Moladh go deo le Allah na Glóire a thug dúinn Uğur Şahin agus Özlem Türeci.
Murach an bheirt úd, ní thiocfadh glaoch teileafóin chuig Olive is mé féin am lóin ar an Satharn ag tabhairt tairiscint dúinn na cosa a thabhairt linn go pras chuig clinic an Dr. Joe Marry sa tSeanchill d’fhonn ár gcéad instealladh i gcoinne an Covid a fháil.
Lánúin phósta is ea Uğur agus Özlem. Imircigh Thurcacha den dara glúin. Anuraidh ainmníodh iad ar liosta na ndaoine is saibhre sa Ghearmáin. An chéad bheirt ón bpobal Turc-Ghearmánach a bhain áit amach ar an liosta céanna.
Ba iad a bhunaigh an comhlacht bithcheimice is mó atá i mbéal na ndaoine le breis is bliain anuas. Sé Ugur an Príomhfheidhmeannach agus sí Ozlem an Príomhoifigeach Leighis ar bhabaí réabhlóideach na beirte acu – BioNTech.
Ar eagla na míthuisceana – níl aon bhaint ag ceachtar againn, Olive ná mé féin, le BioNTech. Ná le hOspidéal an Beacon. Ná le Scoil Phríobháideach St. Gerards i mBré, fiú.
Níl ann ach go bhfuilimid beirt san aoisghrúpa atá i dteideal na vacsaíne faoi láthair de réir chur chuige chlár vacsaínithe an stáit agus an HSE nó Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, nó an ‘f*c*in HSE’, mar is fearr aithne air i measc daoine drochmhúinte.
Ag deich tar éis a haon ar an Satharn seo caite, thit an crann, de réir oird, ar Olive is orm féin. Bhuail an teileafón.
Bhí ár lá tagtha.
Éiríonn gach rud iarrachtín osréalaíoch as sin amach. Brúnn na mionrudaí neafaiseacha isteach ar dtús. Bearradh! Caithfead mé féin a bhearradh in onóir na hócáide. Bhfuil beatha sa bhfón póca? Cá bhfuil eochracha na cairte?
Tá Olive, atá praiticiúil agus réchúiseach inti féin ó nádúr, ag fanacht orm ag an doras. An KN 95 ar a haghaidh fá bun, an masc míochaine rufach anuas air sin, an chealtair thréshoilseach, an sméar mhullaigh, ar barr. Rinne féin amhlaidh agus avae linn.
Cuireadh fáilte romhainn ag an doras lenár rogha milseán as an mbosca mór ‘Roses’.
Gliondar…meidhréis…eofóiria san aer. Gach duine ar tinneall. Sinne, seanleads is seanladies, an ghlúin a saolaíodh i lár na 1940idí i lár an aonaigh arís. Agus leáigh an aois léi, uaimse agus ó Olive agus ó chomhluadar na sean. Inár bpáistí arís i scuaine Santa sa Munster Arcade aimsir na Nollag fadó a bhíomar. Nó ag Baile an Chuainín cois trá, an léine is an blús bainte dínn agus an bathin’-ah tarraingthe aníos faoi dheifir chun an chéad ruathar buile samhraidh a thabhairt isteach sa bhfarraige le chéile – ‘arm na n-óg’ á dtiomáint ag an meisce, an lúcháir, an faoiseamh agus an tsaoirse. Saoirse, saoirse, saoirse.
Orfhlaith a thug an vacsaín Pfizer-BioNTech dom. Níor ghearánta di an féinín. Ise a threoraigh isteach sa chúlseomra mé don deich nóiméid faire ar ball. Ar an mbealach isteach, bhris an damba. Rith na deora liom gan stad, chuile bhlúire smachta scuabtha chun siúil in aon rabharta fiáin faoisimh agus caointe.
Chaoin mé comhluadar an triúir iníon atá i bhfad uainn san imigéin agus an tseisear garpháistí atá acu. Chaoin mé comhluadar na beirte mac abhus agus an cúigear beag atá acu siúd. Chaoin mé iadsan a fuair bás agus na milliúin a thitfidh fós de dheasca na paindéime. Chaoin mé an iníon a tholg lasc éadrom den aicíd chealgach tráth na Nollag, ach nach bhfuil go hiomlán istigh inti féin go fóill.
Nuair a thángthas chugam féin, ghabh mé buíochas le Ugur agus Ozlem Tureci, agus dóibh siúd a chuir na billiúin isteach chun na trilliúin a thuilleamh – Pfizer.
Agus mé féin agus Olive ar tí fágaint chun dul abhaile, bhí duine de na seanleads ón iarthar sa seomra eile ag caint os ard le Joe Marry faoi ‘the reevy days’, ag rá go raibh sé préachta le cúpla lá anuas tar éis shoineann na coicíse seo d’imigh tharainn.
Tharraingíomar beirt go teann na cótaí móra timpeall orainn.
In ainneoin a mbua in éadan an Covid, níl vacsaín oibrithe amach fós ag Ugur agus Ozlem a thugann imdhíonacht don neach beo ó laethanta na Bó Riabhaí.
Aoileann nic Gearailt
Sin píosa álainn. Beidh mé ag tnúth leis na mothúcháin céanna go luath.
Brídín
Go hálainn uilig. Comhghairdeas libh. Rith na deora liomsa freisin á léamh seo.