Torthaí 6,500 dalta le leasú de bharr earráidí i gcóras Ardteiste

Dúirt an tAire Oideachais nár chóir go dtarlódh na hearráidí a tharla ach mhaígh sí nach mbeadh aon dalta faoi mhíbhuntáiste dá mbarr

Torthaí 6,500 dalta le leasú de bharr earráidí i gcóras Ardteiste

An tAire Oideachais Norma Foley. Pictiúr: JULIEN BEHAL PHOTOGRAPHY / RollingNews.ie

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go bhfuil an chosúlacht air go mbeidh torthaí 6,500 dalta le leasú de bharr na n-earráidí a aimsíodh ar chóras ghráid mheasta na hArdteistiméireachta.

Gheobhaidh na daltaí seo grád amháin níos airde ná mar a fuair siad sna torthaí atá faighte acu.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley chomh luath agus a bheadh na torthaí cruinne eisithe, go n-aithneodh an Lároifig Iontrála (CAO) na daltaí sin nach bhfuair tairiscint ar áit ar a rogha cúrsa agus go bhféachfaí “conas a d’fhéadfaí freastal ar an daltaí sin”.

Dúirt sí nár chóir go dtarlódh na hearráidí a tharla ach mhaígh sí nach mbeadh aon dalta faoi mhíbhuntáiste dá mbarr.

Faoi chóras seo na ngrád measta, bhí sé i gceist torthaí an dalta sna trí chroí-ábhar, Gaeilge, Béarla, agus Matamaitic, a chur lena dtorthaí sa dá ábhar eile ab fhearr inar chruthaigh siad. Ach de bharr “earráid chódúcháin” ba iad a gcuid torthaí don dá ábhar ba mheasa inar chruthaigh siad a cuireadh sa gcomhaireamh.

An dara hearráid chódúcháin a rinneadh nár baineadh as an gcomhaireamh torthaí na ndaltaí san ábhar Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (OSSP) mar a bhí socraithe ag an Roinn Oideachais. Aon dalta a fuair grád níos airde de bharr na n-earráidí seo, fágfar acu an grád sin.

Aon dalta a chaill grád de bharr na n-earráidí, tabharfar an grád ceart dóibh anois.

Dé Céadaoin seo caite a chuir an comhlacht as Ceanada, a rinne an t-athbhreithniú ar chóras na ngrád measta, ar an eolas í féin faoi na hearráidí, a dúirt an tAire.

An Taoiseach Micheál Martin a d’fhógair sa Dáil inniu go raibh locht ar an gcóras.

Dúirt Uachtarán Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire (an ASTI) Ann Piggott gur “ábhar mór iontais” di a fháil amach faoin dá fhabht ar an gcóras.
Cháin an freasúra an rialtas as an tslí a láimhseáladh an scéal.

Dúirt urlabhraí oideachais pháirtí an Lucht Oibre Aodhán Ó Ríordáin gur údar “alltachta” a bhí sa scéal agus mhaígh sé go raibh “praiseach eile” déanta i dtaobh chóras na ngrád measta.

Dúirt urlabhraí Shinn Féin Donnchadh Ó Laoghaire gur “ábhar iontais amach is amach” a bhí sa scéal agus go raibh go leor ceisteanna le freagairt faoi.

Dúirt an Taoiseach gurb é an chéad rud a chaithfí a dhéanamh ná teagmháil a dhéanamh leis na daltaí a d’fhéadfadh gráid níos airde a bheith i ndán dóibh.

Bhí sé tábhachtach go gcabhrófaí leis na daltaí sin maidir le dul ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, arsa an Taoiseach.

 

Fág freagra ar 'Torthaí 6,500 dalta le leasú de bharr earráidí i gcóras Ardteiste'