Tharraing eagarthóir Nós, Maitiú Ó Coimín, ceist spéisiúil anuas ar Twitter le gairid, ceist chomh bunúsach sin nach rithfeadh sé le mórán daoine í a chur:
Cén chlófhoireann is fearr leat? Is maith liom Georgia.
— Maitiú Ó Coimín (@maitiuocoimin) November 29, 2019
Nuair a bhímid ag scríobh, bíonn an chuid is mó againn chomh gafa sin le habairtí agus focail nach dtugaimid aird ar chor ar bith ar na litreacha aonair as a bhfuil abairtí agus focail déanta, gan trácht ar dhearadh na litreacha sin. Ní féidir a shéanadh, áfach, gurb iad na scríoba beaga bídeacha sin a fuair muid le hoidhreacht ó na Rómhánaigh na huirlisí is bunúsaí a mbaineann an scríbhneoir úsáid astu agus é i mbun a cheirde.
I gcás an dealbhadóra, an phéintéara agus an adhmadóra, is léir go mbíonn tionchar ag rogha uirlisí an ealaíontóra ar a shaothar. Ach an mbíonn tionchar ag an gclófhoireann a mbaineann scríbhneoir úsáid aisti ar a chuid scríbhneoireachta?
Pointe tábhachtach ar dtús. Fíor-dhrochsheans gur sa chlófhoireann chéanna inar scríobh an scríbhneoir téacs a léifeas an léitheoir é. Déanann foilsitheoirí cinntí deartha bunaithe ar iliomad cúiseanna; tháinig mé ar leabhar faoi chúrsaí aeráide le deireanas inar tugadh le fios go sonrach gur baineadh úsáid as an gclófhoireann dhlúth Calicanto d’fhonn níos mó focal a chur ar leathanach amháin, rud a d’fhág nár ghá an oiread céanna páipéir a úsáid.
An-smaoineamh – ach cé go bhfuil Calicanto taitneamhach go leor don tsúil ar an leathanach clóite, ní fhéadfainn féin leabhar a scríobh inti go deo. Choinneodh an dlúithe srian ar mo chuid smaointe.
Le fada an lá, bainim féin úsáid as an gclófhoireann Cochin agus mé i mbun scríbhneoireachta ar an scáileán. Clófhoireann atá ansin a dearadh i bPáras i 1912 agus atá cruinn (sa chiall neamhchearnógach), leathan agus rud beag seanfhaiseanta; cuireann sí ina luí ar m’intinn gur ar chlóscríobhán a bhím ag obair seachas ar ríomhaire – ach gan dul chun áiféise leis an scéal mar a dhéanfadh clófhoireann a dearadh d’aon ghnó chun a bheith cosúil le clófhoireann chlóscríobháin, leithéid American Typewriter.
Gan a bheith ag iarraidh a bheith rótheibí faoi, tugann an clófhoireann Cochin rómánsúlacht na scríbhneoireachta mar cheird chun cuimhne, rud a chothaíonn timpeallacht oibre thaitneamhach do m’intinn.
Sin ráite, ní fhéadfainn eagarthóireacht a dhéanamh go deo na ndeor ar théacs a bheadh clóite amach ar pháipéar i gclófhoireann Cochin. Courier an chlófhoireann a mbainim úsáid aisti nuair a bhím ag iarraidh lúba ar lár i mo loighic féin a aimsiú, nó go deimhin botúin ghramadaí agus chló.
I dtreo dheireadh an phróisis eagarthóireachta, nuair a bhím ag iarraidh blaiseadh a fháil den tionchar a bheas ag an téacs a bhíonn idir lámha agam ar an léitheoir, is minic a phriontálaim amach leagan i gclófhoirne Times, Times New Roman, Baskerville, Georgia nó Palatino.
Is aisteach an chaoi a dtéann an téacs céanna i bhfeidhm ort ar bhealaí éagsúla i gclófhoirne éagsúla, bain triail as go bhfeicfidh tú. Ar an gcúis sin, mholfainn do scríbhneoirí a bheadh ag tosú amach sa cheird taighde maith a dhéanamh, clófhoireann amháin a roghnú a mbeadh siad compordach léi, agus cloí léi den chuid is mó dá gcuid scríbhneoireachta – ach an téacs a mbeidís ag obair air a chló amach i gclófhoirne eile le linn an phróisis eagarthóireachta, féachaint an dtabharfaidh siad aon cheo faoi deara sa téacs nár thug siad faoi deara cheana.
An Teanga Bheo
Nach deas é serif nó san serif go minic; Lucidia calligraphy mar shompla.
Feargal Mac Amhlaoibh
Spreag an t-alt seo mé in ábhar atá ag cur tinnis orm le breis is tríocha bliain agus mé i mbun clódóireachta agus foilsitheoireachta. Is beag cur amach a bhí ag an gnáthphobal ar chlófhoirne ag an am gur thosnaíos amach ar dtúis, ach anois agus an mórphobal ag plé leis an saol digiteach tá taithí acu ar na roghanna clófhoireann atá ann – agus an rogha sin ag dul i méid de réir an lae.
Maidir leis an gceist bhunúsach, “An chlófhoireann is fearr leat”, brathann an freagra ar ábhar an údair/an scríbhneora agus an fócas-léitheoir. Mar sin, i gcás leanaí bunscoile, is fearr clófhoireann atá ar aon dul leis an scríbhneoireacht atá á múineadh dóibh ar scoil, go bhfuil an “a” agus an “g” oscailte agus maolaithe mar atá in Comic Sans nó Futura. Is de réir a chéile a théann duine óg i dtaithí ar chlóanna na leabhar agus na nuachtán le Times, Palatino, Baskerville, Helvetica agus mar sin de.
Agus ag cur leis sin ar fad, nuair a thagann sé go comharthaí bóthair agus ainmneacha bailte, tá praiseach cheart déanta ar fud na tíre ag comhairlí contae, an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, an Roinn Turasóireachta agus Fáilte Éireann le haithris á déanamh ar an sean-chló Gaelach leis an leagan Gaeilge a chur i gcló iodálach (rud a chruthaíonn an “a” agus an “g” oscailte agus maolaithe), an ponc a bhaint as an “i”; agus an “a” sa chás íochtar a mhéadú chun a bheith in oiriúint mar cheannlitir “A” oscailte agus maolaithe sa chás uachtar.
Tá na pleananna ann ach cuimhneamh orthu!