‘Tinder’ na teanga – aip nua ag súil le Gaeilgeoirí a chur chun cainte lena chéile

Aip í Loinnir, an ‘chéad ghréasán sóisialta Gaeilge’ a úsáideann córas GPS an fhóin le teacht ar chainteoirí Gaeilge eile atá cláraithe léi

‘Tinder’ na teanga – aip nua ag súil le Gaeilgeoirí a chur chun cainte lena chéile

Tá aip nua ar fáil ón Google Play Store, ‘Loinnir’, a chabhróidh le cainteoirí Gaeilge i bhfad is i gcóngar nasc a dhéanamh lena chéile. Forbraíodh ‘Loinnir’ i ndiaidh an Hackathon Gaeilge a reáchtáladh níos luaithe i mbliana in UCD.

Cláraíonn tú le Loinnir agus úsáideann an aip córas GPS an fhóin le teacht ar chainteoirí Gaeilge eile atá cláraithe le Loinnir agus atá i do chóngar. Is féidir freisin an rogha ‘rúiléad’ a úsáid le teacht ar dhaoine atá níos faide i gcéin, nó, go deimhin, dul isteach i ‘seomra cainte’ agus labhairt le grúpa daoine.

Ba é Edmond Ó Floinn, a chríochnaigh a chúrsa ollscoile i mbliana, an ríomhchláraitheoir a chruthaigh an aip nua, in éineacht lena chara Dónall Ó Catháin. Tá an aip ar fáil saor in aisce ar an Google Play Store.

“Is gréasán sóisialta Gaeilge é Loinnir agus tá súil againn cainteoirí Gaeilge a tharraingt le chéile. Tá sé bunaithe go príomha ar an áit a bhfuil tú agus is féidir leat labhairt le daoine eile atá i do cheantar féin.  Bíonn sé deacair bualadh le daoine eile a bhfuil an meon céanna acu i leith na Gaeilge, ach athróidh Loinnir é sin. Breathnaímid uirthi mar an chéad aip shóisialta riamh don Ghaeilge,” a dúirt Ó Floinn le Tuairisc.ie

Dúirt sé go bhfuil sé i gceist aige an aip a fhorbairt a thuilleadh amach anseo agus go bhfuil súil aige go mbeidh sí ar fáil ón Apple Store go luath.

Dúirt sé freisin gur mhaith leis níos mó aipeanna a dhéanamh le seirbhísí lán-Ghaeilge a sholáthar don phobal. Tá leagan neamhoifigiúil d’aip déanta aige cheana féin den suíomh Téarma.ie agus aip eile a chabhraíonn leis an úsáideoir inscne ainmfhocail a fhoghlaim.

Tá breis is 100 íoslódáil déanta ar aip Loinnir cheana féin agus tá súil ag Ó Floinn go dtiocfaidh méadú ar an bhfigiúr sin sna seachtainí amach romhainn.

Fág freagra ar '‘Tinder’ na teanga – aip nua ag súil le Gaeilgeoirí a chur chun cainte lena chéile'

  • Eoin

    Bhí caint ar aip díreach cosúil leis seo tamall de bhlianta ó shin, ceann darb ainm Anseo. Níl a fhios agam ar foilsíodh riamh é, bhí suíomh snasta acu ag anseoapp.com ach tá sé chomh marbh le hart anois. Dea-chomhartha mar sin go bhfuil caint ar tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gceann seo, seans nach múchtar an loinnir chomh sciobtha céanna.