Tiocfaidh feabhas ar Phort Láirge inniu ach ar leor sin chun Luimneach a shárú?

Tuigeann an bainisteoir Liam Cahill agus imreoirí na nDéise go bhfuil taispeántas i bhfad níos fearr ag teastáil inniu

Tiocfaidh feabhas ar Phort Láirge inniu ach ar leor sin chun Luimneach a shárú?

Bhuel is fearr ár gcuid eolais i ndiaidh aicsean an deireadh seachtaine seo caite agus tá brú cheana féin ar na foirne go léir a chaill a gcéad chluichí. Agus tá rud amháin thar a bheith soiléir – tá Luimneach mar rogha láidir na coitiantachta chun craobh na Mumhan agus craobh na hÉireann a bhuachan arís i mbliana, agus, i ndáiríre, an raibh aon dabht faoi? 

Thugadar an-taispeántas foirne sé lá ó shin agus ceannas acu ar an gcluiche tar éis deich nóiméad. Bhí Corcaigh níos fearr ar feadh tréimhse an-ghairid ag tosach an dara leath, ach taobh amuigh de sin bhí Luimneach ina máistrí agus ceannairí acu ar fud na páirce, go háirithe Diarmuid Byrnes agus Gearóid Hegarty. 

Tá siad sa bhaile anocht agus Port Láirge ar cuairt, foireann nach raibh iontach an Domhnach seo caite. É sin ráite, tuigeann an bainisteoir Liam Cahill agus imreoirí na nDéise go bhfuil taispeántas i bhfad níos fearr ag teastáil inniu. Is dócha freisin nach iad an chéad chúigear déag céanna a bheidh ag tosnú inniu agus a thosnaigh i gcoinne Thiobraid Árainn. Nuair a tugadh isteach iad bhí an-tionchar ag na fir ionaid ar an imirt, go háirithe, Austin Gleeson, Jamie Barron agus Iarlaith Daly. Ach i gcoitinne theip ar Phort Láirge smacht a fháil ar an imirt. An é go raibh Tiobraid Árainn i bhfad níos fearr ná mar a cheapamar a bheidís nó go raibh Port Láirge leamh ar an lá? Bhuel beidh níos mó eolais againn faoin dá cheist sin inniu agus amárach.

Bunaithe ar an méid a chonaiceamar seachtain ó shin beidh ar Phort Láirge bheith i bhfad níos fearr. Amanta i rith a  gcluiche in aghaidh Chorcaí dhealraigh sé go raibh Luimneach beagnach uilechumhachtach. Beidh Port Láirge níos fearr ná Corcaigh ach an mbeidh an “níos fearr” sin maith go leor? Níl a fhios agam.

Mar a scríobh mé an Satharn seo caite, tá na cluichí go léir tábhachtach ach tá cuid acu níos tábhachtaí ná a chéile. Chuirfinn an cluiche idir Loch Garman agus Baile Áth Cliath sa chatagóir sin. Ní dóigh liom go raibh Áth Cliath róshásta lena gcéad chluiche sa bhaile i gcoinne Laoise. Chuireadar seacht seans déag ar fóraoil i gcluiche a bhí teann go leor go dtí an deireadh. Ach bhuadar agus tá an dá phointe faighte acu. 

Seans maith go mbeidh an-tábhacht ag baint freisin leis an bpointe órga ‘a ghoid’ Loch Garman i gcoinne na Gaillimhe? Neosfaidh an aimsir freagra na ceiste sin. Ach tá rud amháin an-soiléir agus sin go bhfuil an dá phointe ag teastáil ón dá chontae as an gcoimhlint seo.

Sna cluichí eile i gCúige Laighean is deacair cás a dhéanamh do Laois i gcoinne Chill Chainnigh ná don Iarmhí i gcoinne na Gaillimhe.

I gCúige Mumhan amárach tá an lasair sa bharrach do Thiobraid Árainn agus iad ag dul sa ghleo i gcoinne an Chláir. Is cluiche craoibhe den tseanstíl é seo dos na Tiobraid Árannaigh. 

Ní féidir leo cailliúint mar is beag seans atá acu cáiliú d’aon chuid eile den chraobhchomórtas seo murar féidir leo ar a laghad pointe amháin a thabhairt leo. Ach caithfidh go bhfuil an-mhuinín sa campa i ndiaidh ardtaispeántas an Domhnaigh seo caite. Is deacair aon tomhas ceart a dhéanamh ar fhoireann an Chláir toisc gan aon chluiche craoibhe a bheith imeartha acu go fóill. Ach tá Tony Kelly acu agus má bhíonn sé ar ais ar a sheanléim agus é tagtha ó thréimhse fhada gortaithe beidh tionchar mór aige ar an gcluiche seo.

Beidh sé ina chath.

Fág freagra ar 'Tiocfaidh feabhas ar Phort Láirge inniu ach ar leor sin chun Luimneach a shárú?'