Trump tofa ina uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá den dara huair

Tá Trump, atá 78, ar an duine is sine riamh a toghadh chun na huachtaránachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus is é an chéad duine a ciontaíodh as coir sa chúirt a toghadh chun na hoifige

Trump tofa ina uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá den dara huair

Tá bua stairiúil faighte ag Donald Trump i dtoghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an ceann is fearr faighte aige ar Kamala Harris.

1892 an t-aon uair eile ar éirigh le hiaruachtarán filleadh ar an dTeach Bán i ndiaidh gur theip air an dara ceithre bliana a fháil ar a chéad iarracht.

Tá Trump, atá 78, ar an duine is sine riamh a toghadh chun na huachtaránachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus is é an chéad duine a ciontaíodh as coir sa chúirt a toghadh chun na hoifige. Toghadh cheana é in 2016 nuair a fuair sé an ceann is fearr ar Hilary Clinton ach theip air in aghaidh Joe Biden in 2020.

Bhain an fear gnó agus réalta teilifíse amach an 270 vóta a theastaíonn chun buachan i gcóras an choláiste toghcháin nuair a fógraíodh go raibh an lá leis in Wisconsin, ceann de na stáit chinniúnacha sa toghchán.

Ag labhairt dó lena lucht tacaíochta roimhe sin, dúirt an Poblachtánach gur “bua iontach do mhuintir Mheiriceá” a bhí ann agus gur “ré órga” a bheadh ag Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Agus gan oiread áiméan idir an bheirt iarrthóirí roimh an lá cinniúnach, ba mhó fós an aird ar na stáit sin a athraíonn dath ar a dtoil agus bhí an chosúlacht ar an gcomhaireamh i ndiaidh tamaill go mbeadh an t-iaruachtarán ag triall ar an dTeach Bán athuair.

Trump a thug leis na chéad trí cinn de na seacht stát luaineach nuair a fógraíodh an bua dó in North Carolina, Georgia agus Pennsylvania, curadhmhír na stát sin mar go mbíonn 19 vóta coláiste mar thabhartas ag an mbuaiteoir. Agus vótaí fós le comhaireamh in Michigan, bhí Trump chun cinn sna stáit sin freisin.

Ag dul i laghad a bhí na deiseanna a bhí fágtha ag Harris an bua a fháil de réir mar a tháinig na vótaí isteach.

Dhá stát luaineach iad Arizona agus Nevada freisin, ach déantar go leor den vótáil tríd an bpost iontu agus beidh tamall ann sula mbeidh siad sin comhairthe mar is iad is deireanaí a chomhairtear.

D’éirigh luath go maith le Trump agus Harris stáit a bhuachan a rabhthas ag súil go mbeadh an bua acu iontu – bhí an lá le Trump in Florida, Texas agus stáit phoblachtánacha eile agus bhí an bua ag Harris in New York, Illinois, California agus stáit ghorma eile.

Ba mhó dóchas Trump go dtabharfadh bua in Pennsylvania, Georgia agus Carolina Thuaidh an uachtaránacht dó agus ba as Pennsylvania, Michigan agus Wisconsin, stáit an bhalla ghoirm, is mó a bhí muinín á cur ag lucht feachtais Harris.

Agus na vótaí á gcomhaireamh i stáit luaineacha amhail Pennsylvania, ba léir go raibh cuid mhór den cheart ag na pobalbhreitheanna ar fad a bhí ag comharthaíocht go raibh Donald Trump agus Kamala Harris i bhfoisceacht mbeannaí Dia dá chéile ó thaobh tacaíochta agus gan an ionga fhéin ag duine ar an duine eile.

Ach ba léir freisin go raibh Trump ag cruthú níos fearr sna stáit luaineacha agus nach raibh ag éirí chomh maith le Harris is a d’éirigh le Joe Biden i gcuid de na stáit sin in 2020.

Bhí Trump ag déanamh an-mhaith i measc an phobail Latino níos fearr ná mar a rinne sé in 2020 agus bhí ag éirí go maith leis freisin vótaí a fháil ó mhná de chine geal.

Ba chinniúnach an lá é an lá inné do phobal na Stát Aontaithe mar beidh polaitíocht agus beartais na Stát Aontaithe i lámha an bhuaiteora as seo go ceann ceithre bliana.

Bheadh an toghchán seo sa táin freisin ar chúis eile – chuirfeadh na vótálaithe an chéad bhean riamh go dtí an Teach Bán ina huachtarán nó chuirfeadh siad ar ais ann an chéad choirpeach atá ciontaithe sa bpost is sinsearaí sa tír.

Tháinig deireadh leis an vótáil i stát Georgia ag a 7pm, am an oirthir, an chéad stát de na seacht gcinn sin a raibh súil seabhaic á coinneáil ar na torthaí iontu ag an dá pháirtí.

Ba mhór i gceist stát Georgia ag Donald Trump in 2020 agus é ag áitiú go ndearnadh calaois vótála ansin. D’fhógair Trump go gairid tar éis a 2am oíche an chomhairimh féin go raibh bua amach is amach aige fhéin sa toghchán.

Ar ndóigh scaip an bhréag sin ar nós na gaoithe agus ba é a deireadh an t-ionsaí bagrach foréigneach a rinne lucht tacaíochta an iarUachtaráin ar an gCaipiteól in Washington ar an 6 Eanáir 2021, coicís sular insealbhaíodh Joe Biden ina uachtarán.

Ní fhéadfaí a rá go bhfuil a phort athraithe ag Donald Trump ó shin mar le roinnt seachtainí tá sé ag maíomh, gan aon bhunús, gur féidir le meaisíní vótála do vóta a athrú agus gur le calaois is séitéireacht an t-aon bhealach a bhféadfadh Kamala Harris an toghchán seo a bhuachan.

Vótáil an pobal inné freisin d’fheisirí nua Theach na Comhdhála, toradh a mbeidh an-tionchar aige ar rath an Uachtaráin nua a chuid nó a cuid pleananna a chur i gcrích. Bhí 435 suíochán Comhdhála le líonadh agus is iad na feisirí sin a rithfidh dlíthe agus a cheadóidh pleananna caiteachais as seo go ceann ceithre bliana. Ag an bPáirtí Poblachtánach atá tromlach sa Chomhdháil faoi láthair.

Tá 34 suíochán le líonadh sa Seanad agus beidh na daoine a thoghfar ag vótáil ar cheapacháin thábhachtacha sa Rialtas. Beidh tromlach ag na Poblachtánaigh sa Seanad i ndiaidh na vótála inné.

Ceann de na ceisteanna is mó a tharraing caint agus imní sa bhfeachtas seo ná ceist an ghinmhillte de bharr an cinneadh a rinneadh faoi Roe v Wade. Cuireadh ceist ar an mballóid ar na vótálaithe in 10 stát inniu cén chaoi ba chóir dá stát an ginmhilleadh a rialú.

Agus na hiarrthóirí ag cur bailchríoch ar a bhfeachtas fada achrannach inné, is mór a bhí idir an fhís a bhí ag an mbeirt do Mheiriceá sna blianta beaga seo romhainn. Sciolladh agus cáineadh a bhí ag Donald Trump do lucht a cháinte agus an dímheas fós aige ar imircigh. Fís dhearfach a d’fhógair Kamala Harris agus í ag áitiú nach mbeadh aon áit i Meiriceá don díspeagadh ná don fhuath. Ní rabhadar ar aon fhocal ach oiread faoin ngeilleagar, cearta ban ná faoin daonlathas féin.

Fág freagra ar 'Trump tofa ina uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá den dara huair'

  • cleasaí cantalach

    is léir domsa go bhfuil an SAM focáilte amach anseo – rinne harris jab lag agus í ag iarraidh iosrael a thacú an t-ám ar fad, ach focain hell…

  • Darren

    Réitigí na bunkers anois a fhearaibh…