TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Neamhord imní ag teacht ar an tír is mó sa leathsféar theas

Dúnmharú polaitiúil, iarracht ar dhúnmharú polaitiúil eile, calaois agus foréigean: ní dea-thuar don todhchaí ar tharla sa Bhrasaíl le mí anuas

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Neamhord imní ag teacht ar an tír is mó sa leathsféar theas

Tá an cháil ar mhuintir na Brasaíle gur dream réchúiseach iad, ach a mhalairt atá fíor. Tá neamhord imní ag cur as do 9.3% den daonra – an ráta is airde ar domhan, de réir fhigiúirí na hEagraíochta Domhanda Sláinte. 3.6% an meán domhanda.

Ach má bhreathnaímid ar an drochnuacht ar fad a tharla sa Bhrasaíl le mí anuas, is beag an t-iontas go mbeadh neamhord imní ag cur as do dhuine as gach deichniúr sa tír.

Ar an 14 Márta, dúnmharaíodh Marielle Franco, comhairleoir cathrach de chuid an Pháirtí ar son an tSóisialachais agus na Saoirse (PSOL) i gcathair Rio de Janeiro, agus í ar a bealach abhaile ó ócáid do chearta daonna. 

Bean óg dhubh agus ball den phobal LADT ba ea Marielle Franco a labhraíodh amach go neamhbhalbh in éadan fhoréigean na bpóilíní i gcoinne an phobail dhuibh i gcathair Rio de Janeiro. Dúnmharaíodh tiománaí Marielle Franco san ionsaí freisin. 

Níl dabht ar dhuine ar bith ach gur dúnmharú polaitiúil a bhí ann agus tá leideanna láidre ann gurbh iad na póilíní féin a bhí taobh thiar de. Tá a n-imní léirithe faoin scéal ag na Náisiúin Aontaithe agus tá brú á chur ag an eagraíocht sin ar an mBrasaíl an cás a réiteach a luaithe agus is féidir, ach níl aon dul chun cinn déanta ó shin.

Ba bheag nár tharla dúnmharú polaitiúil eile ar an 27 Márta, nuair a scaoileadh urchair le busanna fheachtas uachtaránachta an iar-uachtaráin Lula i stát Paraná, i ndeisceart na Brasaíle. 

Beidh toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl i mí Dheireadh Fómhair ach ní fios go fóill an mbeidh cead ag Lula páirt a ghlacadh ann: anuraidh, ciontaíodh an t-iar-uachtarán iomráiteach as breabanna a ghlacadh agus cé go bhfuil a chuid dlíodóirí fós ag cur i gcoinne na breithe sin tá seans ann gur i bpríosún a bheidh sé lá an toghcháin.

Ní raibh Lula féin ar cheann ar bith de na busanna ar scaoileadh urchair leo agus níor gortaíodh éinne, ach léiriú í an eachtra agus ar dúradh ina diaidh ar an aeráid pholaitiúil nimhneach sa Bhrasaíl i láthair na huaire. 

‘Mar a chuirfeas tú a bhainfeas tú’ a dúirt Geraldo Alckmin, iarrthóir uachtaránachta eile, nuair a chuala sé faoin ionsaí ar bhusanna Lula, cé gur mhaolaigh sé an ráiteas sin ó shin.

Faraor, ní hé Geraldo ‘mar a chuirfeas tú a bhainfeas tú’ Alckmin, polaiteoir atá ar dheis ón lár agus atá ina ghobharnóir ar stát São Paulo faoi láthair, an t-iarrthóir is conspóidí i rás uachtaránachta na tíre is mó sa leathsféar theas. Sin é Jair Bolsonaro, fear a chuirtear i gcomparáid go minic le Donald Trump.

Murar leor dúnmharú Marielle Franco, an t-ionsaí ar fheachtas Lula, agus an baol go dtoghfar macasamhail Trump ina uachtarán i mí Dheireadh Fómhair, bhris scannal nua caimiléireachta an tseachtain seo caite. Tá fiosrúchán ar siúl féachaint ar ghlac uachtarán reatha na tíre, Michel Temer, le breabanna ó chomhlachtaí calafoirt. Ní hé seo an chéad uair, ar ndóigh, ag Temer a bheith á lua le calaois agus caimiléireacht agus beidh le feiceáil an mairfidh a rialtas, nach bhfuil meas ar bith ag an bpobal air, go lá an toghcháin.

Na drochscéalta sin ar fad agus an foréigean leanúnach – 60,000 dúnmharú in aghaidh na bliana – san áireamh, ní iontas ar bith é go bhfuil neamhord imní ar a oiread Brasaíleach agus atá. Is é an trua é, óir mothúcháin iad imní agus faitíos, scéin agus scanradh, a dtiocfaidh gríosóirí pobail ar nós Jair Bolsonaro i dtír orthu. 

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Neamhord imní ag teacht ar an tír is mó sa leathsféar theas'