Tá níos mó brú ná riamh ar an rialtas, agus an t-am ag éalú uathu

Seachas an tArd-Aighne nua, Rossa Fanning, is iad na daoine céanna a atá suite timpeall ar bhord an rialtais an tseachtain seo

Tá níos mó brú ná riamh ar an rialtas, agus an t-am ag éalú uathu

An féidir ‘athrú foirne’ a thabhairt air, mura raibh aon athrú ann?

Bhí iriseoirí na Dála ar nós Vladimir agus Estragon i ndráma Beckett Ag fanacht ar Godot Dé Sathairn seo caite – muid cruinnithe le chéile, ag fanacht taobh amuigh den cheaintín nó de gheataí Thithe an Oireachtais go bhfeicfeadh muid polaiteoir sinsearach a chuirfeadh ar an eolas muid faoi céard a bhí ag tarlú.

Bhí ráflaí ann ó mhaidin go raibh ceapachán amháin – ar a laghad – a thiocfadh aniar aduaidh orainn, ach ag an deireadh, ní raibh an méid sin féin ann.

D’fhógair Taoiseach nua na tíre Leo Varadkar go mbeidh foireann an rialtais, a bheag nó a mhór, ag fanacht mar a bhí.

Seachas an tArd-Aighne nua, Rossa Fanning, is iad na daoine céanna a atá suite timpeall ar bhord an rialtais an tseachtain seo, agus muid faoi cheannaireacht Varadkar.

Níor tháinig aon athrú ar phort Shinn Féin ach an oiread an lá stairiúil sin. Cé go raibh duine nua in oifig an Taoisigh, ní bheidh mórán nua i gcur chuige agus in obair an rialtais, dar leo. ‘Tá sé in am don athrú’ an mana a bheas ag Sinn Féin as seo go dtí an t-olltoghchán. An gcuirfidh muintir na tíre an oiread sin fáilte roimh Shinn Féin an chéad bhabhta eile?

Caithfear a rá go bhfuil brú ar an rialtas beart de réir briathair a dhéanamh. Bhí Micheál Martin dhá bhliain go leith i Roinn an Taoisigh, agus cé go bhfuil ráta ard tacaíochta pearsanta aige, ní le maoithneachas a chuimhneofar ar a thréimhse in oifig.

Ar bhealach, ní airsean a bhí an locht, chuir an phaindéim isteach go mór ar Éirinn agus beidh an tír ag teacht chuici féin go heacnamaíoch agus go sóisialta ar feadh na mblianta amach romhainn.

Fógraíodh go raibh deireadh leis na srianta COVID mí Eanáir, agus rinne an Rúis ionsaí ar an Úcráin an mhí ina dhiaidh sin, rud a chinntigh ardú ar chostais fuinnimh agus éiginnteacht pholaitiúil san Eoraip an chuid eile den bhliain.

Ba í an chéad ócáid phoiblí ar ar fhreastail an Taoiseach nua ná lón Nollag do theifigh ón Úcráin a bhí eagraithe ag Cumann na Croise Deirge – a léiríonn chomh suntasach is atá an cheist sin don rialtas agus don tír.

Is mór a bhí éagsúil faoin 17 Nollaig. An chéad uair gur babhtáladh Taoisigh i lár téarma rialtais. Lucht Fhianna Fáil ag vótáil ar son Cheannaire Fhine Gael.

É seo ar fad ag tarlú an tseachtain roimh an Nollaig, agus ar an Satharn. Rith sé liom, áfach, agus mé ar mo bhealach isteach chun na hoibre an lá cinniúnach sin, agus mé ag féachaint ar na sluaite ag dul ó shiopa go siopa ar shráideanna na cathrach agus iad ag réiteach don fhéile mhór, gur beag difríocht a dhéanfaidh sé do shaol mhuintir na tíre mura dtiocfaidh athrú ollmhór ar chúrsaí sláinte, tithíochta agus oideachais sa tír.

Tá níos mó brú ná riamh ar an rialtas, agus an t-am ag éalú uathu lá i ndiaidh lae.

Ag féachaint chun cinn, beidh sé spéisiúil féachaint ar an athrú meoin agus cur chuige a bheas ann idir Micheál Martin, fear lách múinte, agus Leo Varadkar atá sásta dul i mbun argóna chun é féin agus obair a rialtais a chosaint. Is deas le Varadkar agus Mary Lou McDonald a bheith in adharca a chéile, agus is fíor gur beag tuairim faoina n-aontaíonn an bheirt.

Beidh rírá agus ruaille buaille ann le linn dhíospóireachtaí na gceannairí cinnte.

Ach, tar éis dhá bhliain go leith de cheannaireacht chiúin chneasta Mhichíl Uí Mháirtín, an mbeidh aon spéis ag muintir na hÉireann ina leithéid?

Fág freagra ar 'Tá níos mó brú ná riamh ar an rialtas, agus an t-am ag éalú uathu'