TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Deireadh curtha ag Maigh Eo le forlámhas Átha Cliath

Tá áit bainte amach ag Maigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann agus curaidh na hÉireann cloíte acu i gcluiche leathcheannais na hÉireann

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Deireadh curtha ag Maigh Eo le forlámhas Átha Cliath

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Maigh Eo 0-17 Áth Cliath 0-14 (Théis am breise)

Tá áit bainte amach ag Maigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann agus Áth Cliath cloíte acu i bPáirc an Chrócaigh anocht. Den chéad uair ó 2014, sáraíodh fir na príomhchathrach i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann agus cé eile a chuirfeadh deireadh le ré shárfhoireann Átha Cliath seo ach Maigh Eo.

Chas na foirne seo ar a chéile arís agus arís eile le deich mbliana anuas agus, arís agus arís eile, is ag Áth Cliath a bhí an cumas, an gliceas agus is leo a bhí an t-ádh leis na Connachtaigh a bhualadh. Faoi dheireadh, den chéad uair ó chluiche leathcheannais na hÉireann in 2012, d’éirigh le Maigh Eo an taoide a chasadh.

Tá neart tréithe, idir mhaith agus olc, léirithe ag foirne as Maigh Eo sa tréimhse sin agus léiríodh gach ceann de na tréithe sin sa chluiche leathcheannais seo. Bhí foireann James Horan go hainnis ar fad sa chéad leath agus gach cuma ar an scéal go mbeadh siad fágtha ar an dtrá fholamh arís in aghaidh Átha Cliath. Bhí Maigh Eo 0-10 in aghaidh 0-4 chun deiridh théis 35 nóiméad.

Thug Maigh Eo taispeántas dochreidte as sin go deireadh na himeartha, áfach. Aon uair go bhfuair duine d’imreoirí Átha Cliath seilbh liathróide, bhí sé plúchta ag beirt, triúr nó ceathrar i ngeansaithe glasa agus dearga. Bhí an díograis sin le feiceáil go minic in imirt Mhaigh Eo roimhe seo ach is minic freisin a theip ar thosaithe na foirne tairbhe a bhaint as an obair sin. Bhí uaireanta ann tráthnóna nuair a bhreathnaigh sé go mbeadh an scéal amhlaidh arís.

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Cé go raibh Maigh Eo go mór i gceannas sa dara leath, thóg sé tamall fada orthu a gcéilí comhraic a chur de dhroim seoil. Bhí cúig phointe idir na foirne go fóill agus deich nóiméad fágtha. Tháinig na pointí sách sciobtha ina dhiaidh sin agus fiú má tháinig, theastaigh cic ‘45′ ón gcúl báire Rob Hennelly chun an comhscór a chinntiú.

Bhí muid cúig nóiméad isteach in am breise faoin am go ndeachaigh Maigh Eo chun cinn sa chluiche den chéad uair. Tommy Conroy a fuair an scór tábhachtach sin. Agus Colm Basquel Átha Cliath sa loca pionóis fuair Darren Coen agus Ryan O’Donoghue cúilín an duine go luath ina dhiaidh sin agus bhí cuma na maitheasa ar Mhaigh Eo.

Bhí siad trí phointe chun cinn agus breis is 15 nóiméad fós le himirt, ach bhí Áth Cliath chomh leamh sin ó thús an dara leath nach raibh an chuma orthu go mbeadh siad in ann an bhearna a iamh.

Níor scóráil Áth Cliath, a bhí sa tóir ar a seachtú craobh as a chéile, ach ceithre phointe idir tús an dara leath agus deireadh na himeartha, breis is uair an chloig. Ba léir i rith na bliana go raibh deireadh ag teacht le ré Átha Cliath ach cúis iontais a bhí ann mar sin féin cé chomh bog is a scaoileadar le Corn Mhig Uidhir.

Bhí rudaí ag dul go maith sa chéad leath. Bhí Áth Cliath 0-4 in aghaidh 0-0 chun tosaigh théis deich nóiméad agus bhí ag éirí go maith le leithéidí Chiaráin Kilkenny, Con O’Callaghan agus Dean Rock. Bhí Paddy Small ar fheabhas ar fad sa chéad leath freisin – fuair sé pointe amháin agus chruthaigh sé ceithre nó cúig cinn eile.

Bhí Maigh Eo go mór i dtrioblóid agus iad gach pioc chomh dona agus a bhíodar sa chéad leath in aghaidh na Gaillimhe i gcluiche ceannais Chonnacht. Fágadh na tosaithe gan aon chúnamh agus fiú nuair a d’éirigh leo seilbh na liathróide a fháil, rinne siad an cinneadh mícheart arís agus arís eile. Rud amháin é buntáiste cúig phointe a thabhairt do Ghaillimh ag leath ama, rud eile ar fad ceann sé phointe a thabhairt d’Áth Cliath. Nó b’in a cheap muid.

Fuair Ryan O’Donoghue, Rob Hennelly agus Matthew Ruane pointí chun an bhearna a laghdú ach bhí an chuma ar an scéal gur thug an dara sos uisce scíth d’Áth Cliath. Fuair siad an chéad dá scór ina dhiaidh sin chun cúig phointe a chur idir na foirne ach choinnigh Maigh Eo orthu ag teacht.

Aidan O’Shea le Eoin Murchan. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

D’aimsigh Kevin McLoughlin, théis obair iontach ó Diarmuid O’Connor; O’Donoghue agus Tommy Conroy, scór agus nuair a fuair O’Donoghue cic saor eile ceithre nóiméad isteach in am cúitimh, ní raibh ach aon phointe amháin idir na foirne.

Rinne Evan Comerford, Brian Howard agus David Byrne Átha Cliath iarracht seilbh a choinneáil ar an liathróid agus an t-am a mheilt ach rinneadar praiseach de agus tugadh deis do Rob Hennelly na foirne a chur ar comhscór le cic 45. Chuir Hennelly, a bhí ina cheap milleáin ag Maigh Eo in aghaidh Átha Cliath roimhe seo, an chéad iarracht amú ach thug an réiteoir Conor Lane seans eile dó mar gheall ar phleidhcíocht a bheith ar siúl ag imreoirí Átha Cliath. Choinnigh Hennelly guaim air féin agus sheol sé an liathróid idir na postaí.

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Bhí ruaille buaille ann ansin agus Philly McMahon agus Aidan O’Shea, a bhí bainte den pháirc le fada faoin am sin, istigh ina lár. Bheartaigh Lane na foirne a chur i dtreo na seomraí feistis. Bhí an troid imithe as Áth Cliath, áfach, agus bhí an méid sin soiléir in am breise.

Maigh Eo. R. Hennelly (0-3, 0-2 ó chiceanna saora, 0-1 ó chic ‘45); P. O’Hora, L. Keegan (0-1), M. Plunkett; P. Durcan, S. Coen, E. McLaughlin; M. Ruane (0-1), C. Loftus (0-1); D. O’Connor, K. McLoughlin (0-1), D. McHale; T. Conroy (0-3), A. O’Shea, R. O’Donoghue (0-4, 0-2 ó chiceanna saora, 0-1 ó mharc). Fir Ionaid: E. Hession in áit D. McHale (27 nóim) B. Walsh in áit M. Plunkett (48 nóim), J. Carr in áit A. O’Shea (48 nóim), J. Flynn (0-1) in áit E. McLaughlin (57 nóim), C. O’Shea in áit C. Loftus (64 nóim), D. Coen (0-1) in áit S. Coen (70+5 nóim), C. Loftus in áit K. McLoughlin (80 nóim), J. Durcan in áit J. Carr (84 nóim), B. Harrison in áit D. O’Connor (86 nóim), A. O’Shea in áit D. Coen (90+1 nóim)

Áth Cliath: E. Comerford; M. Fitzsimons, D. Byrne, E. Murchan; J. McCarthy, S. Small, J. Cooper; B. Fenton, B. Howard; P. Small (0-2), C. Kilkenny (0-3, 0-1 ó mharc), N. Scully; D. Rock (0-7, 0-5 ó chiceanna saora), C. O’Callaghan (0-1), C. Costello. Fir Ionaid: C. Basquel in áit C. Costello (48 nóim), T. Lahiff in áit J. Cooper (52 nóim), S. Bugler (0-1) in áit N. Scully (61 nóim), S. MacMahon in áit E. Murchan (66 nóim), P. McMahon in áit S. MacMahon (70+6 nóim), R. McDaid in áit J. Small (80 nóim), A. Byrne in áit B. Howard (81 nóim), C. Costello in áit P. Small (84 nóim)

Réiteoir: Conor Lane

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Deireadh curtha ag Maigh Eo le forlámhas Átha Cliath'