Tá Scoil na nEolaíochtaí Sóisialta agus na Fealsúnachta ag lorg iarratas don phost mar Oifigeach Riaracháin. Oibreoidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis le Bainisteoir na Scoile agus leis an mBainisteoir Acmhainní Daonna chun tacaíocht leanúnach AD a sholáthar agus chun oibriú ar chlár athbhreithnithe, athraithe agus cur i bhfeidhm maidir le próisis inmheánacha AD laistigh den Scoil.
Ar fhoireann na Scoile, tá baill le róil acadúla, taighde agus ghairmiúla. Tá an Scoil tar éis fás ó 53 fostaí lánaimseartha go 113 fostaí lánaimseartha le blianta beaga anuas, ag méadú 32% in 2024/25 amháin agus tá tuilleadh leathnú foirne ar siúl, a bheidh cothrom le méadú breise 12% in 2025/26. Tá riachtanais AD méadaithe i gceist anois mar thoradh ar leathnú na Scoile le déanaí agus tá gá ann le hacmhainní méadaithe sa réimse feidhmiúil tábhachtach seo sa Scoil.
Is Scoil mhór ildisciplíneach í Scoil na nEolaíochtaí Sóisialta agus na Fealsúnachta, ina bhfuil ceithre Roinn (Eacnamaíocht, Fealsúnacht, Eolaíocht Pholaitíochta agus Socheolaíocht), agus é mar aidhm aici an tsochaí a thuiscint agus a fheabhsú trí oideachas agus taighde den scoth ar leibhéal domhanda. Cuireann an Scoil ocht gclár fochéime, seacht gclár iarchéime múinte, sraith clár Forbartha Gairmiúla Leanúnaí agus ceithre chlár struchtúrtha PhD ar fáil thar a ceithre Roinn chomhpháirteacha. Tá roinnt Ionad Taighde ag an Scoil, a chlúdaíonn gach ceann de na ceithre Roinn.
Beidh sealbhóir an phoist ina ghairmeoir AD le cúlra láidir i mbainistíocht sonraí, le scileanna den scoth i mbainistiú tionscadal, lena n-áirítear scileanna scríofa agus cur i láthair. D’oirfeadh an ról seo d’iarrthóir díograiseach nuálach solúbtha, atá in ann oibriú go maith i dtimpeallacht mhór, ildisciplíneach, acadúil agus taighde.
Stádas an phoist: Buan
Uaireanta an Phoist: 35 uair an chloig in aghaidh na seachtaine
Is é an 10 Eanáir ag 12.00pm an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bpost seo.
Tuilleadh eolais ar fáil ANSEO