‘There’s no way you can convince me he wasn’t an asshole’ – seanfhaltanais an spóirt

An t-aighneas leanúnach idir na galfairí Brooks Koepka agus Bryson DeChambeau a chuir ar bhóithrín na smaointe ár gcolúnaí

‘There’s no way you can convince me he wasn’t an asshole’ – seanfhaltanais an spóirt

Brooks Koepka agus Bryson Dechambeau. Pictiúr: INPHO

Tríd is tríd is chucu féin a choinníonn lúthchleasaithe agus lucht spóirt aon dímheas a bheadh acu ar chomhghleacaithe nó ar chéilí comhraic – fad is a bhíonn siad i mbun coimhlinte ar chuma ar bith.

Ach dóthain de cháil a bheith orthu agus go measann foilsitheoir gur fiú scéal a mbeatha a chur os comhair an phobail, tá seans ann go mbeadh tagairt nó dhó d’eachtraí easaontais sa scríbhinn, ach go hiondúil is ar mhaithe leis an gceannaitheoir a mhealladh a bhíonn siad ann seachas aon nimh sa bhfeoil.

Shílfeá go mbíonn imreoirí Chumann Lúthchleas Gael thar a bheith tostach faoina leithéid – iad siúd atá fós ag imirt ní áirím an dream atá éirithe as. As barr mo chinn ní cuimhin liom mórán dá chineál a léamh san iliomad leabhar uathu siúd atá léite agam.

Bhain an ceann ba mhó a chuir iontas orm le mo dhá shúil féin le hócáid amháin ag ar dhiúltaigh peileadóir a thug Craobh na hÉireann leis sna 1950idí d’iarratas ó ghrianghrafadóir seasamh isteach i bpictiúr a bhí á thógáil ina mbeadh comhghleacaithe imeartha dá chuid.

Fós ní dheachaigh sé níos faide leis an scéal ach diúltú go múinte don chuireadh ar bhealach nár chuala é ach an bheirt ba ghaire dó – mise agus fear an cheamara. Nuair a bhí sé siúd imithe níor thug sé d’eolas uaidh ach go raibh duine le bheith sa ngrianghraf nach raibh an oiread sin de ghean aige air.

Tá ceann maith ag Joe Brolly faoi bhodach as Tír Eoghain a bhris srón céile comhraic i dtrí áit – “i nDún Geanainn, ar an Ómaigh agus i gCabhán a’ Chaorthainn”, ach ní dheachaigh an scéal riamh thar chomhrá cois cuntair agus sin mar is fearr é.

An t-aighneas leanúnach idir na galfairí Brooks Koepka agus Bryson DeChambeau a chuir ar bhóithrín na smaointe seo mé. Murar suim leat a gcluiche ba chóir a mhíniú is dócha nach bhfuil aon ghean acu ar a chéile le fada – oiread fuatha a bheith eatarthu go deimhin agus go ndearna Koepka staic agus é i lár agallamh teilifíse ag Comórtas an PGA cúpla seachtain ó shin nuair a chonaic sé go raibh DeChambeau le siúl ina aice taobh amuigh den chlubtheach.

Chuir sin chomh mór amú é agus go mb’éigean dó a rá leis an agallóir go dtosódh sé arís agus gan ráite aige ach gur cheap sé go raibh an cúrsa “difficult to read”. Deir cuid acu siúd a bhí gar de láthair gur dhúirt DeChambeau as taobh a bhéil nach mar sin a bheadh dá mbuailfeadh Brooks an liathróid mar ba chóir. Pébrí scéal é thuill gach ar chuala sé an focal “bullshit” uaidh siúd.

Tá an nimheadas idir an bheirt feiceálach le cúpla bliain anois agus ar ndóigh na meáin nua shóisialta thar a bheith oiriúnach mar stáitse a thabharfas aer dá gcuid leibidíochta.

Nádúr a gcuid oibre is dóigh a fhágann gur cosúil easaontais a bheith níos coitianta idir plúr na ngalfairí gairmiúla ná iad siúd a chleachtann spórtanna eile ag an ardleibhéal – tá lucht na liathróide báine in iomaíocht lena chéile mórán chuile sheachtain agus nuair a chaitheann tú suas le 5 uair an chloig i gcomhluadar duine – eisean agus tusa faoi bhrú, an bheirt agaibh thuas seal thíos seal, ní haon iontas go dtarlaíonn a leithéid.

Ní mba dhlúthchairde Phil Mickelson agus Tiger Woods riamh. Ba é Phil an t-imreoir a raibh gealladh faoi le cúpla bliain nuair a tháinig Tiger ina chuaifeach i 1997. Ach ní hionann agus an bheirt eile, cuireann siad suas lena chéile – go poiblí ar chuma ar bith.

Postúlacht agus iomarca talaimh a bheith fúthu is cúis ar fad leis ar ndóigh. As an imirt amháin tá $60 milliún buaite ag Koepka (31) agus ag DeChambeau (27). Is ar éigean gurb é an t-airgead atá ina chnámh spairne eatarthu.

Tuigeann sibhse a chonaic aon bhlas den tsraith clár faisnéise The Last Dance a rinne Michael Jordan go díreach céard a dhéanann iomarca féinmheasa leis an duine – go háirithe an cur síos a rinne sé ar an dímheas a bhí aige féin agus Isiah Thomas ar a chéile.

Michael Jordan agus Isiah Thomas

Ba é an Siúrdánach laoch na Chicago Bulls agus Mac Thomáis an t-imreoir ab fhearr ag na Detroit Pistons, an dá fhoireann cispheile ab fhearr sna Stáit Aontaithe cúig bliana déag agus fiche ó shin.

San NBA ag an am, d’imríodh foirne a chéile ar a laghad 6 huaire in aghaidh an tséasúir agus gan teip ba chinn chancracha, nimhneacha a bhíodh idir Chicago agus Detroit.

Nuair a tugadh cead iomaíochta sna Cluichí Oilimpeacha do lúthchleasaithe gairmiúla shocraigh eagraíocht stiúrtha na cispheile sna Státaí na himreoirí ab fhearr sa tír a chur go Barcelona i 1992.

‘The Dream Team’ a baisteadh ar Jordan agus Scottie Pippen (Chicago Bulls), John Stockton agus Karl Malone (Utah Jazz), Magic Johnson (Los Angeles Lakers), Larry Bird (Boston Celtics), Patrick Ewing (New York Knicks), Chris Mullin (Golden State Warriors), David Robinson (San Antonio Spurs), agus Charles Barkley (Philadelphia 76ers)

Tabhair faoi deara nach bhfuil ainm Isiah Thomas ar an liosta. Ag an am dúradh go hoscailte go mba é Michael Jordan ba chúis leis sin. “Eisean nó mise” an rogha a thug sé, a tuairiscíodh.

Tá leathshéanadh tugtha go minic ag Jordan air sin minic ó shin. Sa leabhar When the Game Was Ours deirtear ‘Isiah killed his own chances when it came to the Olympics. Nobody on that team wanted to play with him.’

28 bliain dár gcionn sa chlár faisnéise The Last Dance tá tagairt don eachtra aighnis ba phoiblí idir Chicago agus Detroit nuair a bhain na Clubs díoltas na mblianta roimhe sin amach i mbabhta ceannais an Eastern Conference i 1991. Agus gan fanta ach soicindí san imirt, sos fógartha agus iad chun deiridh 94-112, shiúil na Pistons amach den chúirt agus níorbh fhiú leo fanacht le lámh a chroitheadh leis na buaiteoirí.

Níor mhaith Jordan riamh dóibh é. Sa tsraith teilifíse deir sé ‘There’s no way you can convince me he wasn’t an asshole.’

Ní raibh aon ghean ag na himreoirí leadóige Pete Sampras ná André Agassi ar a chéile.

Fiú agus iad beirt ag imirt le Manchester United níor cheil Teddy Sheringham a dhímheas ar Andy Cole. Ní chroithfeadh sé lámh le Cole agus eisean ag teacht ar an bpáirc ina áit ar fhoireann Shasana i 1995, cé go gcreidim síocháin a bheith i réim eatarthu arís le cúpla bliain.

Ní thagann ciall roimh aois.

Fág freagra ar '‘There’s no way you can convince me he wasn’t an asshole’ – seanfhaltanais an spóirt'

  • Pádraig O'hEipicín

    An bhfuil Gaeilge ar ( asshole) ???.