Tá sé in am ag Éirinn filleadh ar an tseanstíl a thug go barr an ranga iad

Ach an oiread leis na hÉireannaigh, tá a gcuid deacrachtaí féin ag na Francaigh, agus neart acu

Tá sé in am ag Éirinn filleadh ar an tseanstíl a thug go barr an ranga iad

Imreoir na hÉireann, Iain Henderson. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Níl ach dhá chluiche ag Joe Schmidt le cúrsaí a chur ina gceart i gcomórtas Sé Náisiún na bliana seo agus go deimhin roimh thús an chéad chomórtais dhomhanda eile, comórtas a bheas linn roimh dheireadh na bliana seo.  Cé go bhfuil stádas mar an dara foireann rugbaí is fearr sa domhan ag foireann idirnáisiúnta na tíre seo, ní bhfuair muid léargas fós i mbliana ar an imirt ná ar an gcur chuige a ghnóthaigh an gradam sin dóibh.

Seans dá bhrí sin go bhfuil Schmidt agus a chuid imreoirí sásta gur i Staid Aviva a bheas siad in iomaíocht i gcoinne na bhFrancach i mBabhta 4 den chomórtas Sé Náisiún an Domhnach seo. Ach an oiread leis na hÉireannaigh, tá a gcuid deacrachtaí féin ag na Francaigh, agus neart acu. Níor éirigh leo ach cluiche amháin a bhuachtáil sna trí iarracht go dtí seo. Go deimhin, bhí imirt fhoireann idirnáisiúnta na Fraince chomh dona sin sa gcéad dhá chluiche den chomórtas go raibh sé ina chúis náire don náisiún ar fad. 

Cinnte, d’éirigh leo rudaí a cheartú, de bheagán, coicís ó shin agus iad ag imirt i mBabhta 3 i gcoinne na hAlban ach mar sin féin is mór idir an fhoireann seo agus na foirne fíochmhara cumasacha lán bróid a chuaigh chun páirce thar cheann na tíre sin san am atá caite.

Mar sin féin, níl na Francaigh ach trí phointe taobh thiar de na hÉireannaigh, a bhuíochas sin de dhá phointe bónais  a fuair siad, ceann  i mBabhta 1 agus ceann i mBabhta 3. 

Bhí bua in dhá chluiche ag foireann na hÉireann ach níor éirigh leo ach pointe bónais amháin a aimsiú i gcoinne na hIodáile.

Tá go leor ráite agus scríofa maidir le himirt na nÉireannach ach ní dóigh liom gurb amhlaidh go bhfuil a mbealach caillte thar oíche acu. Tá cuid de na himreoirí is fearr sa domhan ag Joe Schmidt faoi láthair – Sexton, Murray, Furlong, Ryan. O’Mahony agus Ringrose ina measc – ach tá an nasc agus an chomhimirt a bhíodh chomh snasta sin anuraidh ar iarraidh uathu. 

Má éiríonn leo filleadh ar an tseanstíl imeartha a thug go barr tábla rugbaí an domhain iad, beidh sé deacair ag aon fhoireann iad a láimhseáil, ná bac le foireann ón bhFrainc, atá ar thóir athrú slí, meoin agus poirt iad féin. 


Tá mise ag tuar cluiche thar a bheith crua, fisiciúil agus fíochmhar an Domhnach seo agus tá mé den tuairim go mbeidh an lá le foireann an bhaile. Ní bheidh pobal rugbaí na tíre seo sásta le tada eile.


Is ar an Satharn a bheas an dá chluiche eile á n-imirt. Beidh na Gaeil ag súil go ndéanfaidh Albain gar dóibh agus iadsan in iomaíocht leis an mBreatain Bheag i Murrayfield. Cé gur dúshlán mór atá sa gcluiche seo do na hAlbanaigh ní féidir a chur as an áireamh nach acu a bheidh an bua. 

Ní hionann an cás ag na hIodálaigh, foireann a bheas ag imirt i Londain i gcoinne na Sasanach. Is dona liom a rá nach mbeidh ach toradh amháin ar an gcluiche seo.  Bua do na Sasanaigh, faraor!

Fág freagra ar 'Tá sé in am ag Éirinn filleadh ar an tseanstíl a thug go barr an ranga iad'