Tuairín na Sliogán = Tooreennasliggaun? Bímis buíoch as logainmneacha Dhún Chaoin…

Nuair a chuireann leaganacha truaillithe, caillte, coillte de logainmneacha olc ar ár gcolúnaí bíonn sé buíoch as an tuairisc atá ar fáil i ‘Logainmneacha Dhún Chaoin’ ar phobal, ar chultúr, ar nósanna agus ar theanga a pharóiste féin le míle bliain anuas

Tuairín na Sliogán = Tooreennasliggaun? Bímis buíoch as logainmneacha Dhún Chaoin…

Bhíos thíos in Uíbh Ráthach tamall de laethanta ó shin agus mé ag féachaint chugam agus uaim ar mo shlí abhaile, ó is mó radharc suaithinseach a leagfá do shúil air thíos ar na bólaí úd. Is dócha, lena cheart féin a thabhairt d’Uíbh Ráthach, go bhféadfaí a rá go bhfuil sé ar dara háit is deise ar domhan, í ina tánaiste ag an leithinis atá lastuaidh trasna Bhá an Daingin uaithi.

Ach ba dhóbair go gcuirfeadh amharc amháin a tháinig os mo chomhair ar an gclaí mé. Rud chomh neafaiseach le comhartha bóthair, gan ach an t-aon logainm amháin air. Tuairín na Sliogán. Nach deas neamhurchóideach, fileata go deimhin, é mar logainm. Ach dá bhfeicfeadh sibh an abláil mhíshlachtmhar mhíthuisceanach mhíthrócaireach de phraistriúchán a bhí fairis ar an gcomhartha.

Tooreennasliggaun.

Ní mór ná gur chailleas smacht ar an mótar, bhí oiread goimhe orm go bhféadfaí glacadh le leagan chomh truaillithe, chomh caillte, chomh coillte, d’ainm. Ach ní haon scéal nua é sin domhsa – tá scríofa cheana agam i dtaobh ár logainmneacha agus na haistriúcháin gan ciall gan réasún orthu atá inghlactha sa tír seo le blianta móra fada. Murach an ceann scríbe a bhí agam, agus a bhfuil foghlamtha agam fé logainm na háite san le bliain anuas, bhíos tabhartha faoi  chomhartha Tooreennasliggaun lem’ haicsá.

Bhí sé de phribhléid agam bheith sáite i dtogra a tháinig chun foirfeachta agus chun coinlíochta Lá le Gobnait seo d’imigh tharainn – an leabhar Logainmneacha Dhún Chaoin. Bailiúchán d’os cionn 800 logainm ón bparóiste atá ann, maille le dinnseanchas, stair, seanchas agus téarmaíocht na n-ainmneacha úd. Tá tuairisc sna logainmneacha seo ar mhuintir, ar chultúr, ar nósanna, ar shlí bheatha agus ar theanga Dhún Chaoin le míle bliain anuas. Tobar gan sárú ar ár ndúchas iad ár logainmneacha, agus táimid go mór faoi chomaoin ag na bailitheoirí a chnuasaigh agus a chaomhnaigh iad.

Agus is mór an scamall an saibhreas teanga atá iontu. Focail ar nós  ‘praipín’ (tor beag),   ‘screathain’ (talamh garbh, tomach, clochach, ar fhána) ‘feórainn’ (talamh ar bhruach íseal na mara), ‘féith’ (talamh bog go mbíonn uisce ann), gort, páirc, móinéar, inse, fearann, caológ, faiche, leac, leaca, fochais, drom, branda, bealach. Téarmaí nach mbítear á n-úsáid a thuilleadh, nó a bhformhór pé scéal é, táid ag tabhairt an fhéir i teannta na ndaoine ar a rabhadar ar bharra a dteangacha acu.

(É sin ráite, is istigh sa Bhlascaod a ceapadh an píosa dinnseanchais ba fhileata agus ba dhoimhne dár scríobhadh riamh, nuair a bhreac Tomás Dhónaill Criomhthain an méid seo a leanas ina leabhar Dinnseanchas na mBlascaodaí: ‘An Gort Fada. Fuair an gort seo a ainm óna fhaid.’)

Níl ach fíorbheagán den 800 logainm úd go gcloisfeá iarracht an Bhéarla orthu, agus ó táid ag imeacht ón úsáid, ní dócha go mbeidh liobar droch-Bhéarla riamh orthu. Sólás éigin an méid sin.

Lá ‘le Gobnait i nDún Chaoin

Seo blaiseadh de Logainmneacha Dhún Chaoin:

  1. An Seanduine/ An Scológ: fochais carraige í seo lasmuigh de Liúir, i bpaiste farraige a bhíonn ana-shuaite. Bíonn taoidí anoir aniar aneas aduaidh timpeall na carraige seo, agus bhíodh sé de bhéas ag na seandaoine blúire tobac a chaitheamh i dtreo an tseanduine nuair a bheidíst ag gabháilt thairis. Nuair a bhíonn an fharraige suaite go maith agus cúrán bán ina thimpeall, bheadh an áit dainséarach, agus é de nath ag na hiascairí, “seachain an seanduine nuair atá sé á bhearradh féin.”
  2. Cuas a’ Chaca: Níl anso ach go gcuireann an t-ainm ag sciotaráil ar nós gearrchaile scoile mé. Ach bheadh an t-ainm seo úsáideadh, is dócha, dá mbeadh nath úd an Bhéarla á aistriú agat – “i gCuas an Chaca gan aon mhaide rámha agat.” (cuireann Poll Chaca Dá meangadh orm chomh maith. Nach leanbaí an fear mé.)
  3. Tobar na dTrí dTeorann (nó Tobar na gCeithre dTeorann): Tá sé seo laistíos de thigh tábhairne Khrúgair. Bhailigh leanaí scoile Dhún Chaoin an t-ainm seo mar pháirt de thogra a bhí ar siúl acu fé stiúir an mhúinteora Micheál Ó Dubhshláine sa bhliain 1982, agus seo cuid den méid a scríobhadar: “Tobar na dTrí dTeorann a thug Kruger ar a thigh tábhairne nuair a fuair sé ceadúnas don gcéad uair … deireann Micheál Mistéal go raibh leigheas ann, agus go bhfuil fós.” Tá sé íorónta, leigheas a bheith sa tobar, agus míle ceann tinn cruthaithe ag an dtábhairne lastuas de…
  4. Sconna Mhatha Chomáin: Eas atá ar an abhainn thuas sa sliabh é seo. ní fios cad é bunrúta an ainm, ach go mb’fhéidir gur Sconna Fhaiche an Chomáin atá ann le ceart. Pé scéal é, is dóigh liom go bhfuil rithim agus ceol iontach sa logainm seo.
  5. Crann Kane: Crann a chuir duine de mhuintir Chatháin sarar thug sé aghaidh ar Mheiriceá. Bhí rann beag coitianta sa pharóiste fé fhear a bhíodh ag bailiú na gcipíní a bhíodh ag titim ós na préacháin agus neadacha á ndéanamh acu thuas sa chrann. D’úsáideadh sé na cipíní chun tine a adhaint dó féin: ‘A Mhichíl Uí Chatháin, is beannaithe an duine tú/agus éiníní an aeir ag bailiú tine chugat’.

-Tá Logainmneacha Dhún Chaoin, Co. Chiarraí, le Comharchumann Dhún Chaoin Teo ar fáil sa Chaifé Liteartha sa Daingean, nó is féidir é a ordú ón gComharchumann féin.

Fág freagra ar 'Tuairín na Sliogán = Tooreennasliggaun? Bímis buíoch as logainmneacha Dhún Chaoin…'

  • brian ó daimhín

    Ba cheart fíneáil a chur orthu. Maith dom mo chuid litriú lochtach ach cad faoin ainm seo a leanas, a bhíonns suite ar an mbóthar go Cathair na Mart ar an taobh thuaidh den Caolaire atá in aice le Líonán?
    “an cúinne (atá) ag sciorradh go hIfreann”
    Níl sé ar aon chomhartha fós.

  • Mánus

    Go dtí le gairid sa Saorstáitín ní raibh seasamh dlíthiúil ag ainmneacha Ghaeilge na mbailte fearann toisc nach raibh siad san “Townlands’ index” a foillsíodh sa 19ú aois. Níl seasamh acu fós sna 6 condae.

  • Feardorcha

    Nár fearr go mór go raibh an chiall ag an té a chláraigh an ainm sin fréamh, fuaim agus bunbhrí na Gaeilge a chaomhnú seachas ‘Shell Green’ a thabhairt air?