TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: an ‘dara maidhm’ tosaithe, ach caint ar bith ar shrianta a mbeadh téagar iontu

Agus os cionn 177,000 duine a raibh Covid-19 orthu tar éis bháis sa tír is mó i Meiriceá Theas, tá ardú mór ar líon na gcásanna nua ach tá drogall ar na húdaráis agus ar an bpobal araon roimh shrianta 

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: an ‘dara maidhm’ tosaithe, ach caint ar bith ar shrianta a mbeadh téagar iontu

Agus mé ag rothaíocht ar bhóthar an chósta i gcathair Salvador Dé Domhnaigh seo a chuaigh thart, rith nath cainte i bPortaingéilis liom a mbaintear úsáid as go mion minic anseo sa Bhrasaíl: salve-se quem puder.

‘Go sábhála gach duine a bheatha féin’ an Ghaeilge a chuirfinn air sin.

Tá líon na gcásanna nua den Covid-19 sa tír níos airde ná mar a bhí le dhá mhí anuas agus tá spás ag éirí gann arís in ionaid dianchúraim na n-ospidéal. Is ríléir ó na tuairiscí nuachta go bhfuil ‘an dara maidhm’ buailte linn sa Bhrasaíl, ach ní cheapfá é ag breathnú i do thimpeall. An deireadh seachtaine seo a chuaigh thart cibé ar bith, bhí na tránna agus an phromanáid anseo i gcathair Salvador plódaithe agus cé go raibh masc á chaitheamh ar a n-aghaidh ag mórchuid daoine, tá líon na ndaoine nach gcaitheann masc amuigh faoin aer, áit nach bhfuil a leithéid riachtanach, ag dul i méid.

Agus caint ar vacsaín ar bhéal chuile dhuine, tá cinneadh déanta ag an bpobal, shílfeá, go bhfuil an phaindéim thart. Bhodhródh tost na n-údarás thú: beartais éadroma agus fíoráitiúla as an áireamh, níl aon chaint ar shrianta dianghlasála a thabhairt isteach arís a chuirfeadh as don eacnamaíocht. Beidh deireadh ag teacht i gceann míosa leis an gcúnamh éigeandála dóibh siúd a bhí as post de bharr na paindéime; níl an t-airgead sa státchiste chun leanúint ar aghaidh leis na híocaíochtaí.

Ní hionann é sin ar fad is a rá, áfach, nach bhfuil daoine ann i gcónaí a chuireann srianta dochta dianghlasála i bhfeidhm orthu féin agus ar a ngaolta. Tá aithne agam ar neart daoine nach dtaobhaíonn ionad aclaíochta, trá, beár ná bialann toisc go bhfuil siad féin, nó duine atá in aontíos leo, go mór i mbaol ón ngalar.

Ach is é an chuma atá ar chúrsaí ná gur rogha phearsanta atá sa dianghlasáil sa Bhrasaíl inniu, seachas dualgas. Ar an drochuair, ní bhíonn na roghanna céanna ar fáil do chách, go háirithe i dtír chomh héagothrom agus an Bhrasaíl.

Ní raibh an t-aistriúchán a rinne mé ar ball ar an nath cainte úd, salve-se quem puder, go baileach cruinn. Ní hionann agus sa Phortaingéilis, ní féidir infinideach an bhriathair a chur sa mhodh foshuiteach sa Ghaeilge, rud a fhágann nach féidir an fhobhrí aicmeach nó go deimhin Darwineach a bhaineann leis thabhairt slán go héasca.

‘Go sábhála gach duine a mbíonn sé ar a chumas sin a dhéanamh a bheatha féin’ an t-aistriúchán ciotach, ach cruinn.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: an ‘dara maidhm’ tosaithe, ach caint ar bith ar shrianta a mbeadh téagar iontu'

  • Lorcán Bermingham

    Alt suimiúil.
    Dá mbeadh an freasúra pholaitiúil i gcumhacht in áit páirtí Bolsonaro, an mbeadh cúrsaí chomh scaoilte sin?
    Nó an é dearcadh na ndaoine go formhór cúis an scéil?