Toghchán 2016 – tuairisc agus tuar do na dáilcheantair – Tuaisceart Chúige Laighean

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

An Lu

Líon suíochán: 5

Contae Lú agus cósta Oirthear na Mí atá sa Dáilcheantar seo;

dhá bhaile mór ann, Dún Dealgán agus Droichead Átha. Níl aon athrú suntasach tagtha ar an Dáilcheantar ó 2011.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh an athuair: Gerry Adams (SF), Fergus O’Dowd (FG), Peter Fitzpatrick (FG) agus Gerald Nash (LO).

Iarrthóirí le Gaeilge: Gerry Adams (SF), Declan Breathnach (FF), Fergus O’ Dowd (FG).

Anailís: Toghadh Séamus Kirk (FF) i 2011 gan bheith ar an mballóid mar gurb é an Ceann Comhairle. Níl sé ag seasamh an uair seo. Leis an suíochán a choinneáil tá beirt ainmnithe ag Fianna Fáil, Declan Breathnach (FF) ó Dhún Dealgán agus Emma Coffey (FF) as Droichead Átha. Den bheirt acu is ag Breathnach is fearr atá an seans. Fuair sé 5,177 vóta i 2011 agus fuair sé 1,364 vóta sna toghcháin áitiúla . Ach aistriúchán réasúnta a fháil ó Coffey (FF), ba chóir go mbeadh suíochán aige.

Is cinnte go gcoinneoidh Gerry Adams (SF) a shuíochán agus seans maith go mbeidh an tarna iarrthóir de chuid Shinn Féin, Imelda Munster (SF), san iomaíocht don chúigiú suíochán. Is aici a bhí an vóta b’airde i gcontae Lú sna toghcháin áitiúla, le 2,317 vóta i gceantar Dhroichead Átha . Bhí 31% den vóta ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla i 2014. Dá n-éireodh le Sinn Féin an vóta sin a roinnt réasúnta cothrom idir Adams agus Munster toghfar an bheirt acu. An baol atá ann go mbeidh an iomarca vótaí ag Adams agus nach bhfaighidh Munster a dóthain den farasbarr.

Toghadh Fergus O’ Dowd (FG) le 13,980 vóta i 2011 (1,000 vóta taobh thiar de Adams).  Ba cheart go mbeadh a shuíochán slán, cé go bhfuil deartháir leis, Michael O’Dowd, ag seasamh le Renua. D’fhéadfadh Peter Fitzpatrick (FG) a shuíochán a chailliúnt. Tharraing sé aird air féin le bileog a thug le fios go raibh suíochán O’ Dowd slán agus gur mó a theastaigh na vótaí uaidh féin!

Pictiúr: Stephen Kilkenny/Photocall Ireland
Gerry Adams. Pictiúr: Stephen Kilkenny/Photocall Ireland

Beidh sé deacair ar an Aire Stáit Gerald Nash (LO) a shuíochán a choinneáil, gan ach 5% ag an bpáirtí sna toghcháin áitiúla. Beidh vóta don Lucht Oibre roinnte idir beirt, é féin i nDroichead Átha agus an Seanadóir Mary Moran (LO) i nDún Dealgan. Is deirfiúr í Mary Moran leis an iar-Fheisire Eorpach Emer Costello, bean chéile Joe Costello. Fuair Moran (LO) 4,546 vóta i 2011. An uair seo ní bheidh mórán thar 2,500 vóta aici. Beidh Nash ag brath ar aistriúchán maith uaithi le dul chun cinn ar Fitzpatrick (FG).

Toghadh Mark Dearey (CG) ar Chomhairle Chontae Lú i 2014. Níl aon seans aige ar shuíochán. Fuair sé 3,224 vóta i 2011. D’aistreodh a vóta i bhfábhar iarrthóirí ó Dhún Dealgán, agus buntáiste á thabhairt do Peter Fitzpatrick (FG) agus Maeve Yore (CN). 

Is iarrthóir láidir í Maeve Yore (CN), arb as Dún Dealgan di. Bhí 1,228 vóta aici sna toghcháin áitiúla i 2014. Tá Kevin Callan as Droichead Átha, a bhíodh i bhFine Gael ag seasamh leis an gComhghuaillíocht Neamhspléach chomh maith. Má aistríonn sciar maith dá chuid vótaí go Yore, beidh sí san iomaíocht go dtí an deireadh.

Beidh géar-iomaíocht ann don cheathrú agus don chúigiú suíochán, ceann ag dul go Dún Dealgán agus an ceann eile ag dul to Droichead Átha. Ar an gcaoi sin roghnóinn Peter Fitzpatrick (FG) thar Maeve Yore (CN) agus Imelda Munster (SF) thar Ged Nash (LO). 

Tuar: Adams (SF), O’ Dowd (FG), Breathnach (FF), Fitzpatrick (FG), agus Munster (SF).

An Mhi Thiar

Líon suíochán: 3

Níl aon athrú ar theorainneacha an dáilcheantair seo ó 2011. Tá cuid d’oirthear na hIarmhí anseo. An Uaimh, Baile Átha Throim agus Baile Átha Buí na príomhbhailte atá ann. I lár an dáilcheantair tá Gaeltacht na Mí – Ráth Chairn agus Baile Ghib.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh an athuair: Damien English (FG), Ray Butler (FG), Peadar Tóibín (SF).

Iarrthóirí le Gaeilge: Peadar Tóibín (SF), Séamus Mc Menamin (CG).

Anailís: Chaill FF dhá shuíochán anseo i 2011. Níor sheas Noel Dempsey agus bhí an vóta scoilte cothrom idir Johnny Brady agus Shane Cassells. An uair seo tá an Comhairleoir Shane Cassells, as An Uaimh, an t-aon iarrthóir atá ag Fianna Fáil. Comhartha maith dó go raibh 28% den vóta i gcontae na Mí ag Fianna Fáil sna toghcháin áitiúla i 2014. Más féidir le Cassells 20% den vóta a fháil ba cheart go mbeadh suíochán aige.

Thit vóta Fhine Gael go 22% sna toghchán áitiúla. Ar an gcaoi sin is deacair a fheiceáil go gcoinneoidh siad an dá shuíochán. Coinneoidh Damien English (FG) a shuíochán ach beidh Ray Butler ag brath ar aistriúcháin ón Lucht Oibre le fanacht sa rása. Ach ní mórán vótaí a bheas ag an iarrthóir Tracey Mc Elhinny (LO) le dáileadh.

Shane Castles
Shane Castles

Coinneoidh Peadar Tóibín (SF) a shuíochán. Seans maith go mbeidh sé ar bharr an chomhairimh. Tá déanta go maith aige mar urlabhraí sa Dáil do Shinn Féin agus ní dhéanfaidh sé dochar ar bith dó gur díbríodh ar feadh sé mhí ón bPáirtí Parlaiminte é de bharr a sheasamh ar ghinmhilleadh.

Bhí vóta réasúnta ag an Lucht Oibre sa Dáilcheantar seo i 2014. Fuair an t-iarrthóir Jenny McHugh (LO) 5,432 vóta agus bhí sí san iomaíocht go dtí an deireadh. Ach tá sí imithe le Fianna Fáil ó shin agus beidh an t-iarrthóir nua, Tracey McElhinny (LO), ag déanamh go maith má fhaigheann sí 2,500 vóta. D’fhéadfadh aistriú na vótaí sin a bheith an-tábhachtach. Ba cheart go bhfaigheadh Ray Butler (FG), fear a bhfuil beagán conspóid ag baint leis, sciar maith de vótaí aistrithe an Lucht Oibre mar gurb as Baile Átha Troim dó, an baile céanna le Tracey McElhinny (LO). Mura éiríonn le Butler, is iad Fianna Fáil a bhfaighidh an suíochán agus is ag muintir na hUaimhe a bheas na suíocháin ar fad! Ar an gcaoi sin ceapaim go mbeidh dhá shuíochán Fhine Gael agus suíochán Fhianna Fáil fágtha folamh.

Duine eile a bheas vóta maith aige is ea Wayne Forde (Nspl) a toghadh ar Chomhairle Chontae na Mí i 2014 agus a bhí páirteach sa gcomhghuaillíocht idir na Neamhspleáigh agus Fine Gael ar feadh tamaill, ach a d’éirigh as de bharr na táillí uisce.

Tuar: English (FG), Tóibín (SF) agus Cassells (FF).

An Mhi Thoir

Líon na suíochán: 3

Ó 2011 níl ach athrú an-bheag tagtha ar an Dáilcheantar.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh an athuair: Regina Doherty (FG), Helen McEntee (FG), Doiminic Hannigan (LO).

Iarrthóirí le Gaeilge: Thomas Byrne (FF), Seán Ó Buachalla (CG).

Anailís: Níor éirigh le Fianna Fáil suíochán a fháil i 2011 cé go raibh 20% den vóta acu idir an bheirt iarrthóir. Iarrthóir amháin, an Seanadóir Thomas Byrne (FF), atá ag seasamh don pháirtí an uair seo agus seans an-mhaith aige suíochán a thógáil anseo. Rinne sé go maith sa bhfothoghchán anuraidh, nuair a fuair sé 33% den vóta.

Níl mórán seans go gcoinneoidh Doiminic Hannigan (LO) a shuíochán. Sa bhfothoghchán ní raibh ach 5% den vóta ag an Lucht Oibre. Níor toghadh oiread is comhairleoir amháin de chuid an Lucht Oibre ar Chomhairle Chontae na Mí sna toghcháin áitiúla 2014.

28/03/2013. Meath East By Election. New Fine Gael TD Helen McEntee is greeted by friends as she arrives at the Ashbourne Count center, after her expected win at the Meath East By Election. Photo: Sam Boal/RollingNews.ie
TD Helen McEntee. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Thit vóta Fhine Gael go 22% sna toghchán áitiúla agus ar an gcaoi sin is deacair a fheiceáil go gcoinneoidh siad an dá shuíochán. Is as an gceantar céanna iad an Teachta Regina Doherty (FG) agus Doiminic Hannigan (LO). Ba chóir go mbeadh aistriúchán maith le fáil aici nuair a chuirfear Hannigan as an gcomhaireamh. Beidh Helen Mc Entee (FG) san iomaíocht don tríú shuíochán le hiarrthóir Shinn Féin, Darren O’ Rourke.

Bhí 14% den vóta ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla. Ní leor é sin i dtoghcheantar 3-shuíochán, gan mórán aistriúchán le fáil.

Níl sé soiléir fós an mbeidh an Comhairleoir Brian Fitzgerald (Nspl) ag seasamh. Bhíodh sé le Páirtí an Lucht Oibre. Is as an gceantar céanna é le Dominic Hannigan (LO) agus é ina chathaoirleach ar Chomhairle Chontae na Mí. Eisean is mó a fuair vótaí sna toghcháin áitiúla i 2014 i gCo. na Mí. Má chuireann sé a ainm chun cinn beidh seans an-mhaith aige ar shuíochán a fháil, ach fanacht chun cinn ar Hannigan (LO) agus O’Rourke (SF). Mura mbeidh sé san iomaíocht coinneoidh Fine Gael dhá shuíochán.

Faisnéis: Doherty (FG), Mc Entee (FG) agus Byrne (FF).

Líon na suíochán: 4

Níl aon athrú tagtha ar an Dáilcheantar ó 2011. Tá contae Longfoirt ar fad agus an chuid is mó den Iarmhí sa dáilcheantar seo. Is iad na bailte is mó sa dáilcheantar ná an Muileann gCearr, Baile Átha Luain agus baile an Longfoirt.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh an athuair: Robert Troy (FF), Willy Penrose (LO), Gabrielle Mc Fadden (FG) agus James Bannon (FG)

Iarrthóirí le Gaeilge: Manchán Magan (CG).

Anailís: As an gceathrar Teachtaí Dála atá ag seasamh sa dáilcheantar seo, is féidir le Willy Penrose (LO) a bheith réasúnta cinnte go mbeidh suíochán aige. Tá vóta láidir pearsanta ag an Teachta Dála ó Pháirtí an Lucht Oibre. Beidh James Bannon (FG), as Longfort, agus Robert Troy (FF) as ceantar an Mhuilinn Chearr, réasúnta cinnte chomh maith go dtoghfar arís iad. Fágann sin suíochán amháin le socrú.

Rinne Fianna Fáil praiseach agus iarrthóir á roghnú don Longfort agus bhí neart easaontais sa bpáirtí dá bharr. Ní fhéadfadh Connie Gerety-Quinn (FF) a bheith ag súil le mórán tacaíochta, mar gur in aghaidh thoil an choinbhinsiúin a cuireadh ‘ar an dticéad’ í.

Tháinig Paul Hogan (SF) sa tríú háit le 15% den vóta sa bhfothoghchán i 2014. Más féidir leis an iarrthóir an vóta sin a choinneáil sa toghchán seo beidh sé san iomaíocht ag an deireadh, le Moran (CN) agus Mc Fadden (FG).

Manchán Magan. Pictiúr: RollingNews.ie
Manchán Magan. Pictiúr: RollingNews.ie

Fuair Kevin ‘Boxer’ Moran (CN) 5,629 vóta sa bhfothoghchán i 2014 agus 2,897 vóta sna toghcháin áitiúla. Bhí a ainm in airde mar gheall ar an méid a rinne sé i mBaile Áth Luain le tithe a shábháil ó na tuillte roimh an Nollaig. D’fhéadfadh Boxer Moran a bheith san iomaíocht do shuíochán. Tá cúlra i bhFianna Fáil aige agus ní dhéanfaidh sé aon dochar dó nach bhfuil aon iarrthóir ó Bhaile Átha Luain ag seasamh don pháirtí sin.

Bheadh seans níos fearr ag Gabrielle McFadden (FG) mura mbeadh beirt iarrthóirí ag seasamh. Agus Peter Burke (FG) ar an dticéad, tá an baol ann go mbeidh scoilt i vóta Fhine Gael san Iarmhí agus nach mbeidh na haistriúcháin sách láidir eatarthu le go dtoghfar McFadden (FG).

Beidh iomaíocht ann i Longfort idir an dá James – James Bannon (FG) agus James Morgan (CN). Bhí beagnach 6,000 vóta ag an gcuntasóir agus fear gnó James Morgan (CN) as Longfort, sa bhfothoghchán i 2014. Ach ní baol do James Bannon (FG). Tá tacaíocht láidir ag Fine Gael i gcontae Longfoirt – 42% den vóta a bhí acu sna toghcháin áitiúla agus chuirfeadh sé iontas orm mura mbeadh Bannon chun tosaigh ar Morgan agus mura bhfaigheadh sé aistriúchán láidir uaidh níos deireanaí sa gcomhaireamh.

Tá iarbhall d’Fhine Gael, Frank Kilbride (Nspl) as Longfort ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách agus tá iarbhall de Shinn Féin, Barbara Smyth (Nspl) as Longfort ag seasamh mar iarrthóir neamhspléach. Níl aon seans ag ceachtar acu.

Beidh duine amháin as Baile Átha Luain i measc an cheathrair a thoghfar: Hogan (SF), Boxer Moran (CN) nó Mc Fadden (FG). D’fhéadfadh aistriúchán maith ó James Morgan, a chomhghleacaí neamhspleách i Longfort, an Boxer Moran a chur chun cinn ar Hogan chun an ceathrú suíochán a fháil. Má chuirtear Moran as an gcomhaireamh, áfach, tógfaidh McFadden an suíochán sin mar nach mbeidh aon easpa aistriúchán ó Bhaile Átha Luain air.

Tuar: Troy (FF), Bannon (FG), Penrose (LO) agus Moran (CN)

Fág freagra ar 'Toghchán 2016 – tuairisc agus tuar do na dáilcheantair – Tuaisceart Chúige Laighean'

  • Aengus Finnegan

    Maidir le Longfort – An Iarmhí, measim gur éirigh Frank Kilbride as ó shin. Ní bheinn cinnte de go bhfuil vóta Penrose chomh seasmhach agus a mhaítear anseo.