TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: An lá le Luimneach agus Gaillimh curtha de dhroim seoil acu faoi dheireadh

D’íoc Gaillimh go daor as a míchruinneas i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus is iad Luimneach a thabharfaidh aghaidh ar Phort Láirge i gcluiche ceannais na hÉireann

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: An lá le Luimneach agus Gaillimh curtha de dhroim seoil acu faoi dheireadh

Aaron Gillane, Luimneach, agus cosantóirí na Gaillimhe fágtha ina dhiaidh aige. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Luimneach 0-27 Gaillimh 0-24

Cluiche leathcheannais Chraobh Iománaíochta na hÉireann 2020

Páirc an Chrócaigh

Thóg sé 80 nóiméad crua orthu ach d’éirigh le hiománaithe Luimnigh Gaillimh a chur de dhroim seoil faoi dheireadh chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Port Láirge faoi cheann coicíse.

Ba iad fir Luimnigh ab fhearr ar feadh cuid mhaith de chluiche an lae inniu i bPáirc an Chróchaigh ach ní raibh siad in ann buille maraithe na muice a bhualadh ar Ghaillimh. Bhí Luimneach cúig phointe chun tosaigh tar éis 52 nóiméad, 0-22 in aghaidh 0-17, ach fuair Gaillimh cúig cinn de phointí as a chéile chun na foirne a a chur ar comhscór agus deich nóiméad fágtha.

Buaileadh drochbhuille ar Ghaillimh ansin nuair a bhí ar Joe Canning an pháirc a fhágáil tar éis dó a chloigeann a bhualadh in aghaidh a chomrádaí, Joseph Cooney. Ag Canning a bhí 0-12 faighte, ceithre cinn de phocanna sleasa iontacha ina measc, ach ní hamhlaidh gur thit an tóin as Gaillimh agus é imithe.

Go deimhin, bhí an fear a tháinig isteach in áit Canning, Evan Niland, ar fheabhas. Scóráil sé poc saor den scoth agus fuair sé pointe iontach eile. Fuair Fintan Burke pointe thar cionn ó phoc sleasa chomh maith in am cúitimh.

D’fheabhsaigh Luimneach nuair ba ghéire a theastaigh feabhas, áfach. Nuair is mó a bhí an cluiche idir dhá cheann na meá ba mhó a bhí an bhearna idir na foirne le feiceáil. Agus iad ar comhscór, chuir Tom Morrissey drochiarracht amú ach, cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, bhí deis eile aige ó uillinn níos géire agus bhí an mhuinín aige tabhairt fúithi. Ní dhearna sé an botún céanna.

Ón bpoc amach, fuair Luimneach seilbh na liathróide arís agus chuir an t-ionadaí Adrian Breen dhá phointe chun tosaigh iad, 0-25 in aghaidh 0-23 agus gan ach trí nóiméad fágtha.

Cian Lynch ag ceiliúradh ©INPHO/Tommy Dickson

Laghdaigh Gaillimh an bhearna arís ach theip orthu seilbh a choinneáil ar an liathróid nuair a tháinig uair na cinniúna.

Agus ní den chéad uair é sa chluiche, chlis ar phoc amach Éanna Murphy agus bhuail an cúl báire an liathróid díreach chuig Morrissey, a thapaigh an deis dhá phointe a chur idir na foirne.

Rinne Gaillimh iarracht an liathróid a sheoladh suas an pháirc le pasanna gearra ach chaill siad seilbh an tsliotair arís. Bronnadh poc saor ar Luimneach agus chinntigh Morrissey gur acu a bheadh an bua.

Rinne Luimneach scrios ar phocanna amach na Gaillimhe ó thús deireadh agus is leis an gcúl báire a thosaigh fadhbanna na Gaillimhe. Cé go bhfuil cáil bainte amach ag Éanna Murphy lena chumann as a chruinne is a bhíonn sé ag seachadadh na liathróide, ní mar sin a bhí inniu aige agus seilbh buaite ag Luimneach arís agus arís eile ó phocanna amach.

Sa chéad leath amháin, sciob Luimneach leo seacht gcinn de phocanna amach na Gaillimhe. Nuair a d’aimsigh Tom Morrissey an chéad phointe do Luimneach sa naoú nóiméad, chuir Murphy an poc amach díreach thar an taobhlíne. Cúig nóiméad ina dhiaidh sin, bhí an t-ádh dearg air gur theip ar Luimneach aon scór a fháil nuair a bhuail sé an sliotar díreach chuig Graeme Mulcahy.

Lena cheart a thabhairt do Murphy, rinne sé ceithre shábháil iontach le linn an chluiche chun Luimneach a choinneáil amach ach d’íoc Gaillimh go daor as a dteip seilbh a fháil ar an liathróid.

Thug na botúin deis do Luimneach teacht ar ais sa chluiche mar is cinnte gurbh fhearr an tús a chuir Gaillimh leis an imirt. Ba iad a d’aimsigh na chéad trí scór den choimhlint agus bhí siad cúig phointe chun tosaigh tar éis 15 nóiméad, 0-7 in aghaidh 0-2.

Ní raibh an díograis ná an cruinneas a bheifeá ag súil leis le feiceáil ó Luimneach sa tréimhse sin ach nuair a dhúisigh siad, ní raibh Gaillimh in ann acu. Sa 20 nóiméad idir an sos uisce agus leath ama scóráil siad 11 pointe, i gcomparáid le sé cinn ó Ghaillimh.

Kyle Hayes, Luimneach agus Gearóid McInerney, Gaillimh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí línte leathchúlaithe agus leatosaithe Luimnigh go mór i gceannas ar a gcéilí comhraic agus Diarmuid Byrnes, Tom Morrissey agus Gearóid Hegarty go háirithe ag déanamh ar fheabhas ar fad.

Imirt ealaíonta Joe Canning a chinntigh go raibh Gaillimh fós san imirt ag leath ama. Scóráil fear Phort Omna trí cinn de phocanna sleasa sa chéad leath amháin ach, mar sin féin, ach oiread le tosaithe eile na Gaillimhe, bhí sé deacair ar Canning dul i bhfeidhm ar an imirt. Bhí an t-ádh orthu nach raibh siad ach dhá phointe chun deiridh ag leath ama, 0-15 in aghaidh 0-13.

D’fheabhsaigh rudaí do Ghaillimh sa dara leath agus do Conor Whelan go háirithe ach bhraith siad uathu Cathal Mannion a d’fhág an pháirc sa chéad leath agus é gortaithe.

Beidh taispeántas i bhfad níos fearr ag teastáil ó Luimneach más leo an cluiche ceannais a bhaint an mhí seo chugainn ach seans gurb in mar is fearr le John Kiely é.

Tá neart oibre le déanamh ach beidh deis acu rudaí a chur ina gceart an mhí seo chugainn.

Poc i dtreo an chúil ag Tom Morrissey, Luimneach, le Adrian Tuohey, Gaillimh. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Gaillimh: É. Murphy; A. Harte, Daithí Burke, S. Cooney; S. Loftus, G. McInerney, J. Cooney (0-1); P. Mannion, J. Coen; J. Canning (0-12, 0-8 ó phocanna saora, 0-4 ó phocanna sleasa), C. Mannion (0-1), David Burke; B. Concannon (0-3), C. Cooney, C. Whelan (0-3). Fir Ionaid: A. Tuohey (0-1) in áit C. Mannion (23 nóim), F. Burke (0-1, poc sleasa) in áit David Burke (Leath ama), J. Flynn in áit C. Cooney (44 nóim), S. Linnane in áit S. Cooney (52 nóim), E. Niland (0-2, 0-1 ó phoc saor) in áit J. Canning (68 nóim)

Luimneach: N. Quaid; S. Finn, D. Morrissey, B. Nash; D. Byrnes (0-3, 0-1 ó phoc saor), D. Hannon (0-1), K. Hayes; D. O’Donovan, W. O’Donoghue; G. Hegarty (0-4), C. Lynch (0-2), T. Morrissey (0-6, 0-1 ó phoc saor); A. Gillanne (0-6, 0-5 ó phocanna saora), S. Flanagan (0-2), G. Mulcahy. Fir Ionaid: P. Casey (0-2) in áit G. Mulcahy (39 nóim), D. Reidy in áit D. O’Donovan (52 nóim), A. Breen (0-1) in áit S. Flanagan (61 nóim), P. O’Loughlin in áit D. Hannon (73 nóim), P. Ryan in áit A. Gillane (76 nóim).

Réiteoir: James Owens

 

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: An lá le Luimneach agus Gaillimh curtha de dhroim seoil acu faoi dheireadh'