riail mar atá. Faoi láthair bíonn ar an tríú cuid de na háitritheoirí ar an tsráid achainí a shíniú sula ndéanfar suirbhé ar mhianta an phobail. 

Fág freagra ar '‘Tugann comharthaí sráide Gaeilge le fios gur ceantar náisiúnach atá ann’ – conspóid eile faoi chomharthaíocht i mBéal Feirste'