‘These are my mountains’ – tá a gcearta féin ag na feilméaraí agus ní féidir siúl orthu

Tá dream an tsléibhe ag ardú a nglórtha agus is maith sin mar tá a gcearta féin acu

‘These are my mountains’ – tá a gcearta féin ag na feilméaraí agus ní féidir siúl orthu

Chuir fonnadóir na hAlban, Andy Stewart fonn agus fuinneamh leis. Is linne na cnoic … ‘These are my Mountains and this is my Glen…’. An deoraí ag cuimhneamh ar shléibhte a dhúchais sna Garbhchríocha.

B’fhéidir go mb’fhada gur chuir muid amach an scéala gur linne na cnoic sna ceantair sceirdiúla siar le cósta an Atlantaigh. Mar ní talamh poiblí iad na cnoic ná na réimsí móra fada fairsing sléibhe. Tá úinéireacht orthu agus tá na teidil sin sa gcóras clárúcháin talún. Más talamh coimín féin iad, tá lámh dhleathach úinéireachta ag tionóntaí na mbailte fearainn orthu. ‘These are my mountains….’ Is linne na cnoic.

Ar bhealaí go leor, tá eagraíocht na bhFeirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann ag tarraingt airde ar an bhfírinne sin agus ní mó ná sásta a bhíodar le gairid nuair a chasadar leis an Aire Gnóthaí Tuaithe agus Pobail, Michael Ring, cé go ndúradar go raibh an cruinniú féin tairbheach agus sásúil.

Dúradar leis an Aire Ring go bhfuil sé ina údar imní acu go bhfágann siúlóirí sléibhe geataí oscailte ina ndiaidh scaití; go bhfágann siad a gcuid carranna in áiteacha nach bhfuil cóiriúil d’fheilméaraí agus go mbíonn gadhair acu amanta – gadhair a chuireann scéin in ainmhithe.

Lena chois sin, tá an chontúirt ann i gcónaí go lasfaí tinte agus go ndéanfaí loscadh ar an sliabh rud a d’fhágfadh feilméaraí d’uireasa deontais talmhaíochta i gcaitheamh na bliana sin uilig. Tarraingíodh anuas freisin an imní atá ar úinéirí talún faoi dhliteanas poiblí agus cúrsaí árachais.

Dúirt Leas-Uachtarán náisiúnta Chumann na bhFeilméara Cnoc agus Natura, Anraí Ó Domhnaill as Sligeach, go bhfuil méadú ollmhór tagtha ar an lear daoine a bhíonn ag siúl na gcnoc le cosamar scór blianta.

Áiríodh gur 168,000 a bhíodh ag siúl agus ag spaisteoireacht sna sléibhte i dtús an chéid ach tá go láidir os cionn dhá mhilliún i gceist anois.

Tuigeann lucht an chumainn go maith an tábhacht atá le tionscal na turasóireachta sna ceantracha tuaithe, a deir Ó Domhnaill, ach,  deir sé chomh maith gur cosúil gurb iad na feilméaraí a fágadh ar deireadh sa scéal aríst.

I ráiteas ó Anraí Ó Domhnaill, dúradh nár cheart a ligean i ndearmad gur talamh príobháideach iad na cnoic agus na sléibhte agus go mbaineann siad le gnó agus obair feilméarachta na ndaoine ar leo iad. Chaithfí teacht ar bhealach éigin le luach saothair a thabhairt d’úinéirí talún as an tseirbhís atá á cur ar fáil acu do thionscal na turasóireachta, a deir Leas-Uachtarán Chumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann.

Tá ceisteanna tábhachtacha a bhaineann le saol na tuaithe agus cearta talún mhuintir na háite féin buailte ar an gcloigeann ag an gCumann ina bhfuil ráite acu.

Bhí an t-am ann nuair nach n-ardódh muintir na mbailte fearainn faoin tuath a nglórtha ar an gcaoi sin. Ní mba rud mór é ag go leor daoine faoin tuath a raibh lámh acu sa gcoimín sléibhe agus níor chuireadar béim ar a n-oidhreacht talún agus ar a gcearta.

Is dóigh go raibh daoine ciúnaithe ag smacht agus ag oidhreacht ghránna na dtiarnaí talún. Ach, tá cuid de lucht siúil an tsléibhe ann anois nach gcuireann aon fháilte roimh ráitis agus roimh cheisteanna ó mhuintir na tuaithe a bhíonn ag meabhrú dóibh nach féidir leo a ghabháil amach ar a gcomhairle féin ar thalamh príobháideach.

An mana gur cheart Éirinn a fhágáil ‘oscailte’ do chuile dhuine is minice ag an dream seo.

Ar ndóigh, is é atá i gceist acu ná go mbeadh cead a gcinn acu gan chaidéis agus gan cheist ar thailte príobháideacha, ar nós an choimín. Ar an taobh eile den scéal ar cheart go mbeadh cead a gcos ag muintir na tuaithe aicearra a dhéanamh trasna gairdíní príobháideacha ar chúl na dtithe tí i gceantair chathrach?

Chuile sheans gur sa stair a gheofar foinse an dearcaidh sin i leith na tuaithe, agus súil sách ciotach á caitheamh ar dhream na gcnoc agus ar acmhainní na tuaithe. Tá samplaí de sin feicthe sa gcaoi a ndearnadh láimhsiú ar chuid de na hiarrachtaí le cosáin siúil agus rothaíochta a réiteach anonn agus anall faoin tír. Tharla sé i gcás Bhealach Glas Chonamara. Fuarthas cead forbartha ón mBord Pleanála don chúrsa trasna tailte príobháideacha idir Uachtar Ard agus an Clochán – coimíní sléibhe san áireamh – agus gan socrú daingean ar bith déanta leis na húinéirí. Is cosúil gur ghlac Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Fáilte Éireann leis go dtabharfaí an talamh in aisce agus nach mbeadh na feilméaraí agus na húinéirí ag cur a gcosa i dtaca.

I ngan fhios don dream sin bhí an saol athraithe, agus cé gur inmholta an smaoineamh iad na Bealaí Glasa, tá a gcearta úinéireachta féin ag na feilméaraí agus ní féidir siúl orthu. Bhí an saol athraithe agus bhí an port athraithe agus léirigh Cumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann é sin an tseachtain seo. Is linne na cnoic –‘these are my mountains’.

Fág freagra ar '‘These are my mountains’ – tá a gcearta féin ag na feilméaraí agus ní féidir siúl orthu'

  • Páid Ó Donnchú

    Amhrán breá cinnte.

    An chéad líne –

    “For fame and for fortune,
    I’ve wandered the earth…”

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Ar an taobh eile den scéal ar cheart go mbeadh cead a gcos ag muintir na tuaithe aicearra a dhéanamh trasna gairdíní príobháideacha ar chúl na dtithe tí i gceantair chathrach?”, a deireann Máirtín, amhail is go bhfuil na daoine atá ar son cearta siúil tríd an choimín agus amuigh faoin dtuath ag iarraidh cead siúl ‘ar chúl dtithe’ daoine. Níl ach tá siad ag iarraidh go mbeadh cead acu a bheith ag spaisteoireacht agus sásamh a bhaint as an dúlra gan bagairt a bheith déanta orthu, mar atá i dtíortha eile.

    Bíonn argóintí gan bunús á usáid ag eagraíochtaí feilméireachtaíle stop a chur le siúladóirí: go mbeadh úinéirí na talún freagrach as duine ag titim agus ag gortú iad féin agus iad amuigh ag siúl ach níl siad in ann sampla ar bith a thabhairt.

    Taobh thiar de seo uilig atá saint.

  • Eoghan Ó Néill

    Tá na húinéirí talún ar na sléibhte ag fáil íochachtaí gach bliain a thagann ón stáitchiste i.e. ón cháiníochóir mar chúiteamh. Ar ndóigh ba chóir do súileoirí geataí a dhúnadh ina ndiaidh etc. agus bheith dea-mhúinte le húinéirí agus vise versa.

  • Ben Ó Ceallaigh

    Ceart ar fad ag Donncha agus Eoghan dar liom. Saint atá taobh thiar dhó seo gan dabht.

    Má tá údar an ailt ag iarraidh a bheith ag trácht ar Albain b’fhéidir gur chóir dhó breathnú ar na dlíthe atá in Albain maidir le cursaí rochtana i dtosach – tá “cead bealaigh” (right to roam) ag daoine in Albain agus cead acu dul nach mór áit ar bith is mian leofa agus iad amuigh ag siúl nó ag campáil. Tuigtear ar ndú go dtabharfar aire don timpeallacht agus nach ndéanfar dochar d’obair feilmearaí. Diabhal iontais é go saothraíonn muintir na ngarbhchríocha chomh maith sin as tionsacadal na turasóireachta, agus daoine ag tarraingt ar na sléibhte sin as chuile chearn den domhan.

    Tá na dlithe in Éirinn i dtaobh rochtain ar thailte thar a bheith coimeádach i gcomhtheács na hEorpa, mar a mhínítear anseo: http://www.keepirelandopen.org/issues.html

  • Feardorcha

    Míthuiscint nó mí-úsáid bainte as an amhrán sin. Fear siúlach ar deoraíocht gan orlach de chnoic a dhúchais ina sheilbh aige an té atá ag caint. Is “leis” na cnoic mar gur láimh leo a tógadh é. Nach iomaí amhrán agus dán i nGaeilge is i mBéarla atá cumtha sa tír seo faoi chnoic, aibhnte, aillte, bánta agus is é a mbunús uile go mbaineann siad le dúchas seachas seilbh an fhile.
    Baineann na cnoic seo le dúchas an phobail agus is ceart iad a bheith oscailte don phobal. Tá na feirmeoirí fágtha i bhfeighil orthu faoi láthair agus ní drochrud é sin ach ní mór dóibh gan codladh ar an gcluais sin. Ba leis an pobal iad tráth, cá bhfios nach gcuirfear deireadh leis an iasacht má chliseann ar an gcomhthuiscint?

  • Seán Mac Bhriain

    Céard faoin amhrán The Rambler le Ewen McColl

  • Máirtín Ó Catháin

    Feicim go bhfuil cuid de na scírbhneoirí anseo ag tabhairt breithiúnais ar dhream na gcnoc – daoine santacha iad, adúradar! Fuireach oraibh anois a chairde! Chuile sheans go bhfuil feilméaraí na gcnoc agus a gcuid eagraíochtaí chomh macánta le dream ar bith eile agus go bhfuil súil acu le luach saothair as a gcuid gníomaíochta, ar nós chuile dhream eile.

    Tá duine eile ag caint ar íocaíochtaí a fháigeann feilméaraí agus dream na gcnoc. Fáightear na híocaíochtai céanna ar na feilmeacha agus na machairí soir faoin tír – agus níos airde ná na híocaíochta sléibhe. Tá a fhios agam go rí-mhaith gur gearr a bheidís siúd ag stopadh daoine ó bheith ag dul isteach ina gcuid páirceanna soir faoin tír. Talamh príobháideach é.

    Lua duine eile go bhfuil cead a gcos ag daoine ar thailte na hAlban. Tá stair dhirfiúil ag baint le cúrsaí talúna in Albain. Bhféidir go bhfuil sé níos fearr ná an córas sin againne – níl a fhios agam. Ach an gá dúinn a bheith ag sodar i ndiadh na nAlbanach no cé mhéid de mhuintir na tuaithe in Éirinn a bheadh ag iarraidh an chórais sin?

    Lua Donncha Ó hÉallaithe ceist an árachais. Níl dabht ach go bhfuil an saol céasta ag cúrsaí árachais. Tá lucht gnó, feilméaraí, lucht forbartha pobail srl sáraíthe aige. Má tá sampla ag teastáil, thárla sé i gCill Mhanntáin anuraidh go ndéarna duine a bhí ag siúl sna cnoic éilimh ar chúitimh de bharr gortaíthe. Níl mé ag dul domhain sa gcás seo ach d’éirigh leis an duine seo, ar an gcéad iarraidh, sa gCúirt. Anois thárla sé go mba le eagraíocht leathstáit an talamh agus bhí na hachmhainní ar fáil acusan leis an gcás a láimhsiú. Ach cur i gcás go mba dhuine eile a bheadh ann – no duine a raibh lámh aige/aice ar choimín?
    Mar atá a fhios ag Donncha bíonn sé ró-mhall nuair a thárlaionn rud éigean. Tá scéin i ndaoine faoi seo. An bhfuil siad ro-imníoch? Bhféidir é. Ach, más ar dhuine féin a thitfidh an tua is furasta a thuiscint nach gcuirfidh sé a chloigeann ar an mbloc. Tuigim gur b’é an trua é gur mar sin atá treo an tsaoil anois ach ní feilméaraí amháin atá scanraíthe faoi chásanna cuitimh agus árachais anois.

    Tá an-imní ar fheilméaraí freisin faoi chúrsaí dóiteáin. Tá feilméaraí i bhfad níos cúramai faoi sin anois ná a bhíodh. Tá cúis mhór leis.
    Ma lastar píosa de shliabh tá sé chomh dóigh céanna nach bhfaighidh na feilméaraí na híocaíochtaí. Níl aon bhaol mar sin ar fheilméaraí soir faoin tír; ní féidir na garantaí glasa a chur thrí thine. Níl sé cóir ar chor ar bith, d’ár liom, go stopfaí íocaíochtaí ar fheilméaraí sléibhe (cuid mhór d’ár n-oidhreacht thraidisiúnta) nuair a lastar an sliabh i nganfhios dóibh – no, go deimhin, thrí thimpiste. Cur i gcas go stopfaí a bpáigh ar mhuinteoirí no státsheirbhísí eile dá lasfai a gcuid téachleabhra no a gcuid ríomhairí!

    Go raibh maith agaibh uilig as ucht an t-alt a léamh agus é a chur de thrioblóid oraibh féin a gcuid tuairimí ar chur ar fáil. Ceist thábhachtach í agus is maith an rud é go ndéanfaí cúr, cúitimh agus cíoradh uirthi.

    Máirtín Ó Catháin.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is ceist thábhachtach í, a Mháirtín, ach ní thugann do alt ach leagan taobhach den scéal.

  • Eoghan Ó Néill

    Ceart agat, a mó maoine a mó íochachtaí – nach ait é mar chioncheap!

  • Máirtín Ó Catháin

    Théis dom a theacht isteach as na sléibhte anois agus é seo feicthe agam. Well by dad, ach tá léirmheastóir agam ar an alt a scríobh mé! Dúradh go raibh an t-alt “taobhach”. (Abraíonn daoine rudaí mar sin scaittí nuair a bhíonn siad féin “taobhach”). Ar an taobh eile den scéal nach orm atá an t-ádh theis dom filleadh ón sliabh nár dúradh go raibh mé sanntach freisin!
    Pé ar bith scéal é…
    Tá an t-alt bunaithe ar ráiteas ó Chumann Feilméaraí Cnoc agus Natura na hÉireann. Tá an t-alt scríofa sa gcomhthéacs sin. Tá na firicí cruinn agus tá aon tuairimíocht atá ann bunaithe ar na firicí sin agus i gcomhthéacs na bhfiricí sin. Tá sé ráite ann go léiríonn dearca Chumann na bhFeilméaraí Cnoc agus Natura tuiscint agus muinín as a gcearta talún ag pobal na gcnoc – sin go leor de mhuintir Chonamara agus na Gaeltachta san áirimh – agus gur maith an rud é sin.

  • Cormac Ó Dúlacháin

    Le fada an lá tá coibhneas á dhéanamh idir úinéaracht príobháideach agus príobháideachas – coibhneas a bhaineann le dlí shasana – ní mar a bhí i ndlí na mbreithiún agus ní mar atá sa dlí sibhialta ar an mór roinn – ní i ngach cás go gné de cearta úinéarachta ceart an pobal a choimead amach ó gach orlach cré.

  • sionnach

    A Mháirtín, Tuigim go dteastaíonn uait tacú leis na féile éadaí ach b’fhiú na píosaí sin a léamh arís. Tá cearta níos mó ná dream amháin i gceist anseo. Mar fheilméara tá tú mar caomhnóir na tuaithe do chuile dhuine agus mar atá a fhios agat féin agus agamsa tá sé sách deacair slí beatha a bhaint amach i láthair na huaire. Dá mbeadh na bealaí siúl oscailte mar ba cheart bheadh cearta ag an dá dhream. Ní hamháin sin ach bheadh foinse eile ioncaim acu siúd atá ina gcónaí sna cnoic agus a theastaíonn ioncam uathu lena gcuid gasúir a thógáil ann. Teastaíonn cothromaíocht cearta anseo ba cheart go mbeadh fáil ag chuile Éireannach ar thimpeallacht na hÉireann leis an bhfreagracht a ghabhann leis i.e. Reachtaíocht a bheith ann má ghortaitear duine is orthu féin an fhreagracht agus nach féidir cás a thabhairt in aghaidh úinéir na talún sin mar atá i Sasana/ sa Fhrainc agus araile. Sílim gur alt thobhach atá anseo. Tá neart de phobal Chonamara ag freagairt d’alt anseo a Mháirtín.