Tá sé fógartha ag Kamala Harris gurb é Tim Walz, an gobharnóir ar Minnesota, an leathbhádóir a bheidh léi agus í ag iarraidh an Teach Bán a bhaint amach.
Beidh Harris agus a rogha mar iarrthóir leas-uachtaránachta ar son na nDaonlathach ar ardán i dteannta a chéile tráthnóna inniu ag slógadh in Philadelphia.
Is é slógadh an tráthnóna seo an chéad ócáid mhór dá camchuairt cúig lá ar na stáit sin a bhíonn idir eatarthu ó thaobh a rogha páirtí, stáit a bhíonn ríthábhachtach i dtoghcháin uachtaránachta na Stát Aontaithe.
Trí scór bliain atá Tim Walz, atá ina ghobharnóir ar Minnesota ó 2019. Bhí dhá bhliain déag caite aige ina fheisire Comhdhála roimhe sin. Tharraing sé aird na tíre air féin le gairid nuair a dúirt sé go raibh Donald Trump agus a chomhbhádóir JD Vance “aisteach”.
Iarmhúinteoir ardscoile agus iarchóitseálaí peile é Tim Walz a thug 24 bliain ina bhall den Gharda Náisiúnta.
Chuir sé an Garda Náisiúnta amach leis na círéibeacha a tharla le linn na n-agóidí faoi bhás George Floyd in Minneapolis a chur faoi chois in 2020.
Tá an cháil ar Walz gur forásaí é a deir an rud atá ar a chroí agus go bhfuil bealach lách aige fiú agus é ar an ionsaí.
Faoin tuath in Nebraska a d’fhás sé aníos agus beidh na Daonlathaigh ag súil go n-éireoidh leis vótálaithe i gceantair thuaithe a mhealladh.
Beifear ag súil chomh maith go meallfaidh sé vótálaithe neamhspleácha agus daoine atá coimeádach.
Dúirt urlabhraí ó fheachtas Trump-Vance nach raibh aon oidhre ar Walz ach “liobrálach as San Francisco” agus gur “antoisceach liobrálach contúirteach” a bhí ann.
Ní díomhaoin a bhí Harris ó d’fhógair an tUachtarán Joe Biden, agus é bliain le cois na ceithre scór, go raibh sé ag éirí as an bhfeachtas uachtaránachta, mar bhí agallaimh á gcur aici ar dhaoine a mheas sí a d’fheilfeadh mar leas-uachtarán. Cuireadh faoi ghrinnfhiosrú gasta iarrthóirí éagsúla agus ar deireadh chinn sí ar Tim Walz a phiocadh.
De réir na bpobalbhreitheanna tá Harris ag breith suas go maith le Trump agus beidh sí féin agus a lucht feachtais ag súil go gcuirfidh a rogha iarrthóra don leas-uachtaránacht borradh breise faoin bhfeachtas agus iad ag déanamh ar Choinbhinsiún na nDaonlathach in Chicago i gceann coicíse.
Fág freagra ar 'Tim Walz, gobharnóir Minnesota, roghnaithe ag Kamala Harris mar leathbhádóir sa toghchán uachtaránachta'