Tá sé thar am insint dúinne, mná na hÉireann, céard atá ar siúl…

Tá tuarascáil Scally le foilsiú amárach, ach an bhfuil plean eile ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte?

Tá sé thar am insint dúinne, mná na hÉireann, céard atá ar siúl…

Tá tuarascáil an Dochtúra Gabriel Scally faoin scannal CervicalCheck tugtha ar láimh don Aire Sláinte agus súil aige í a fhoilsiú amárach. Deir an tAire Simon Harris go bhfuil súil aige féin go mbeidh eolas againn i ndiaidh fhoilsiú na tuarascála faoi na bealaí gur féidir córas na dtástálacha ailse seo a fheabhsú.

De réir an eolais atá againn cheana féin, beidh an tuarascáil ón Dr Scally, a ceapadh chun an fiosrú a dhéanamh i mí Bealtaine, á cur faoi bhráid an rialtais ag Simon Harris amárach. Cuirfear na mná atá ag fulaingt de dheasca theip an chórais ar an eolas faoina bhfuil sa tuarascáil agus foilseofar í ina dhiaidh sin. Tá an tuarascáil curtha faoi bhráid an Ard-Aighne freisin.

Ach céard a bheidh inti? Nuair a ceapadh é sa samhradh, dúirt Gabriel Scally go bhfuil an baol ann nach bhféadfaidh sé milleán a chur ar aon duine as na botúin a rinneadh. Rinne sé roinnt moltaí ina thuarascáil eatramhach, a foilsíodh mí an Mheithimh, maidir le cearta na mban na torthaí a bhaineann leo féin a fháil. Ag réiteach an bhealaigh don choimisiún fiosraithe atá geallta ag an Rialtas atá go leor den obair seo.

Dúirt Simon Harris go dteastaíonn moltaí uaidh faoi na bealaí is fearr leis an gcóras tástála a fheabhsú agus le dearbhú a thabhairt do dhaoine gur féidir leo muinín a bheith acu sna saotharlanna a dhéanann an obair thástála seo

Ach, ar ndóigh, tá cor eile sa scéal sin agus athbhreithniú á dhéanamh ag na saotharlanna ar a gcuid oibre in Éirinn. Tá siad ag iarraidh ar an Rialtas barántas a thabhairt gurb é an stát a bheidh freagrach as aon fhaillí a rinneadh i gcás na dtástálacha éagsúla agus iad ag bagairt gan athnuachan a dhéanamh ar na conarthaí a shínigh siad, conarthaí a dtiocfaidh críoch leo an mhí seo chugainn.

Tá na saotharlanna faoi gheasa ag na comhlachtaí árachais atá ag breathnú go fuarchúiseach ar an scéal.

D’fhéadfadh go bhfuil an tuairim acu go bhfuil an tír seo an-bheag agus nach fiú an tairbhe an trioblóid. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i mbun cainte leo faoi láthair ag iarraidh síneadh a chur leis an gconradh sula rachfaí i mbun an phróisis tairisceana do sheirbhís tástála nua.

Faoin gcóras CervicalCheck déantar tuairim is 300,000 tástáil in aghaidh na bliana agus bíonn trí cinn de shaotharlanna ag plé lena scrúdú; MedLab agus Ospidéal an Coombe i mBaile Átha Cliath agus an tsaotharlann Quest sna Stáit Aontaithe. Níl ar chumas na saotharlanna i mBaile Átha Cliath an t-ualach oibre ar fad a iompar.

Céard a tharlóidh mar sin má tharraingíonn na saotharlanna seo siar ó chonarthaí? Shamhlóinn más é an tuairim atá acu nach fiú an tairbhe an trioblóid go mbeidh sé deacair saotharlanna eile a mhealladh leis an obair a dhéanamh. An bhfuil rogha eile agus plean eile ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte? Ceann de na nithe is mó a raibh Gabriel Scally cáinteach air ina thuarascáil eatramhach ná easpa cumarsáide idir an páirtithe éagsúla ar fad. An bhfuil siad ag caint le chéile faoin gcor is déanaí seo? Más amhlaidh go bhfuil an baol ann nach mbeidh aon chóras ann go luath, cén uair a bhfuil sé i gceist acu an méid sin a insint dúinne, mná na tíre a bhíonn i dtuilleamaí na dtástálacha seo? Tá an córas reatha lochtach ach glactar leis go bhfuil obair mhaith déanta aige agus gur iomaí bean atá beo inniu nach mbeadh dá éagmais.  Eolas agus cumarsáid atá riachtanach anois.

Clár-Reachtaire le RTE Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra

Fág freagra ar 'Tá sé thar am insint dúinne, mná na hÉireann, céard atá ar siúl…'