Tá tírdhreachanna Gaeltachta le feiceáil i measc na saothar at ar mhórcheant ealaíne inniu Tigh Adam i bhFaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath.
Orthu siúd a bhfuil saothair leo ar taispeáint ann, tá James Dixon agus Paul Henry agus beidh radharcanna le feiceáil i gcuid de na saothair sin ó Chonamara, ó Oileán Thoraí, ó Mhaigh Eo agus ó Uibh Ráthach i gCiarraí.
Tá suas le €60,000 á lorg ar chuid de shaothair Paul Henry.
Beidh dealbha le Edward Delaney, a chaith na blianta deireanacha dá shaol ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara, i measc na saothar eile a chuirfear ar ceant amárach.
Ba é Delaney a rinne dealbh chuimhneacháin an Ghorta Mhóir i bhFaiche Stiabhna mar aon le ceann Wolfe Tone ansin agus ceann Thomas Davis os comhair Choláiste na Tríonóide, agus is iomaí duais a bronnadh air as feabhas a chuid dealbhóireachta.
Cuirfear dealbh le Jacob Epstein dar teideal ‘Tiger King’ ar ceant chomh maith.
Dealbh é seo de Cholman King a raibh an phríomhpháirt aige sa scánnán cáiliúil le Robert Flaherty, Man of Aran.
Tá saothair le Paul Henry ar na saothair is luachmhaire dá bhfuil á gcur ar ceant inniu.
Tá saothar lena bhean Grace Henry, a rinne sí agus an bheirt acu ar cuairt in Oileán Acla, ar díol chomh maith.
I mBéal Feirste a rugadh Paul Henry ach chaith sé go leor ama in iarthar na hÉireann.
Thug sé aghaidh ar Chiarraí den chéad uair i dtreo dheireadh na bliana 1932 nó tús na bliana 1933, ag fanacht i nGleann Beithe.
D’éirigh leis suaimhneas a fháil ansin tar éis dó go leor suaitheadh intinne a chur de mar gheall ar chúinsí pearsanta.
Tuairiscítear go raibh sé mar fhear ar baineadh ualach de an t-am sin agus ní haon iontas go bhfuil dathanna níos éadroime le feiceáil sna pictiúir a phéinteáil sé ón aimsir sin amach, go mór mór na cinn a bhain le tírdhreach Chiarraí.
Ar Oileán Thoraí a rugadh agus a tógadh James Dixon. Dála go leor eile ar an oileán, is ar an iascaireacht agus an fheirmeoireacht a shaothraigh sé a chuid.
An t-ealaíontóir Derek Hill, an té a bhunaigh an ‘scoil’ ealaíne a dtugtar ‘Scoil Thoraigh’ uirthi, a spreag Dixon tabhairt faoin bpéintéireacht, tar éis dó cuairt a thabhairt ar an oileán i 1959.
Chuir Hill péint agus páipéar ar fáil do Dixon, ach dhiúltaigh sé scuabanna a thógáil uaidh mar gurbh fhearr leis a chuid féin a dhéanamh as ribí fionnaidh asail.
Is féidir saothair Dixon a fheiceáil anois i Músaem Uladh, i nGailearaí Cathrach Hugh Lane, i mBailiúchán na Comhairle Ealaíon, agus i nGailearaí Náisiúnta Nua-Ealaíne na hAlban i nDún Éideann.
Ag a deich a chlog ar maidin a cuireadh tús le ceant Adam agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí a cúig sa tráthnóna.