Tabharfar freagraí sa Reifreann ar cheisteanna nach gcuirfear ar chor ar bith…

Ní ar cheist an rialtais ach ar cheist eile a thabharfaidh go leor vótóirí freagra sa Reifreann

Tabharfar freagraí sa Reifreann ar cheisteanna nach gcuirfear ar chor ar bith…

Mhol eagarthóir stuama don cholúnaí seo i bhfad ó shin na fíricí a chur chun cinn i ngach tuairisc. Ní tuairimíocht faoin bhfírinne ach an fhírinne shoiléir a theastaíonn i dtosach ó léitheoirí, a dúirt sé.

Bhí an ceart aige ar ndóigh. Ní gá a riail a chur i bhfeidhm i gcónaí agus colún á scríobh, ach oireann sí don reifreann ar féidir a bheith réasúnta cinnte anois gur ar an 25 Bealtaine a reáchtálfar é.

Fiafrófar de vótóirí sa reifreann ar mian leo na briathra seo a leanas in Airteagal 40.3.3 a aisghairm nó a chur amach as an mBunreacht:

Admhaíonn an stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é.

agus na briathra seo a leanas a chur ina n-ionad:

Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun foirceannadh toirchis a rialáil.

Is fiú cuimhneamh ar na briathra thuas agus na hábhair go léir nach mbaineann le ceist an reifrinn á bplé, go díreach nó go hindíreach, as seo go ceann 11 seachtain.  

Deirtear uaireanta go dtugann vótóirí i mórán reifreann freagra gan choinne ar cheist nár cuireadh orthu in aon chor. Is é an reifreann ar an mBreatimeacht sa Bhreatain in 2016 an sampla is soiléire den tslí ina mbreathnaíonn vótóirí áirithe ar reifreann mar dheis chun a míshástacht le rialtas a chur in iúl.

Ba chóir go mbeadh an reifreann seo abhus slán ó thionchar míshásaimh, toisc gur léir do chách nach mbaineann sé le ceist pháirtí-pholaitiúil. Níl gach Teachta Dála i ngach páirtí i nDáil Éireann ar aon tuairim, ach beidh ‘TÁ’ sa reifreann á mholadh ag ceannairí Fhine Gael agus Fhianna Fáil, Sinn Féin, an Lucht Oibre, Comhaontas Glas, Pobal seachas Brabús agus na Daonlathaigh  Shóisialta.

Ní hionann comhthuiscint idirpháirtí, áfach, agus barántas gur ar an gceist theoranta a bheas ar an bpáipéar vótála a thabharfar freagra lá an Reifrinn. Seo a leanas sampla de cheisteanna nach gcuirfear ach ar léir an seans go bhfreagrófar iad, ainneoin na ceiste a bheidh ar an bpáipéar vótála:

Ginmhilleadh: ar chóir é a chosc nó a cheadú? Cibé toradh a bheas ar an reifreann, ceadófar ginmhilleadh i gcásanna áirithe ina dhiaidh.

Ginmhilleadh: nár chóir é a chosc? Ní bheidh tionchar dá laghad ag toradh an reifrinn ar úsáid piollaí ginmhillte, go dleathach nó go mídhleathach.

An reachtaíocht atá beartaithe: ina fhabhar nó ina choinne? Is bunúsaí ceist an reifrinn ná an reachtaíocht a gheall an rialtas.

An reachtaíocht atá beartaithe: réasúnta nó iomarcach? Is tábhachtaí an bhunrogha: ar chóir ginmhilleadh a fhágáil faoi polaiteoirí, nó faoi vótóirí?

Polaiteoirí: an bhfuil  muinín agat astu? Ceist a bhaineann go dlúth leis an rogha a dhéanfar. Is féidir dlí a leasú san Oireachtas am ar bith. Ní féidir an Bunreacht a leasú ach le toil an phobail.

Chuir an Dáil tús leis an díospóireacht ar bhille an reifrinn Dé hAoine. Fillfidh Teachtaí Dála ar Theach Laighean ar an 20 Márta, lá níos luaithe ná mar a bhí beartaithe, chun leanacht leis an bplé.

Má éiríonn leis an rialtas an gnó reachtúil iomlán a dhéanamh de réir a gclár ama beimid ag vótáil ar an 25 Bealtaine. Ach tá na húdair amhrais maidir leis an toradh ag carnadh.

Dá mbeadh polasaí cinnte soiléir faoi ghinmhilleadh pléite agus fógartha ag Sinn Féin, mar a gheall siad roimhe seo, bheadh cóir ghaoithe nach beag ag an bhfeachtas i bhfabhar aisghairme.

Tarraingeoidh cur ar ceal na hArd-Fheise a bhí beartaithe ag Sinn Féin a reáchtáil roimh an reifreann aird níos mó ar bhuncheisteanna nach mbeidh i gcló ar an bpáipéar vótála.

Má aontaíonn tú leis an gcás i bhfabhar aisghairme, an aontaíonn tú leis na coinníollacha atá fógartha ag an rialtas, cé nach bhfuil lánchinnteacht ann fós gur reachtaíocht dá réir a rithfí tar éis vóta ‘TÁ’?

Fág freagra ar 'Tabharfar freagraí sa Reifreann ar cheisteanna nach gcuirfear ar chor ar bith…'

  • Dr. Orla Halpenny

    De réir na Cúirte Uachtarach, níl aon chearta dlí ag an beo gan bhreith seachas an ceart amháin áirithe san Ochtú Leasú. Má bhaintear é seo, níl cosaint ar bith fágtha aige/aici i mBunreacht na h-Éireann. Caithfear vótáil “Níl”.

  • Máiread

    Níl cearta ag einne saol eile a chriocnú.