Tuama ársa neamhghnách aimsithe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne

Deir an Dr Breandán Ó Cíobháin, seandálaí agus saineolaí go bhféadfadh go mbeidh an suíomh thar a bheith tábhachtach le cur lenár dtuiscint ar ghnásanna adhlactha na réamhstaire

Tuama ársa neamhghnách aimsithe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne

Pictiúr: Seán Mac an tSíthigh/Twitter

Tá tuama ársa neamhghnách a mheastar a tógadh le linn na Cré-umhaoise aimsithe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. 

Nochtadh an tuama le linn obair a bheith á déanamh ar fheirm i gCnoc a’ Bhróigín, laistiar den Daingean an tseachtain seo.

Tá cloch mhín ubhchruthach sa tuama agus cnámh a meastar gur cnámh duine í.

Bhí ionadaithe ón tSeirbhís Náisiúnta Séadchomharthaí sa Ghaillimh agus ó Ard-Mhúsaem na hÉireann i mBaile Átha Cliath ar an láthair inné, ach tá iniúchadh breise le déanamh sna laethanta amach romhainn.

Meastar ag an bpointe seo go bhféadfadh gur tuama dingeach ón gCré-Umhaois (2000BC-500BC) atá aimsithe ach tá tuilleadh tástálacha le déanamh.

Dúirt Muiris Ó Súilleabháin, Ollamh Emeritus le Seandálaíocht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ar An Saol Ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta, go bhféadfadh gur iarsma ós na Meánaoiseanna atá sa tuama ach dúirt sé gur buille faoi thuairim é toisc nach raibh sé féin ar an láthair.

Dúirt an Dr. Breandán Ó Cíobháin, seandálaí agus saineolaí ar an dinnseanchas le RTÉ go bhféadfadh go mbeadh an suíomh nua seo atá aimsithe thar a bheith tábhachtach le cur lenár dtuiscint ar ghnásanna adhlactha mhuintir na réamhstaire. 

Pictiúr: Seán Mac an tSíthigh/Twitter

“Tá an chuma air nár cuireadh isteach riamh ar an tuama seo agus go bhfuil sé díreach mar a bhí an chéad lá agus tá taisí daonna ann. Is annamh go deo a tharlaíonn sin. Fríth fhíorshuntasach í seo toisc bunstruchtúr an tuama a bheith slán agus gan aon chur isteach déanta air, rud b’fhéidir a tharlaíodh uaireanta i gcás tuamaí eile ar thángthas orthu.”

Dúirt an Dr Breandán Ó Cíobháin gur mhór an cúnamh do sheandálaithe treoshuíomh an tuama, an bealach a raibh a aghaidh, a fheiceáil.

“Tá roinnt mhaith tuamaí dingeacha againn in iardheisceart na hÉireann, go háirithe i gCiarraí agus i gCorcaigh. Siar nó siar ó dheas a bhíonn a n-aghaidh go hiondúil. Ní fios go cinnte cén fáth a bhí leis sin ach d’fhéadfadh gur ailíniú leis an ngealach nó leis na réalta a bhí i gceist. 

“Bíonn gnéithe neamhghnácha ag baint le cuid de na tuamaí seo, póirseáidí ar an ngob thiar, mar shampla amháin. Is deacair a mheas go fóill cén leagan amach atá ar an tuama seo toisc an chuid is mó de a bheith faoi thalamh,” a dúirt sé.

Ar thalamh príobháideach atá an tuama agus é an-éasca dochar a dhéanamh dó. Tá sé ina imní go bhféadfadh daoine a bheadh ag teacht ag féachaint ar an tuama tuilleadh dochair a dhéanamh don struchtúr. 

Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann fíorbhuíoch d’úinéir na talún as iad a chur ar an eolas faoin tuama gan aon mhoill.  

Fág freagra ar 'Tuama ársa neamhghnách aimsithe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne'