Treoir tugtha d’iriseoirí Béarla RTÉ logainmneacha Gaeilge na Gaeltachta amháin a úsáid

Dúirt ceannasaí na nuachta in RTÉ gurb é an rud ‘ceart’ agus ‘ómósach’ é úsáid a bhaint as logainmneacha Gaeilge na Gaeltachta, ach go raibh níos mó ná sin i gceist

Treoir tugtha d’iriseoirí Béarla RTÉ logainmneacha Gaeilge na Gaeltachta amháin a úsáid

Jon Williams

Tá treoir tugtha d’iriseoirí nuacht an Bhéarla ar RTÉ úsáid a bhaint as logainmneacha oifigiúla Gaeilge na Gaeltachta amháin ina gcuid tuairiscí.

Ceannasaí na nuachta in RTÉ, Jon Williams, a thug an treoir don fhoireann i ríomhphost a bhfuil cóip de feicthe ag Tuairisc.

Dúirt Williams gur Seachtain na Gaeilge a bhí ann d’fhormhór daoine faoi láthair ach go mbíonn sé ina ‘seachtain na Gaeilge’ ag muintir na Gaeltachta gach seachtain eile den bhliain chomh maith.

“Agus ba chóir go dtuigimis an tábhacht a bhaineann leis an 50 seachtain eile den bhliain chomh maith,” arsa Williams.

“Tá na Ghaeilge lárnach sa chúram atá ar RTÉ. Tá beagnach 100,000 duine ina gcónaí sa Ghaeltacht, i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh agus Ciarraí agus i gceantair i gCorcaigh, an Mhí agus Port Láirge chomh maith.

“Labhraíonn go leor acu an Ghaeilge gach lá agus an áit a mbíonn siad sa bhaile ann is logainm Gaeilge an t-ainm a bhíonn acu air.

“Mar sin, má táimid le cur síos cruinn a dhéanamh ar a saol, nuair atá tuairiscí againn ón nGaeltacht ba chóir dúinne an rud céanna a dhéanamh.”

Dúirt Williams gurb é an rud “ceart” agus “ómósach” é úsáid a bhaint as logainmneacha Gaeilge na Gaeltachta, ach go raibh níos mó ná sin i gceist.

Thagair sé don ghealltanas a tugadh i scéim teanga a d’aontaigh RTÉ in 2018 go n-úsáidfí logainmneacha Gaeilge na Gaeltachta ina gcuid craoltóireachta agus cumarsáide go léir.

“Gach uair a théimid go dtí an Ghaeltacht agus a n-úsáidimid logainm Béarla, brisimid ár ngealltanas. Níos tábhachtaí ná sin, teipeann orainn meas a léiriú ar an lucht féachana agus éisteachta atá ina gcónaí ansin,” arsa Jon Williams.

Thug sé treoir shoiléir ansin don fhoireann cloí feasta le logainmneacha oifigiúla na Gaeltachta.

“Mar sin más ag tuairisciú ó cheantar Gaeltachta thú, nó más sa seomra nuachta thú ag scríobh faoi áit éigin sa Ghaeltacht, cuimhnigh má tá áit sa Ghaeltacht go bhfuil ainm Gaeilge air. Bain úsáid as. Go raibh maith agaibh as bhur gcúnamh.”

Is minic conspóid ann faoi úsáid logainmneacha Béarla i gcás ceantar Gaeltachta.

Tuairiscíodh le déanaí go raibh an Roinn Cumarsáide le comhairle dlí a lorg ón Ard-Aighne faoi thuarascáil de chuid an Choimisinéara Teanga inar dúradh go raibh an dlí fós á shárú acu ó thaobh úsáid logainmneacha Gaeltachta sa chóras Eircode.

Fágann an gealltanas i dtaobh úsáid logainmneacha Gaeltachta i scéim teanga RTÉ go bhfuil dualgas reachtúil orthu na logainmneacha Gaeilge a úsáid agus gur sárú ar an dlí teanga é aon uair a mbaintear úsáid as an leagan Béarla.

Is minic RTÉ á cháineadh faoina gcur chuige i leith na Gaeilge. Tá an craoltóir ag cur leis an méid Gaeilge a chraolann siad ó chinn an Coimisinéir Teanga in 2019 go raibh an dlí craolacháin á shárú acu toisc 99.3% dá sceideal teilifíse a bheith i mBéarla amháin.

Dé Céadaoin seo caite, lá sular scaip Jon Williams a threoir i leith na logainmneacha Gaeilge, cháin Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, dearcadh RTÉ i leith na teanga.

Agus ráitis Sheachtain na Gaeilge á dtabhairt sa Dáil, dúirt Éamon Ó Cuív:

“Ar an gcéad dul síos, tá an díospóireacht seo tábhachtach ach níor mhaith liom go gceapfadh daoine go bhfuil a gcuid déanta don bhliain agus nach gá an Ghaeilge a labhairt go ceann bliana arís.

“Tá cuid den dearcadh sin le feiceáil ar RTÉ. Déanann siad rudaí beaga simplí i nGaeilge an tseachtain seo gur féidir leo iad a dhéanamh ar feadh na bliana. Níl a fhios agam cén fáth nach leanann siad ar aghaidh leis. Ní bhíonn éinne ag tabhairt amach i rith seachtain Lá Fhéile Phádraig ach téann siad ar ais ar na sean-nósanna arís.”

Fág freagra ar 'Treoir tugtha d’iriseoirí Béarla RTÉ logainmneacha Gaeilge na Gaeltachta amháin a úsáid'