Tá Stuttgart chomh tábhachtach i stair na hÉireann agus atá Sliabh Mis

Chuaigh Joxer go dtí Stuttgart ach i gConamara a insíodh a scéal d’fhear Stuttgart

Tá Stuttgart chomh tábhachtach i stair na hÉireann agus atá Sliabh Mis

Tá sé dornán maith blianta anois ó thairg mé síob d’fhámaire óg, féasógach a raibh a ordóg san aer aige ar thaobh na Gaillimhe do chrosbhóthar Dhoire an Fhéich.

Bhí sé ina stealladh báistí an lá céanna agus bhuail trua mé mar go raibh sruthán uisce ag sileadh anuas as paca mór trom a bhí ar a dhroim aige. Seans nach raibh a fhios aigesean, ach thuig mise go mba ghearr go mbeadh stráice ceathair nó cúig de mhílte bóthair amach roimhe a bhí gan foscadh, gan fothain agus go mbeadh sé ina dhraoibeog faoin am a mbeadh sé san áit a bhfuil ceannáras TG4 anois.

Stop mé, chaith sé a chuid balcaisí i dtóin an chairr, shuigh le m’ais agus an rud is annamh is iontach, meas tú nár fhiafraigh mé dó cá mba as é!

‘As Deisceart na Gearmáine,’ a dúirt sé. ‘Cathair a bhfuil Stuttgart mar ainm uirthi. Tugtar ‘Autohauptstadt’ minic ar an áit mar gur ansiúd atá a gceanncheathrú ag Mercedes-Benz agus ag Porsche. Ciallaíonn an teideal sin ‘Príomhchathair na nGluaisteán’. De réir mar a fheicim níl mórán eolais faoi Stuttgart in Éirinn, ach tá sé ar cheann den leathdhosaen cathair is mó sa nGearmáin’.

Shantaigh mé a rá lom díreach leis go raibh sé ag dul amú go mór mar go mba áit í a chathair dhúchais a bhí chomh tábhachtach i stair na hÉireann agus a bhí Sliabh Mis, mar ar chaith Naomh Pádraig na blianta údaí ag aoireacht, nó go deimhin Cluain Tarbh, áit ar mharaigh na Lochlannaigh Rí Dhál gCais go fealltach agus iad ar a dteitheadh.

Ina áit sin, b’amhlaidh a chuaigh mé timpeall ar an scéal.

‘Bhí tú sa Neckarstadion go minic mar sin,’ a deirimse, ag tagairt don staid ina n-imríonn foireann sacair na cathrach. Dhírigh sé aniar sa suíochán agus scéin ann.

‘Ó a thiarcais, céard a chuir ar an eolas faoin áit sin tú?” a dúirt sé. “Ar chaith tú píosa sa tír sin agamsa nó an amhlaidh go bhfuil fíorshuim agat sa Bundesliga?’

Dúirt mé leis go mba mhó mo shuim sa mbundún leice, ach fearacht go leor Éireannach eile go raibh agus go mbeadh ainm na staide agus na cathrach sin greanta i m’intinn go dtí lá mo bháis mar go mba ansiúd, ar an 12 Meitheamh 1988, a chuir Ray Houghton an liathróid in eangach na Sasanach agus sé nóiméad caite sa sa chéad chluiche ag Éirinn i gCraobh Sacair na hEorpa.

Trí lá dár gcionn ba é Ronnie Whelan a rinne amhlaidh in aghaidh Aontas na Sóivéide agus trí lá eile ina dhiaidh sin arís a d’imir muid an Ísiltír i Gelsenkirchen agus áit ag na buaiteoirí sna babhtaí leathcheannais. Agus ceathrú uaire caite, bhuail Paul McGrath an posta.

Bhí uair an chloig lena chois sin imithe agus chaon taobh folamh i gcónaí nuair a fuair Wim Kieft an cúl a d’fhág gur ag pacáil a gcuid málaí a bheadh imreoirí na hÉireann – sciorta mór den ádh ag baint leis an scór céanna, an liathróid ag casadh chomh tréan sin gur isteach sa gcúl a rothlaigh sí ar bhualadh na talún di, nuair a d’fhéadfadh sí dul ar an taobh eile den phosta chomh héasca céanna.

Ba ar éigean a chreid mo chompánach go bhféadfadh cuimhne chomh gléineach sin a bheith i mo chloigeann ar chluichí a bhí imeartha scór bliain roimhe sin, go háirithe nuair nár chluiche ceannais a bhí i gceist. Is cinnte nár ghéill sé do mo bharúil gurbh amhlaidh cás a bheadh ag chaon dara duine a chasfadh dó ar an gcuid eile dá chuairt.

Ach, bhí mámh eile fanta i mo glaic.

I mo ghlaic a bhí sé freisin, mar nach ndearna mé ach mo lámh a chur ar dhlúthdhiosca a bhí sa gcarr agus é a chur isteach sa scoiltín a bhí ceaptha dó.

Den chéad uair ina shaol chuala an Gearmánach óg scéal Joxer.

Nuair a tháinig deireadh leis an amhrán, d’iarr sé é a chasadh arís agus faoin am ar shroich muid sráidbhaile an Spidéil bhí sé cloiste cúig uaire aige. Agus muid ag fágáil slán ag a chéile chuir sé tuairisc ainm siopa i gcathair na Gaillimhe a bhfaigheadh sé ann le ceannach é.

As abhainn an Neckar a shníonn tríd Stuttgart a baisteadh an Neckarstadion ar thug Joxer cuairt air. Nuair a tháinig an lá go raibh ainmneacha gnólachtaí móra á gceangal le páirceanna imeartha níorbh iontas go mba iad cinn na ngluaisteán a bhí luaite leis siúd – Gottlieb-Daimler ar dtús, agus ó 2008 i leith Mercedez-Benz .

San oíche Dé hAoine seo caite, cuireadh tús le Craobh Sacair na hEorpa 2024 sa nGearmáin – iadsan agus Albain a d’imir a chéile i München.

Arís an babhta seo beidh cluichí á n-imirt in Stuttgart. Go deimhin tráthnóna inniu fhéin imreoidh an tSlóivéin agus an Danmhairg a chéile ann. Is ann freisin a imreoidh an Ghearmáin agus an Ungáir a chéile Céadaoin na seachtaine seo ag teacht.

Níl a fhios agam féin an mbeidh fear an phaca ann.

Cinnte ní bheidh Joxer.

Fág freagra ar 'Tá Stuttgart chomh tábhachtach i stair na hÉireann agus atá Sliabh Mis'