Thug mé cuairt ar theach pobail na Ceathrún Rua go bhfeicfinn an raibh crann Nollag ann…

Mheas sagart a bhíodh ina shagart ar an gCeathrú Rua gur bhain an crann Nollag le ‘nósanna nach raibh Gaelach ná Críostúil’. Tá stair shuimiúil ag baint leis an gcrann chéanna

Thug mé cuairt ar theach pobail na Ceathrún Rua go bhfeicfinn an raibh crann Nollag ann…

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Thug mé cuairt ar theach pobail na Ceathrún Rua an lá faoi dheireadh go bhfeicfinn an raibh crann Nollag ann. Bhí ach ní hé an crann Nollag é is mó a bhfuil cleachtadh againn air.

Is é an tAthair Hugh Loftus atá ina Shagart Paróiste ar an gCeathrú Rua faoi láthair. Mhínigh seisean dhom gur ‘Jesse Tree’ atá ann – “Crann Ieise”. Crann é sin nár chuala mé trácht riamh air cé go bhfuil sé sa traidisiún Críostaí le fada fíorach an lá.

Pearsa cáiliúil sa Sean-Tiomna é Ieise. Ar dhuine dá chlann mhac bhí Dáiví, an laoch óg úd a mharaigh an béinneach Góiliat.

Craobh ginealaigh atá sa gcrann idir Ieise agus Íosa. Áirítear go raibh 42 glúin eatarthu agus úsáidtear an crann mar léiriú ar theacht an tSlánaitheora. Tá an tuairisc seo faoi sa Sean-Tiomna:

Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise,

Agus gas ag teacht óna fhréamh;

Tá spiorad an Tiarna ag lonnú air,

spiorad na heagna agus na tuisceana,

spiorad na comhairle agus na cumhachta.

spiorad an eolais agus eagla an Tiarna.

Ag cuimhneamh ar an Athair Máirtín Lang a bhí mise nuair a chuaigh mé ar thuairisc eolais faoin gcrann Nollag. Chaith seisean blianta fada ina shagart paróiste ar an gCeathrú Rua agus ba mhinic é ag seanmóireacht in aghaidh “nósanna nach raibh Gaelach ná Críostúil” mar a thugadh sé orthu.

Bhí gráin faoi leith aige ar an gcrann Nollag. Seo sliocht as seanmóir a thug sé ag Aifreann Nollag bliain amháin, Aifreann a craoladh ar Raidió na Gaeltachta:

Ar ndóigh tá nósanna eile ag teacht isteach inár measc nach bhfuil baint ar bith acu le spiorad na Nollag, sé sin an fíor-Nollaig, ní hé an Nollaig bhréagach sin atá lán de shoilse agus de ghalamaisíocht agus de shodar i ndiaidh na n-uasal. Tá mé ag caint ar na crainnte Nollag agus chuir mé de stró orm féin a fháil amach cé as a dtáinig an nós an chéad uair agus tá mé faoi chomaoin ag an staraí a d’inis dhom gurbh é an chéad chrann Nollag a tháinig go Sasana, crann a thug Albert, fear céile Victoria, banríon an Ghorta, go Sasana agus a chuir suas é in Buckingham Palace. Agus ansin ar ndóigh an sodar i ndiaidh na n-uasal, thosaigh an ghnáthmhuintir ag iarraidh go mbeadh crann Nollag acu féin agus scaip sé ar fud Shasana ar fad agus ansin de bharr go raibh na Sasanaigh i réim in Éirinn thug duine eicínt ceann go Caisleán Bhleá Cliath le cur suas ansin. Agus ar ndóigh ansin scaip sé uaidh sin. Chuile dhuine a bhí ag brú gaoil ar na huaisle agus ar an gclann ríoga bhí siad ag iarraidh go mbeadh crann Nollag ina dteach acu, nó ina gclós, agus anois tá sé scaipthe chomh fada siar le áiteacha iargúlta i gConamara agus i nDún na nGall agus i gCiarraí agus i gCorcaigh agus, mar a dúirt Íosa ar an gcrois, ní thuigeann na daoine céard atá siad a dhéanamh. A Athair, maith dhóibh é, a dúirt sé ar an gcrois, mar níl a fhios acu céard atá siad a dhéanamh agus níl a fhios.

Cibé staraí a chuir an tAthair Máirtín ar an eolas faoin gcrann Nollag níor thug sé an scéal ar fad dó. Cinnte dearfa ba é Albert—fear céile Victoria—‘banríon an Ghorta’—is mó a tharraing aird ar an gcrann ach níorbh í Victoria ach a seanmháthair, Charlotte, a thug go Sasana é sa mbliain 1800. Gearmánach a bhí inti siúd—bean chéile Sheoirse III.

Maidir leis an gcrann Nollag a bheith Críostúil is dóichí go bhfuil anois ach bhíodh na seanRómhánaigh págánacha ag cóiriú crainnte ar an gcaoi sin i gcomhair fhéile Shatairn a thosaíodh ar 17 Nollaig.

Céard a cheapfadh an tAthair Máirtín faoin gcrann atá i dteach pobail na Ceathrún Rua an Nollaig seo? Seans maith go mbeadh sé sásta go leor leis ó tharla nach raibh aon bhaint ag aon bhanríon de chuid Shasana lena stair.

Fág freagra ar 'Thug mé cuairt ar theach pobail na Ceathrún Rua go bhfeicfinn an raibh crann Nollag ann…'

  • Aoife

    An-mhaith!

  • Aine

    Bhi mé cuimhnú go direach ar an Athair Máirtin agus sios I do phiosa scriobhtá luadh tú é. Thug tú siar ar na smaointe mé ?? Lá chuir mé cheist air …. Údar cainte é dúirt sé páigánaigh a bhíonn crann Nollaig thuas acu. Áithris ar na huaslaigh. Bhuail scairt mór gáire mé agus thósaigh sé gáire. Ba iontach an mac é. Go ndéanamh Dia trócaire ar a anam, agus ar anam na mairbh ar fad.

  • Niall na Naoi bPiontaí

    B’fhéidir é go raibh seafóid dá shaghas seo ar siúl i mo bhaile féin in Albain tráth agus múinteoir a raibh baint aige leis an eaglais “shaor” (mar dhea!) gu hiomlán in aghaidh crann Nollag a bheith taobh amuigh den scoil – rud a bhí ann ós cuimhne liom go dtí gur chuir an t-amadán cosc air. An fáth a chuir ná gurb é rud “págánach” é! :-)