Thar éinne eile, caithfidh an grianghrafadóir a shúile a choimeád ar oscailt…

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, domhan an bhruscair agus eitilt na leamhan

Domhan an Bhruscair

Grianghraif le Jack Lueders-Booth
Réamhrá le Luis Urrea
Iarfhocal le Frank Gohlke
Pond Press, Bostún,
168 lch
70 íomhá
Toisí: 11x8½”

An chéad uair eile a bheidh tú ag gearán faoi chúinsí oibre, smaoinigh

ar oibrithe bruscair in Tijuana, Meicsiceo. Ní hamháin gur ghlac Lueders-Booth grianghraif de na hoibrithe ann, chuaigh sé féin ag bailiú bruscair ina dteannta, chun aithne níos fearr a chur orthu.

Rud suntasach, dar liom, is ea líon na ngrianghrafadóirí atá ann a bhfuil a saol caite acu ag iarraidh aird a tharraingt ar fhadhbanna sóisialta. Thar éinne eile, caithfidh an grianghrafadóir a shúile a choimeád ar oscailt agus sa tslí sin, feiceann sé ainnise an tsaoil chomh maith lena áilleacht.

Plá ialtóg. Grianghraf leis an máistir Astrálach Trent Parke. (‘Ialtóg mheasa’ an Ghaeilge ar ‘flying fox’.)

Eitilt na Leamhan

Monument
Grianghraif le Trent Parke
Foilsithe ag STANLEY/BARKER 2023

Níl gach aon ghrianghrafadóir in ann scríobh go fileata faoina cheird. Éiríonn leis an Astrálach Trent Parke agus é ag cur síos ar na leamhain a bhíonn meallta ag soilse Dhroichead Chalafort Sydney, na leamhain á mealladh chun a mbáis, iad ag casadh ar nós bíse, mar mhion-spáslonga, imithe ó smacht. ‘Meallta agus dallta ag an solas geal bán, éin ina mílte ag teacht anuas de ráib chun breith orthu… damháin alla ag feitheamh leo ina gcuid neadacha.’

Fág freagra ar 'Thar éinne eile, caithfidh an grianghrafadóir a shúile a choimeád ar oscailt…'