Troid ‘an-fhíochmhar’ ar bun in Donbas, an tAE le cosc ar ola na Rúise a phlé arís

Tá a súil ag an Rúis le fada ar chathair Severodonetsk agus é mar chuspóir acu réigiún Luhansk ar fad a chur faoina smacht

Troid ‘an-fhíochmhar’ ar bun in Donbas, an tAE le cosc ar ola na Rúise a phlé arís

Severodonetsk i gceantar Donbas na hÚcráine

In olcas atá an troid ag dul tráth a bhfuil ceannairí an Aontais Eorpaigh ag teacht le chéile níos déanaí inniu sa Bhruiséil agus gan aon dul chun cinn déanta acu fós faoin gcéad bhabhta eile smachtbhannaí a bhíothas a bheartú.

Tá troid “an-fhíochmhar” ar bun i gcathair  Severodonetsk san Úcráin agus “cúrsaí an-dian” ansin, a dúirt gobharnóir sa réigiúin sin.

Tá sé breis is trí seachtaine anois ó mhol Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, go gcuirfí cosc iomlán ar cheannach ola ón Rúis i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana seo ach níl aon dul chun cinn déanta acu ó shin.

D’fhógair an Ungáir go dteastódh cúig bliana agus na billiúin euro ón tír sin chun uasghrádú a dhéanamh ar na scaglanna ola atá acu.

Cháin Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, an tAontas Eorpach an tseachtain seo caite toisc gan cinneadh críochnúil a bheith déanta fós acu faoin gcosc ar ola na Rúise.

Le roinnt seachtainí bhí aghaidh arm na Rúise ar chathair Severodonetsk,agus í á tuargaint ag airtléire chumhachtach Mhoscó.

Tá fórsaí na Rúise ag déanamh ar imeall na cathrach anois ón da thaobh.

Is léir gur mian le Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, cur leis na críocha atá faoi smacht na Rúise cheana féin in Donbas san oirthear, go háirithe i bhfianaise na mbuillí a buaileadh ar a arm i dtús an chogaidh.

In agallamh a rinne Sergei Lavrov, Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise, le stáisiún teilifíse TF1 na Fraince, rinne sé beag is fiú de na ráflaí nach raibh an tUachtarán Vladimir Putin ag fáil na sláinte leis.

Dúirt Sergei Lavrov go mbíonn Putin le feiceáil go rialta os comhair an phobail agus nach dóigh leis “go bhféadfadh aon duine atá ar a chiall aon chosúlacht tinnis ná anó a fheiceáil ar an bhfear sin”.

Dúirt Serhiy Haidai, Gobharnóir Luhansk, go raibh dul chun cinn á dhéanamh ag fórsaí na Rúise agus iad anois ar imeall Severodonetsk, cathair thábhachtach in oirthear na tíre.

Tá a súil ag an Rúis le fada ar Severodonetsk agus é mar chuspóir acu réigiún Luhansk ar fad a chur faoina smacht, cé go bhfuil a ndúshlán á thabhairt ag arm na hÚcráine.

Deir na húdaráis i Moscó gurb é an tosaíocht is mó atá acu réigiún Donbas ar fad a ghabháil – seanréigiún tionsclaíochta ina bhfuil Luhansk agus Donetsk.

Pléifidh ceannairí an AE cosc iomlán ar iompórtálacha ola ón Rúis inniu agus amárach, ach is deacair dóibh faic a dhéanamh gan toiliú na hUngáire.

Labhróidh Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, leo inniu agus é ag áitiú orthu tuilleadh smachtbhannaí a chur ar an Rúis.

Agus an banna ceoil as an Úcráin, Ceolfhoireann Kalush a thug leo comórtas na hEoraifíse i mbliana, ag ceolchoirm charthanachta i mBeirlín chuir siad trófaí na hEoraifíse, micreafón criostail, ar ceant ar Facebook. Fuair siad €838,000 air agus cuirfear an t-airgead ar fáil le dróin a cheannach d’arm na hÚcráine.

D’iarr an banna ar dhaoine gan neamhshuim a dhéanamh den chogadh a d’fhág 4,031 sibhialtach marbh, 4,735 eile leonta agus 14 milliún ar a dteitheadh óna dtithe féin go dtí seo.

 

Fág freagra ar 'Troid ‘an-fhíochmhar’ ar bun in Donbas, an tAE le cosc ar ola na Rúise a phlé arís'