‘Táim ag teacht isteach chuig an ról seo ag tráth nimhneach’ – Coimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt

Tá ráiteas láidir déanta ag an gCoimisinéir Gaeilge nua faoi cheist mhór teanga atá i mbéal an phobail sa Tuaisceart – an chomharthaíocht i Mórstáisiún Bhéal Feirste

‘Táim ag teacht isteach chuig an ról seo ag tráth nimhneach’ – Coimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt

Tá sé ráite ag Pól Deeds go bhfuil sé ag cur tús lena théarma mar Choimisinéir Gaeilge ag “tráth nimhneach” sa Tuaisceart agus gur i mBéal Feirste is measa atá an nimh.

Dúirt Deeds sa chéad agallamh atá tugtha aige ó chuir sé tús leis an bpost nua inniu, go bhfuil pobal na Gaeilge sa Tuaisceart ag fanacht le fada ar choimisinéir teanga don Ghaeilge ach go bhfuil an lá tagtha ag tráth achrannach don teanga.

“Táthar ag fanacht le fada air seo, tá pobal na Gaeilge ag fanacht le fada leis seo,” arsa Pól Deeds agus é faoi agallamh ag RTÉ.

“Bhí sé seo de dhíobháil ar an Ghaeilge go ginearálta i dTuaisceart Éireann le fada an lá agus, go deimhin, gealladh a leithéid fadó fadó. Táim ag teacht isteach chuig an ról seo ag tráth atá nimhneach go maith, go háirithe i mBéal Feirste,” a dúirt sé.

Rinne an Coimisinéir Gaeilge nua ráiteas láidir san agallamh faoi cheist mhór teanga atá i mbéal an phobail sa Tuaisceart freisin. Dúirt sé gur chóir go mbeadh comharthaíocht dhátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla, i Mórstáisiún Bhéal Feirste.

“Ba cheart go mbeadh comharthaíocht dhátheangach i Stáisiún Láir Bhéal Feirste, sin a chloífeadh leis an chomhairle idirnáisiúnta is fearr a deir gur gá go mbeadh mionteangacha feiceálach le go mairfidh siad agus le go mbláthóidh siad,” a dúirt sé.

Tá ceist na comharthaíochta dátheangaí sa mhol iompair ina cnámh spairne sa Tuaisceart le breis agus bliain anuas. Mí Mheán Fómhair na bliana seo, mhol an Breitheamh McAlinden in Ard-Chúirt Bhéal Feirste go lorgódh Feidhmeannas an Tuaiscirt comhairle faoin gceist ón gcoimisinéir nach raibh ceaptha go hoifigiúil ag an am.

Chuir Pól Deeds tús lena chéad lá oibre mar Choimisinéir Gaeilge inniu. Is ina oifig nua i dTeach an Chomhionannais ar Chearnóg Shaftsbury i mBéal Feirste atá a oifig lonnaithe.

Cuireadh tús i mí Aibreáin na bliana seo le dúshlán cúirte in aghaidh an chinnidh a rinne an tAire Bonneagair Liz Kimmins an chomharthaíocht dhátheangach a chrochadh i Mórstáisiún Bhéal Feirste.

Tá an dúshlán á thabhairt ag an dílseoir aitheanta agus gníomhaí frithGhaeilge, Jamie Bryson. Tá sé ag lorg athbhreithniú breithiúnach ón Ard-Chúirt i mBéal Feirste in aghaidh na Roinne Bonneagair agus é ag maíomh go ndearnadh an cinneadh an chomharthaíocht a chrochadh sa stáisiún gan faomhadh a fháil ó Fheidhmeannas an Tuaiscirt.

Leagtar amach i rialacha Thionól an Tuaiscirt go gcaithfidh airí an Tionóil cinntí móra agus conspóideacha a chur faoi bhráid an chomhrialtais. Tá Bryson ag maíomh gur cinneadh conspóideach é comharthaíocht dhátheangach a chrochadh sa stáisiún. Is faoin gCéad-Aire, Michelle O’Neill agus an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly a shocrú céard is cinneadh conspóideach ann.

Chuir an comhlacht iompair Translink stop leis an obair ar an stáisiún i mí Aibreáin a fhad is a bhí ceist na comharthaíochta ina cnámh spairne ar fhaitíos go dtabharfaí an cás os comhair na hArd-Chúirte.

Meastar gur thart ar £120,000 a chosnóidh sé na comharthaí nua a chur in airde

Fág freagra ar '‘Táim ag teacht isteach chuig an ról seo ag tráth nimhneach’ – Coimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt'

  • Carraig

    Jamie=Séamus(ín)
    Bryson= Ó Muireasáin/Ó Muirgheasáin
    /Ó Briosáin
    Rinneadh ‘Bryson’ den sloinne breá Gaelach seo le foirleathnú an Bhéarla.
    Is i gContaetha Dhoire &
    Dhún na nGall is mó a fhaightear an sloinne sin inniu.
    Dá mbeadh a fhios sin ag an gceannairceach Frith-Ghaeilge seo b’fhéidir go dtosnódh sé á foghlaim in ionad a bheith á treascairt!