Thug iriseoir Gaeltachta faisnéis rúnda do ghaolta an ‘Gibraltar Three’ ar ordú Haughey

I litir atá foilsithe san Irish Times inniu, maíonn Niall Farrell deartháir le Mairéad Farrell, gur thug an t-iriseoir mór le rá Proinsias Mac Aonghusa faisnéis rúnda dó maidir le fochoiste rúnda de chuid rialtas Maggie Thatcher

Thug iriseoir Gaeltachta faisnéis rúnda do ghaolta an ‘Gibraltar Three’ ar ordú Haughey

Cheap an t-iarThaoiseach Charlie Haughey duine de mhóririseoirí na Gaeilge chun eolas rúnda a chur ar fáil do ghaolta an triúr ball den IRA ar mharaigh an SAS iad in Gibraltar i 1988.

I litir atá foilsithe san Irish Times inniu, maíonn Niall Farrell, deartháir le Mairéad Farrell, duine den triúr a maraíodh san eachtra chonspóideach, gur thug an t-iriseoir Gaeltachta mór le rá Proinsias Mac Aonghusa faisnéis  rúnda dó, ar ordú Haughey, maidir le fochoiste rúnda de chuid rialtas Maggie Thatcher a cheadaigh na maruithe.

“However, two months later Haughey did channel information to myself via the journalist and broadcaster Proinsias Mac Aonghusa that Thatcher had presided over a secret cabinet sub-committee, which had given the shoot-to-kill order. Proinsias said the information came from Irish military intelligence, in other words from his pal “Cathal”, as he called Charlie Haughey.

“When I announced that at the families’ first Dublin press conference on May 12th, 1988, the “respectable” press scoffed at it, because I naturally could not divulge my source.”

Bhásaigh Proinsias Mac Aonghusa, duine de mhór-iriseoirí na Gaeilge agus iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, in 2003.

Sa litir le Niall Farrell, pléitear tuairiscí a foilsíodh le déanaí faoi mharú ‘Thriúr Gibraltar’ inar maíodh go raibh muintir na marbh ar mhaithe le poiblíocht a fháil do Shinn Féin agus iad ag iarraidh go dtabharfaí na coirp abhaile trí Bhaile Átha Cliath seachas trí Aerfort Aldergrove.

‘Bolscaireacht de chuid na Breataine” a thugann Farrell ar an leagan sin den scéal.

Deir Farrell gurb í fírinne an scéil ná nár baineadh leas as Aerfort Aldergrove toisc nach raibh foireann an aerfoirt sin sásta an cúram a dhéanamh.

Ar an 6 Márta 1988 scaoil an SAS marbh in Gibraltar triúr ball den IRA – Seán Savage, Daniel McCann agus Mairéad Farrell – a raibh amhras fúthu go raibh ionsaí buamála ar arm na Breataine in Gibraltar á bheartú acu.

Ní raibh aon airm ag aon duine den triúr ná níor aimsíodh aon bhuama i gcarr Savage. Líomhnaíodh dá  bharr gur chomhcheilg a bhí sna maruithe.

Cinneadh i ndiaidh fiosrúcháin go raibh na maruithe ‘dleathach’, ach i 1995 chinn an Chúirt Eorpach Um Chearta an Duine nach raibh aon ghá an triúr a mharú agus gur sáraíodh san eachtra coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le fórsa iomarcach.

Chuir maruithe Gibraltar tús le coicís fhuilteach sna trioblóidí agus mharaigh an dílseoir Michael Stone triúr ag sochraid Savage, Daniel McCann agus Mairéad Farrell i Reilig Bhaile an Mhuillin i mBéal Feirste ar an 16 Márta 1988.

Ar an 19 Márta, mharaigh an IRA beirt cheannairí de chuid arm na Breataine in eachtra a dtugtar na ‘corporal killings’ uirthi.

Fág freagra ar 'Thug iriseoir Gaeltachta faisnéis rúnda do ghaolta an ‘Gibraltar Three’ ar ordú Haughey'

  • Cluain Sceach

    Spéisiúil.