Tá tús an Aibreáin buailte linn agus seans againn ár gcuid machnaimh a dhéanamh ar an séasúr iománaíochta go dtí seo.
Bhí an chéad chluiche mór in 2023 againn ar an tríú Domhnach de mhí Eanáir agus cluiche ceannais na gclub á imirt. Bhí Seamróga Bhaile Héil go láidir mar rogha na coitiantachta agus an stádas sin tuillte acu. Ach thug Dún Lathaí an-chluiche dóibh cé gur ghéill siad ag an deireadh don chlub is rathúla i stair an chomórtais. B’in í a naoú gcraobh ag na Seamróga.
Bhuaigh Corcaigh agus an Ghaillimh na coirn réamhshéasúir agus shaothraigh Corcaigh an chuid is mó de na ceannlínte ina dhiaidh nuair a bhuaigh siad i gcoinne Luimnigh i mbabhta 1 na sraithe os comhair fiche míle duine i bPáirc Uí Chaoimh.
Ach i ndiaidh trí bhabhta bhí Luimneach ar a gcompord agus iad thar a bheith údarásach, mar a bhí Cill Dara i roinn a 2A. I ndiaidh an tríú babhta sin rinneadh cáineadh go leor ar an tsraith agus chomh leamh is a bhí chuid maith de na cluichí.
Ach sa cheathrú babhta, bhí cluiche againn a bhí ar chaighdeán chluiche maith craoibhe. Port Láirge agus Tiobraid Árann a thug an tsiamsaíocht dúinn oíche Shathairn i mí an Mhárta i Staid Semple. Faraor, taobh amuigh den chluiche sin is deacair aon cluiche eile a phiocadh amach a bhí chomh maith céanna sna luathbhabhtaí.
Ansin sna babhtaí leathcheannais seachtain ó shin bhí cuma na craoibhe ar chúrsaí oíche dheas Shathairn nuair a chuir na cuairteoirí thar teorainn, Tiobraid Árann, cuid maith ceisteanna ar an bhfoireann baile, Luimneach, curaidh na hÉireann. Bhain ardluas agus fuinneamh le himirt na dTiobraid Árannach sa chéad leath agus bhí siad ceithre chúilín chun cinn ag leath ama agus gaoth mheasartha mar chabhair acu. Bhí faobhar agus fuinneamh sa chéad leath sin ach bhí easpa cúl agus easpa iarrachtaí ar chúil ar an dá thaobh. Chuir sé sin ionadh go leor orm, go háirithe i gcás Thiobraid Árann mar go raibh an dúil sna cúil acu ina cuid lárnach dá straitéis go dtí seo i mbliana.
Agus gach rud curtha san áireamh, caithfidh go bhfuil lucht bainistíochta, imreoirí agus leantóirí Thiobraid Árann sásta go leor leis an dul chun cinn atá déanta acu agus iad anois dírithe go hiomlán ar an gcraobhchomórtas. Scríobhfaidh mé faoi Luimneach an tseachtain seo chugainn roimh chluiche ceannais na sraithe.
Is beag gearradh ná teannas a bhí sa dara cluiche leathcheannais sraithe an Domhnach seo caite, taobh amuigh den scliúchas a bhí ann i lár an dara leath, eachtra a lean nóiméad nó dhó agus a d’fhág gur taispeánadh cárta dearg d’Eoin Downey agus péire cártaí buí an taobh acu.
Ní rabhas róthógtha leis mar chluiche.
Bhí Cill Chainnigh níos fearr ón tosach. Is dóigh nach raibh lucht bainistíochta Chorcaí róshásta leis an taispeántas. Bhí an iomad ar fad pasanna a bhí róghearr agus bhí easpa spioraid i gceist chomh maith. Tá mí acu anois go dtí an chéad chluiche craoibhe i gcoinne Phort Láirge agus seans go mbeidh Darragh FitzGibbon, Robbie O’Flynn agus Tim O’Mahony (a tháinig isteach déanach i gcoinne Chill Chainnigh) ullamh. Is cosúil go mbeidh siad go léir ag teastáil. Beidh níos mó ar eolas againn faoi Chill Chainnigh an Satharn seo chugainn.
Comhghairdeas le contae na hIarmhí a choimeád a stádas i Roinn 1 na sraithe don chéad séasúr eile. Bhí bua thar a bheith tábhachtach acu i gcoinne Laoise.
Bhí cluiche ceannais 2A ar siúl inné agus Cill Dara agus Uíbh Fhailí ag imirt i bPort Laoise. Tá éacht déanta ag Cill Dara le tamall, go háirithe i mbliana, ach Uíbh Fhailí a bheidh ag filleadh ar an bpríomhroinn agus bua ar éigean acu, 0-24 in aghaidh 1-18. Beidh sé go hiontach dóibh a bheith ag imirt leis na foirne ‘móra’ an bhliain seo chugainn.
Dar ndóigh beidh rud éigin le rá ag an bhfreasúra faoi sin agus Uíbh Fhailí ag iarraidh a bheith ar ais i roinn 1A. Bhí comhscór eatarthu sa chluiche sraithe cúpla seachtain ó shin agus is dócha nach mbeidh mórán eatarthu amárach.
Fág freagra ar 'Tiobraid Árann sásta go leor leis an dul chun cinn atá déanta acu'