TUAIRISC Ó MHEIRICEÁ: 600 lá caite agus is mó an ghaoth atá i seolta Clinton

Tá dorchadas de chineál fáiscthe anuas ar pholaitíocht Mheiriceá tar éis 600 lá toghchánaíochta

TUAIRISC Ó MHEIRICEÁ: 600 lá caite agus is mó an ghaoth atá i seolta Clinton

Tá sé ar an bhfeachtas is faide i gcúrsaí toghchánaíochta sa domhan uilig. 600 lá ó shin a d’fhógair an Seanadóir Ted Cruz (Poblachtánach as Texas) go mbeadh sé ag fiach ar ainmniúchán do thoghchán na hUachtaránachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí an rás tosaithe. Beagnach 300 lá ó shin a reáchtáladh an chéad réamhthoghchán. Bhí neart ama ag iarrthóirí agus ag an bpobal le cíoradh agus cur síos a dhéanamh ar na hábhair uilig. Ach, d’fhéadfadh sé go gcríochnódh sé ina dhorchadas – gan solas agus gan sólás.

Tá sé ina imní anois go múchfadh dreamanna atá sciliúil ar chórais ríomhaireachta na soilse le linn do thoghchán na hUachtaránachta a bheith ar bun amárach. 

Go deimhin, d’fhéadfadh sé go mbeadh sin ar an údar is lú imní ó thaobh ionsaithe ar an gcóras ríomhaireachta agus teicneolaíochta; an mbeadh an baol ann go bhféadfaí an córas vótála agus comhaireamh na vótaí a chur in aimhréidh agus as a riocht?

Meabhraíonn an imní seo faoin dorchadas dom na cúpla píosa comhrá a bhí agam beagnach mí ó shin in óstán i mBoston le feitheoir a bhí tagtha as an Eoraip ag coinneáil súil ar riaradh thoghchán seo na hUachtaránachta. Gearmánach a bhí ann – duine de thoscaireacht ón eagraíocht, Organisation for Security and Co-operation in Europe. Tá a gceanncheathrú acu i Vín. Déanann siad feitheoireacht go forleathan ar thoghcháin i dtíortha go leor agus 56 tír atá istigh faoi scáth na heagraíochta seo. 

Tuige Meiriceá, ceann de na tíortha is mó atá cleachta leis an daonlathas agus é sin bunaithe ar ráiteas Abraham Lincoln a mhaireann go síoraí ‘Government of the people, for the people and by the people?

Tharraing an feitheoir Gearmánach anuas na córais vótála éagsúla ar fud Mheiriceá agus é ag freagairt na ceiste sin. Ansin luaigh sé an córas ríomhaireachta. Bhí an feitheoir sin den bharúil go bhfuil an baol ag méadú ar na saolta seo go mbeadh duine/dream éigin in ann reáchtáil agus comhaireamh toghcháin a chur trína chéile. Ní féidir neamhshuim a dhéanamh den chontúirt sin, arsa an Gearmánach. Nuair a luaigh mé leis gurbh fhearr córas an phinn luaidhe agus an chomhaireamh láimhe, dúirt sé go mb’fhéidir é.

Ar fearr an barántas a bheadh ann go mbeadh cruinneas agus cinnteacht ag baint le toradh toghcháin dá mbeadh an seanchóras láimhe ann? Más ea, ar cheart go rachfaí ar ais ar an modh oibre sin sna tíortha atá imithe leis an ríomhaire agus leis an teicneolaíocht sna toghcháin? Arbh fearr a choinneodh an seanchóras bunchloch an daonlathais daingnithe mar a facthas d’Abraham Lincoln é?

Más baol dorchadais é aimsir an toghcháin féin, is iomaí sin duine a déarfadh go bhfuil dorchadas de chineál eile fáiscthe anuas ar pholaitíocht Mheiriceá théis 600 lá toghchánaíochta. 

Tá feachtas Hillary Clinton ag cur in iúl ó mhoch maidine gur bithiúnach é Trump. Taispeánann na pictiúir an focal ‘f’ ag teacht as béal Trump, é ag bagairt go mbuamálfaí an ‘cac’ as dream éigin agus é ag ceiliúradh a bua le Miss California. Ansin, taispeántar pictiúir de ghasúr agus tagann abairt ar an scáileán ‘our children are watching this’. Ní fhéadfaí a leithéid de dhuine a ligean i ngar don Teach Bán, a deirtear.

Ach, níl Trump ina chodladh. Tá a fheachtas siúd dá scaoileadh faoi Hillary. Coirpeach a bheidh os comhair na gcúirteanna fós í iarrthóir na nDaonlathach, a deir Trump. Ansin cá bhfuair Clinton a cuid airgid – bean a bhí ceaptha a bheith briste tar éis di féin agus a fear an Teach Bán a fhágáil. Ansin tarraingítear aird ar an Clinton Foundation- fondúireacht a chruinnigh na scórtha milliún dollar agus a bhfuil cruacheisteanna curtha fúithi. 

Ní bheadh sé inrásta a leithéid de dhuine a ligean isteach ina hUachtarán, a deir Trump.

Ní dóigh gur facthas a leithéid de ghangaid i bhfeachtas Uachtaránachta riamh, ná a laghad díospóireachta stuama faoi chúrsaí an náisiúin agus an tsaoil. Is fada le go leor daoine go mbeidh sé thart agus duine den bheirt – dá mhéid drochmheas atá ag go leor orthu beirt – curtha chuig an Teach Bán. Ach beidh aimsir ansin ann freisin.

Beag beann ar na pobalbhreitheanna a thaispeánann gur beag atá eatarthu is mó go mór gaoth atá i seolta Hillary Clinton. Tá oiread áirithe vótaí toghlaigh ag chuile Stáit (vótaí na gColáistí Toghcháin) agus is cosúil go mbeidh an báire le Clinton sna stáit mhóra. Teastaíonn 270 de na vótaí sin agus tá cosán i bhfad níos soiléire chomh fada leis an sprioc sin ag iarrthóir na nDaonlathach.

Idir an dá linn, beidh 34 toghchán Seanaid ar bun i Stáit éagsúla i Meiriceá Dé Máirt seo chugainn agus beidh lorg thorthaí na dtoghchán sin go láidir ar an Uachtarán nua – solas nó dorchadas. Níor éirigh le Barack Obama mórán cearta a bhaint as an Seanad ná as Teach na nIonadaithe i Washington; bhí ceannas ag na Poblachtánaigh. Má choinníonn na Poblachtánaigh an Seanad, beidh sé ina dhorchadas ag Clinton sa Teach Bán. Tar éis a bhfuil de spallaí caite sa bhfeachtas seo, ná bí ag súil le mórán comhréitigh. 

Níl an cineál seo aighnis agus easaontais i Washington ag cuidiú leis an saol sna Stáit.

Ach, is é an pobal a shocróidh é sin sna botháin vótála Dé Máirt – sin mura mbeidh dream anaithnid in ann dochar a dhéanamh sa dorchadas. Agus ba mheasa sin do Mheiriceá agus don daonlathas ná spallaí ar bith a chaithfí i bhfeachtais toghchánaíochta ná i dTithe na Comhdhála i Washington.

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó MHEIRICEÁ: 600 lá caite agus is mó an ghaoth atá i seolta Clinton'