Toiréasa Ferris ‘croíbhriste’ nach mbeidh sí ag seasamh do Dháil Éireann

Tá fógartha ag an nGaeilgeoir agus comhairleoir contae de chuid Shinn Féin go bhfuil comhairle dochtúra faighte aici gan ligint dá fadhbanna sláinte dul chun ainsil

Toiréasa Ferris ‘croíbhriste’ nach mbeidh sí ag seasamh do Dháil Éireann

Ní bheidh Toiréasa Ferris, Gaeilgeoir agus duine de na polaiteoirí i Sinn Féin is mó a bhfuil gealladh fúthu, ag seasamh sa chéad olltoghchán eile.

Bhí sé i gceist go seasfadh sí in áit a hathar, an Teachta Dála Martin Ferris nach bhfuil rún aige seasamh athuair don Dáil.

Dúirt sí gur go “drogallach” a thóg sí an cinneadh agus go raibh sí “croíbhriste” faoi.

“Is cinnte nach mbeadh an cinneadh seo tógtha agam dá mbeadh aon rogha eile agam. Níl mé ag iarraidh aon scéal mór a dhéanamh faoi ach bhí cúpla fadhb sláinte agam le tamall, faic a bhí tromhcúiseach, ba mhaith liom é sin a rá go soiléir. Ach thug dochtúir rabhadh dom le gairid go gcaithfinn cúpla athrú a dhéanamh ar a ghnóthaí is a bhíonn an saol agam le cinntiú nach dtéann na fadhbanna sin chun ainsil,” arsa Toiréasa Ferris.

Buille mór do Shinn Féin é cinneadh Ferris agus bhí dóchas mór ann go ndéanfadh sí an beart agus suíochán a hathar a choinneáil dá páirtí i gCiarraí.

 Aithnítear go forleathan cumas an chomhairleora contae atá 39 bliain d’aois. Beirt chlainne atá uirthi féin agus a céile agus í ag obair faoi láthair ar PhD sa dlí.

 Tuairiscítear gur raibh roinnt bheag daoine ar an eolas roimh ré nach raibh sé ar intinn aici seasamh san olltoghchán.

Reáchtálfar mí Lúnasa coinbhinsiún chun iarrthóir eile a roghnú ina háit.

Tá Toiréasa Ferris ina comhairleoir contae ó 2003. Roimhe sin, bhí sí ina ball d’Ógra Shinn Féin ina baile dúchais, Trá Lí, agus le cumann na hollscoile in Ollscoil Luimnigh. Thóg sí suíochán a hathar ar Chomhairle Contae Chiarraí nuair a toghadh Martin Ferris chun na Dála.

Ba í an chéad chomhairleoir de chuid Shinn Féin le bheith ina Cathaoirleach ar an gComhairle agus ba í an chéad Mhéara mná ar Thrá Lí í. Sheas sí do thoghchán Pharlaimint na hEorpa in 2009 ach níor éirigh léi suíochán sa Bhruiséil a bhuachan.

 

Fág freagra ar 'Toiréasa Ferris ‘croíbhriste’ nach mbeidh sí ag seasamh do Dháil Éireann'

  • Máirtín Ó Maolmhuaidh

    Is mór an trua nach mbeidh Toiréasa ina hiarrthóir san olltoghchán ach tá an ceart ar fad aici, ó thaobh chúrsaí shláinte de, gan a bheith ag dul sa tseans agus clann óg aici.