TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Oíche stairiúil agus an nuacht á léamh ag bean dhubh den chéad uair riamh

Daoine daite iad os cionn leath de dhaonra na Brasaíle, ach go dtí oíche Shathairn seo a chuaigh thart, níor chuir duine dubh príomhfheasachán nuachta i láthair riamh

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Oíche stairiúil agus an nuacht á léamh ag bean dhubh den chéad uair riamh

Tharla go raibh mé i dteach mo mhuintire Brasaílí, ag breathnú ar an teilifís, nuair a tharla réabhlóid chiúin, gan choinne, sa Bhrasaíl. Oíche Shathairn seo a chuaigh thart. Den chéad uair riamh, bhí an Jornal Nacional, príomhfheasachán nuachta an stáisiúin uilechumhachtaigh Globo, á chur i láthair ag bean dhubh.

Ba bheag nár léim máthair m’iarchéile, Naná, aníos den tolg nuair a thosaigh an nuacht.

‘Maju! Is í Maju atá ann! Tá Maju ag léamh na nuachta!’

Bean dhubh í máthair m’iarchéile. Tá sí seasca bliain d’aois. Tá cónaí uirthi i dtír inar daoine daite iad os cionn leath den daonra – ach go dtí oíche Shathairn seo a chuaigh thart ní fhaca sí an nuacht náisiúnta á léamh ag duine ar aon dath léi féin riamh, baineann nó fireann.

Iriseoir 40 bliain d’aois í Maria Júlia Coutinho, nó ‘Maju’, mar is fearr aithne uirthi. Le roinnt blianta anuas, bhí an aimsir á cur i láthair aici ar an Jornal Nacional, agus ó am go chéile sheasadh sí isteach do léitheoirí nuachta eile ar fheasacháin a chraoltar níos luaithe sa lá, ach as seo amach beidh sí ina comhláithreoir ar an gclár nuachta laethúil is tábhachtaí sa tír.

Bhí sé thar am ag a leithéid tarlú. Le blianta fada anuas tá stáisiúin teilifíse na Brasaíle (go háirithe Globo, an ceann is mó acu ar fad) á gcáineadh go géar ag an bpobal dubh sa tír toisc nach mbíonn ach dornán daoine daite le feiceáil ar an scáileán. Sna sobaldrámaí a bhfuil oiread sin tóir ag muintir na Brasaíle orthu, ní bhíonn an phríomhpháirt ag duine dubh riamh agus déantar steiréitíopáil go minic ar dhaoine dubha sna páirteanna tánaisteacha: glantóirí iad, tiománaithe tacsaí, nó coirpigh.

Ba léir don dall, áfach, go gcasfadh an taoide lá éigin – agus go deimhin b’iomaí duine a cheap gurb í Maju a chasfadh í. Mar sin féin, tháinig an lá mór gan choinne – agus rud suntasach ab ea é gur tháinig sé chomh gairid sin tar éis don uachtarán fíorchoimeádach Jair Bolsonaro, fear gur iomaí ráiteas diúltach déanta aige i dtaobh an phobail dhuibh, teacht i gcumhacht ag tús na bliana seo.

Léiriú é ceapachán Maju Coutinho ina comhláithreoir ar an gclár nuachta is mó lucht féachana sa Bhrasaíl nach n-éireoidh le polaitíocht na heite fíordheise, atá go mór i dtreis sa tír faoi láthair, stop a chur le próisis shóisialta áirithe atá ar siúl leis na scórtha bliain anuas – troid an phobail dhuibh, an phobail LADT agus go deimhin na mban ar son comhionannais.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Oíche stairiúil agus an nuacht á léamh ag bean dhubh den chéad uair riamh'

  • Fearn

    Más mall is mithid!

  • brian-less

    Bean ghorm?

  • Seán Ó Riain

    Bean ghorm, ar ndóigh!