‘Toghcháin gan stad agus údar lagmhisnigh sa Ghaeltacht’ – súil siar ar 2017 le Máirín Ní Ghadhra

Sa tsraith seo féachtar siar ar 2017 i dteannta roinnt daoine aitheanta. An geábh seo, is duine de mhórchraoltóirí na Gaeilge agus eagarthóir an leabhair ‘Cuimhní Cinn’ atá linn

‘Toghcháin gan stad agus údar lagmhisnigh sa Ghaeltacht’ – súil siar ar 2017 le Máirín Ní Ghadhra

Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2017?

Toghcháin, toghcháin, toghcháin ó chomhthionól an Tuaiscirt, toghchán na Breataine, toghchán uachtaránachta na Fraince, toghchán na Gearmáine agus na hÍsiltíre gan trácht ar thoghchán ceannaireachta Fhine Gael agus an chorraíl sa gCatalóin.

An bhfuil aon chúis aiféala agat maidir le 2017?

Nár éist mé leo siúd a dúirt liom scíth a ligean agus gan a bheith ag rith agus ag rás!

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2017?

Chuir iománaithe na Gaillimhe gliondar ar mo chroí ar feadh na bliana – an chéad chraobh ó 1988, an chéad bhonn uile-Éireann ag Joe Canning agus an ríméad a chuir an scéal ar fad ar an gcontae.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2017?

Ní féidir gan cuimhneamh ar fhigiúirí an Dhaonáirimh a bhaineann le labhairt na Gaeilge sa nGaeltacht. Údar lagmhisnigh don phobal sa nGaeltacht a dhéanann a ndícheall ó lá go lá ceal ugach ná tacaíocht, go minic.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2017?

Chomh deacair agus atá sé seanchórais sa tír seo a athrú agus leasuithe a chur i bhfeidhm. Cé a cheapfadh go mbeadh muid fós ag tús 2018 ag breathnú ar cheilt eolais agus rúndiamhracht sa Roinn Dlí agus Cirt?

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2017?

Ar deireadh shíor, d’éirigh liom an leabhar a bhí á chur i dtoll a chéile agam i gcuimhne m’athar a fhoilsiú.

Fág freagra ar '‘Toghcháin gan stad agus údar lagmhisnigh sa Ghaeltacht’ – súil siar ar 2017 le Máirín Ní Ghadhra'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Hi Máirín, tá mé ag leamh an leabhair anois.Rinne tú éacht ar son fear éachtach.