Seachtain i ndiaidh na tubaiste mianadóireachta a d’fhág na céadta marbh i stát Minas Gerais i gceartlár na Brasaíle, tá ceisteanna á gcur sa tír sin faoi chur chuige an stáit maidir le cúrsaí timpeallachta. Ach an gcuirfear beartais i gcrích chun tragóid dá leithéid a chosc amach anseo? Ní haon ábhar dóchais ar tharla – nó nár tharla – tar
éis a macasamhail de thubaiste trí bliana ó shin.
Ar an 25 Eanáir, bhris damba de chuid an chomhlachta mhianadóireachta Bhrasaíligh Vale i mbaile Brumadinho. Réab rabharta láibe trí chaifitéire ina raibh na céadta oibrithe de chuid an chomhlachta ag ithe.
Agus an t-alt seo á scríobh, bhí coirp 134 duine faighte agus 199 duine fós ar iarraidh. Tarrtháladh nach mór 400 duine ón láib agus iad fós ina mbeatha.
I mí na Samhna 2015, tharla a macasamhail de thubaiste gar do bhaile Mariana, 120 ciliméadar soir ó dheas. Maraíodh naoi nduine dhéag sa tubaiste sin agus rinneadh scrios ar an mbeatha sa Rio Doce nuair a sciorr rabharta láibe truaillithe isteach san abhainn sin. Ba le fochomhlacht de chuid Vale, Samarco, an damba a bhris sa chás sin.
Gearradh €83 milliún d’fhíneálacha ar Samarco tar éis tubaiste 2015, ach go dtí an lá atá inniu ann níor íoc an comhlacht oiread agus pingin díobh.
I stát Minas Gerais amháin, tá os cionn ceithre chéad damba cosúil leis na cinn a bhris, agus deir na húdaráis nach féidir leo barántas a thabhairt faoi shábháilteacht dhá cheann déag acu sin. Ach níl sa tír ar fad ach ceathrar cigirí chun monatóireacht a dhéanamh ar na dambaí – an líon céanna agus a bhí ann trí bliana ó shin, nuair a bhris an damba i Mariana.
Theip ar iarrachtaí a rinneadh reachtaíocht a thabhairt isteach a chuirfeadh cosc ar dhambaí den chineál a bhris, dambaí a mbaintear úsáid astu chun dramhaíl mhianadóireachta choinneáil i dtaiscumair ollmhóra.
An tátal atá le baint as ar tharla – nó nár tharla – tar éis na tubaiste i Mariana ná go bhfuil mórchuid polaiteoirí de chuile dhath agus imir i bpócaí na gcomhlachtaí mianadóireachta.
Rialtas de chuid na heite clé, faoi stiúir Dilma Rousseff, a táinsíodh sa bhliain 2016, a bhí i gcumhacht nuair a bhris an damba i Mariana.
Bhí an nua-liobrálach Michel Temer i gceannas ar an tír go dtí deireadh na bliana seo caite agus in ainneoin na rabhadh ar fad ní dhearnadh aon rud a choiscfeadh tubaiste den chineál a tharla in Brumadinho ar an 25 Eanáir.
Tá sé geallta ag an uachtarán fíorchoimeádach Jair Bolsonaro, a insealbhaíodh ar an gcéad lá d’Eanáir, go gceadóidh sé mianadóireacht i gceantar na hAmasóine agus go gcuirfidh a rialtas srian le rialacha timpeallachta a chuireann bac, dar leis, ar fhorbairt eacnamaíoch na Brasaíle.
An athróidh an tubaiste a tharla in Brumadinho seachtain go leith ó shin dearcadh an uachtaráin nua?
Ní haon ábhar dóchais é easpa gnímh na n-uachtarán a bhí i gcumhacht roimhe.
Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ceisteanna á gcur faoi thubaiste mhianadóireachta Brumadinho…'