‘Tugann an borradh atá faoin nGaeilge a lán dóchais dom’

Caitheann Tuairisc súil chun cinn ar 2026 leis an scríbhneoir Sadhbh Devlin, ar ghnóthaigh a leabhar An Fia sa Choill áit ar ghearrliostaí i nGradaim Leabhair An Post

‘Tugann an borradh atá faoin nGaeilge a lán dóchais dom’

Pictiúr: Patrick Bolger

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2026?

Ní duine mór rúin mé ós rud é go mbrisim iad nach mór láithreach i gcónaí! É sin ráite, déanfaidh mé liosta ‘aidhmeanna’ dom féin a bhfuil an bhliain iomlán agam chun iad a bhaint amach. Baineann sé sin cuid den bhrú ó bheith ‘go maith’ sna míonna is gruama sa bhliain.

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2026?

Beidh mé ag taisteal go Bologna i mí Aibreáin le freastal ar Bologna Children’s Book Fair den chéad uair. Beidh mé ag dul i gcomhluadar cuid de na cairde is fearr atá agam in earnáil na bpictiúrleabhar agus táim ag tnúth go mór leis an spreagadh a thabharfaidh an turas dom – chomh maith leis an pasta, na cístí deasa agus an ghrian a shú isteach.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2026?

Tá m’iníonacha ag tabhairt faoin Teastas Sóisearach i mbliana. Is cúpla iad, agus mar sin bíonn gach rud dúbailte i gcónaí – an strus ach go háirithe!

Céard é an t-imeacht nó ócáid is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2026?

Ba mhaith liom dul ar laethanta saoire le mo chlann i ndiaidh na scrúduithe – beidh an sos tuillte againn go léir measaim!

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2026?

Tugann an borradh atá faoin nGaeilge agus an spéis atá á léiriú ag daoine sa teanga faoi láthair a lán dóchais dom. Tá súil agam go leanfaidh sé sin ar aghaidh tríd 2026 agus níos faide. Tugann sé ardú croí dom daoine a fheiceáil ag cruthú nasc lena gcultúr gan an náire iarchoilíneach ghránna sin ina n-aigne acu.

Céard é an rud is mó gur mhaith leat a bhaint amach in 2026?

Leanúint orm mar scríbhneoir! Is post sách neamhshocair é i gcónaí agus bím buartha gach bliain nach n-éireoidh liom an chéad leabhair eile a dhíol, mo dhóthain ioncaim a shaothrú, srl. An aidhm is mó a bhíonn agam i gcónaí ná post inmharthana a chruthú dom féin ag déanamh an rud a bhfuil grá agam dó.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2026, céard a d’athrófá?

Tá oiread sin rudaí gur gá feabhas a chur orthu sa tír seo ionas go mbeadh cothromaíocht níos fearr ann do dhaoine – tithíocht, costas maireachtála agus eile. Ba bhreá liom féin dá mbeadh feabhas curtha ar an gcóras taistil poiblí fud fad na tíre ionas go mbeadh sé ina fhíor-rogha ag daoine é a úsáid. Níl sé maith go leor ar chor ar bith – go háirithe in áiteanna faoin dtuath.

Fág freagra ar '‘Tugann an borradh atá faoin nGaeilge a lán dóchais dom’'