Titim sneachta suas le 25cm á tuar agus ‘Stádas Dearg’ i bhfeidhm san oirthear

Tá roinnt scoileanna dúnta cheana de bharr na drochaimsire atá ag cur as do sheirbhísí iompair chomh maith

Titim sneachta suas le 25cm á tuar agus ‘Stádas Dearg’ i bhfeidhm san oirthear

Tá foláireamh sneachta ‘Stádas Dearg’, an foláireamh is tromchúisí, eisithe ag Met Éireann do chuid mhaith de chósta an oirthir.

Tá rabhadh tugtha ag Met Éireann go bhféadfadh titim sneachta suas le 25cm a bheith ann faoi mheán lae amárach sna contaetha ina bhfuil Stádas Dearg i bhfeidhm – Baile Átha Cliath, Cill Dara, Lú, Cill Mhantáin agus an Mhí.

Tá roinnt scoileanna dúnta cheana de bharr na drochaimsire atá ag cur as do sheirbhísí iompair chomh maith. Titim sneachta idir 5cm agus 16cm a bhí ann thar oíche.

Pictiúr: RollingNews.ie

Tá foláireamh Stádas Oráiste tugtha i gcás 10 gcontae eile – Corcaigh, Port Láirge, Tiobraid Árann, Loch Garman, Laois, An Longfort, Ceatharlach agus Uíbh Fhailí agus titim sneachta suas le 8cm á tuar inniu agus amárach sna contaetha sin.

Stádas Buí atá i bhfeidhm i gcónaí i nDún na nGall, Gaillimh, Luimneach agus Contae an Chláir agus ceathanna sneachta scaipthe troma á dtuar sna contaetha sin inniu agus amárach.

Meastar gur in olcas a rachaidh an drochaimsir de réir mar a dhéanfaidh Stoirm Emma a slí trasna na tíre amárach.

Fág freagra ar 'Titim sneachta suas le 25cm á tuar agus ‘Stádas Dearg’ i bhfeidhm san oirthear'

  • Paorach

    Lá aoibhinn álainn caithiseach ó dheas i bPort Láirge agus an ghrian go hard sa spéir. Páistí ag déanamh gleáchais sa tsneachta agus gach uile liú áthais acu. Cuid acu ná feacaidh sneachta riamh roimhe seo. Céad fáilte romhat a Shíbéaraigh!