‘Tá mé in amhras an bhfuil ag éirí leis an ngaeloideachas’ – Bláthnaid Ní Chofaigh

Deir an craoltóir aitheanta Bláthnaid Ní Chofaigh go bhfuil gá le díospóireacht faoi cé acu an bhfuil nó nach bhfuil ag éirí leis an ngaeloideachas ‘an Ghaeilge a chothú mar theanga labhartha’

‘Tá mé in amhras an bhfuil ag éirí leis an ngaeloideachas’ – Bláthnaid Ní Chofaigh

Deir an craoltóir aitheanta Bláthnaid Ní Chofaigh go bhfuil amhras uirthi den chéad uair ina saol faoi fhiúntas an ghaeloideachais.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Ní Chofaigh, nach mbíonn cuid mhór de dhaltaí na ngaelscoileanna agus na ngaelcholáistí ag labhairt Gaeilge “taobh amuigh de gheataí na scoile” agus go gcaithfear an cheist a chur dá réir an bhfuil ag éirí leis an ghaeloideachas.

Dúirt Ní Chofaigh, a chuireann an clár Bláthnaid Libh i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, go bhfuil gá le díospóireacht faoi cé acu an bhfuil nó nach bhfuil ag éirí leis an ngaeloideachas “an Ghaeilge a chothú mar theanga labhartha”.

“Is cinnte go gcaithfidh muid an cheist a chur. Deir muid go bhfuil ag éirí leis na gaelcholáistí agus na gaelscoileanna. Tá líon na ndaltaí ag ardú, tá na huimhreacha go maith, ach mura bhfuil an tuiscint sin ag daltaí go bhfuil sé ‘normálta’ an Ghaeilge a labhairt taobh amuigh de gheataí na scoile an bhféadfaí a rá go bhfuil ag éirí leo? Cén fáth go bhfuil an bhearna sin ann?” a dúirt sí.

Máthair ceathrar clainne í Ní Chofaigh, arb as Gaeltacht Ráth Chairn di ó dhúchas, agus tá a clann á tógáil aici le Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Chuaigh beirt dá clann fríd an chóras ghaeloideachais cheana agus tá an bheirt eile ag freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge faoi láthair.

“Den chéad uair i mo shaol bhí mé ag rá liom féin an lá cheana, meas tú an bhfuil an ceart ag na daoine sin a mbíonn amhras orthu an ceart páistí a bhfuil Gaeilge acu sa bhaile a chur chuig scoileanna lán-Ghaeilge ar chor ar bith?

“Tá sé sin an-chonspóideach. Ach an mbíonn daltaí sna gaelscoileanna agus sna gaelcholáistí ag labhairt na Gaeilge nuair a fhágann siad geataí na scoile. Ní bhíonn. Cén fáth? Sin í an cheist, sin é an comhrá,” ar sí.


Dúirt Ní Chofaigh nárbh amhlaidh go raibh sí ag moladh do thuismitheoirí gan a gcuid páistí a chur chuig scoil lán-Ghaeilge.

“Ní bheadh sé sa mhianach agam sin a dhéanamh mé féin, ach tá mé ag cur na ceiste. Cén fáth nach mbíonn tionchar níos mó ag na gaelscoileanna agus na gaelcholáistí ar iompar teanga na bpáistí. Cén fáth a n-iompaíonn siad ar an mBéarla ag geataí na scoile?

“Céard a tharlaíonn ag geataí na scoile go léimeann siad ó ‘zón amháin’ go zón eile, zón nach labhraíonn siad Gaeilge ann? Seans nach dtiocfaidh siad ar ais go dtí an Ghaeilge ansin go dtí go mbíonn gasúir acu féin nó má bhíonn an t-ádh leo seans go mbeidh siad bainteach le cumann Gaelach ar an gcoláiste.

“Feictear dom, go bhfanann go leor gasúir ó ghaelcholáistí amach ó shaol na Gaeilge. Na daoine is mó a chastar ort i gClub an Chonartha oíche Déardaoin sa ngeimhreadh ná daoine óga a d’fhreastail ar Choláiste Lurgan agus atá bainteach leis na cumainn Ghaelacha. Ní gá gur fhreastail siad riamh ar Ghaelscoil nó ar Gaelcholáiste.”

Fág freagra ar '‘Tá mé in amhras an bhfuil ag éirí leis an ngaeloideachas’ – Bláthnaid Ní Chofaigh'

  • Lillis Ó Laoire

    Ní féidir leis an Chóras an dátheangachas a chothú ach taobh istigh de na scoileanna.

  • Pól Ó Braoin Comhrá

    B’fhéidir go bhfuil rud eicint ar nós an mens shed ag teastáil sna bailte móra do dhaoine óga… áit ar féidir leo teacht le chéile agus a ndéanfaí “cool” é Gaeilge a bheith agat. Is beag seans a bhíonn ann an Ghaeilge a labhairt taobh anuigh de gheataí na scoile.

  • Áine Ní Ghlinn

    B’fhéidir go n-iompaíonn go leor páistí ar an mBéarla ag geata na scoile ach
    mo thaithí féin ar Scoil Naithí & Coláiste Eoin ná páistí/déagóirí (mo ghasúir féin + cairde leo) sa teach ag dul ó theanga go teanga – ag labhairt Béarla/ Gaeilge/ manglam den dá cheann.
    Fós tá go leor de na cairde ón dá scoil a labhrann Gaeilge liomsa i gcónaí.
    Le déanaí ag cóisir 21 mo mhic tháinig go leor daoine ó Chol Eoin & Íosagáin chugamsa agus Gaeilge ar fad a labhair siad liom.
    Tugann gaelscoileanna an rogha do dhaoine óga. Osclaítear fuinneog ar chultúr na Gaeilge. Dá mbeinn in ann an clog a chur siar – roghnóinn an ghaelscolaíocht arís.

  • Joe Breathnach

    B’fhéidir go bhfuil an Ghaeilge nasctha le ríalacha na scoile in aigne na daltaí, agus an Béarla le ‘saoirse’. Dá bhrí sin tá na clubanna spórt in a labhraítear an Ghaeilge an-tabachtach, chomh maith leis an ‘ceol agus craic’ taoibh amuigh den scoil, Raidió na Life agus Nós. Ansin tá Motherfoclóir agus a leithéid ar na meáin shóisialta. Ná bí ag brú ar na ndéagóirí agus, mar a deir Marlyn Manson, éist. Agus lig dóibh an Ghaeilge a labhairt badly, mar a labhraíonn siad Béarla

  • Joey Joe Joe Junior Shabidoo

    Tá Bláthnaid le moladh as an gceist chrua seo a ardú. Bíonn daoine ag déanamh scéal mór de chomh is atá ag éirí leis an nGaelscolaíocht, ach is beag cainteoirí gníomhacha atá ag teacht astu go fóill beag. De réir m’eolais, tháinig méadú beag suarach ar mhéid na gcainteoirí laethúla Gaeilge i mBÁC sa daonáireamh deireanach. Nuair a chuirtear sin i gcomparáid leis an ardú as cuimse atá tagtha ar líon na nGaelscoileanna sa gcathair le blianta anuas, is léir nach bfhuil formhór na ndaltaí seo ag baint úsáid as an teanga i ndiaidh na scoilbhlianta. Ní dóigh liom go bhfuil an lucht ar na Gaelscoileanna féin, ach tuigeann na daoine óga seo go maith nach bhfuil an Ghaeilge úsáideach taobh amuigh den scoil.

    Tá dóchas ann ámh, agus tá grúpaí cosúil le NGÓ agus Lasair na nGael Popup srl ag tabhairt raison d’être don teanga taobh amuigh den chóras oideachais, ach teastaíonn i bhfad níos mó rudaí den chineál sin.

  • Sibéal

    Tá Blánaid ag súil le réabhlóid sna Gaelscoileanna.
    Bhí cara liom ag obair mar stiúrthóir scrúduithe na hArdteiste i meánscoil i gConamara. Béarla is mó a bhí á labhairt ag na daltaí.
    Ar a laghad tá an Ghaeilge a labhairt taobh istigh de gheataí na scoile sna Gaelscoileanna mar tá conradh idir na tuismitheoirí agus an scoil rud nach bhfuil sna Gaeltachtaí.
    Níl an Ghaeilge á labhairt ag polaiteoirí, ag an GAA, ag Ceoltas srl.

  • Pádraig Ó Duibhir

    Aontaím lé Bláthnaid go bhfuil gá le díospóireacht faoin nGaeloideachas ach is dóigh liom go bhfuil ag éirí go han-mhaith leis na scoileanna sa ról atá acu .i. daltaí a chumasú le Gaeilge mhaith a bheith acu. Maidir le hathneartú teanga, sin í an chéad chéim, cumas Gaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile, ach níl ann ach an chéad chéim. Teastaíonn gluaiseacht pobail chun tacú le hobair na scoileanna agus le pobal labhartha teanga a chruthú inar féidir le hiarscoláirí a bheith páirteach. Samplaí maithe de seo is ea Na Gaeil Óga i mBÁC agus i nGailllimh, Pobal Charn Tóchair i gCo Dhoire, na hócáidí Pop-Up Gaeltacht. Tá ról ag an Stát cuidiú leis na hiarrachtaí seo trí thionscadail a mhaoiniú. I Tír na mBascach, mar shampla, aithnítear ról an phobail agus tá leor tograí ar siúl chun tacú le hobair na scoileanna. Go dtí go mbeidh níos mó deiseanna úsáide ag iar-dhaltaí scoileanna na tíre ní bheidh sé ‘normálta’ dóibh Gaeilge a labhairt. Léiríonn an taighde atá déanta againn le déagóirí i SEALBHÚ, DCU, nach bhfuil feidhm ag an nGaeilge mar chuid dá bhféiniúlacht teanga lasmuigh den chómhthéacs oideachais. Ba cóir dar ndóigh neart scoileanna lán-Ghaeigle eile a bhunú.

  • Mairéad

    Aontaím le Bláthnaid go dteastaíonn go mbeidh an Ghaeilge a labhairt taobh amuigh den scoil mar rud normálta.
    Ní ann don Ghaeilge sa ghnáthshaol taobh amuigh den fhíorGhaeltacht. Níl feidhm praiticiúil leis an teanga. Bíonn na polaiteoirí, na ceardchumainn, IBEC, bancanna, oifigí stáit, eagraíochtaí chultúrtha srl ag feidhmiú amhail is nach bhfuil Gaeilgeor amháin sa tír.
    Fiú amháin ag comhdhálacha ceardchumann na múinteoirí is ar éigean a mbíonn cúpla focal Gaeilge in úsáida. Le drochshampla mar sin á thabhairt ag múinteoirí cén t-íontas nach labrann furmhór daltaí na nGaelscoileanna aon Ghaeilge taobh amuigh de geataí na scoile.

  • Seán Fennell

    Tabhair go Béal Feirste! 12 gaelscoil in Aontroim, Coláiste Feirste le 700 dalta, ach na fadhbanna céanna fá labhairt na Gaeilge.
    Tá meitheal de mhúinteoirí ag solathar imeachtaí trí mheán na Gaeilge taobh amuigh den tseomra ranga do na daltaí R,5,6,7 go háirithe- peil, iomáint, camógaíocht, sacar, drámaí, cumainn óige agus dár ndóighe Laochra Loch Lao, níl sé foirfe, ach tá a lán oibre ag dul ar aghaidh.
    Muna bhfuil muid ach ag tabhairt scil bhreise dár bpáistí, is é sin Gaeilge a labhairt, ní bheidh pobal Gaeilge ann go deo. Díospóireacht…. le plé

  • Seán Mac Bhriain

    Ní hionann athrú teanga ag geata na scoile nó fiú i gclós na scoile agus cúl a thabhairt do cheann de na teangacha. Is rud sláintiúil é athrú ó theanga go teanga bunaithe ar riachtanais agus nósanna cumarsáide. An cheist atá le freagairt, sílimse, ná cén fáth go gcailltear suim blianta i ndiaidh fhágáil na scoile?
    (Níor chóir tuiscint ar an tsochaí a bhunú go huile is go hiomlán ar nósanna déagóirí – nó sin a mheasaim anois le cuimhne seanghasúir)

  • Caitlin chonolaigh

    Aontaim le Blathnaid sa meid ata raite.Ach beag cupla clann agus an bunscoil Naisiunta ni bheidh Gaeilge ag go leor daoine oga anseo I gceanntar Cheathru Thaidhg. Fariaoir, ta go leor cuiseanna nach leanann daoine oga a labhairt taobh amuigh de gheatai na scoile.Ta go leor sa cheanntar nach labhraionn i. Ni he nach bhfuil siad in ann ach ta se imigh le sruth thar na blianta. On Aifreann De Domhnaigh, go dti an teach tabhairne,an siopa, is I an Bhearla is mo a chloistear.. Is cuis bron go bhfuil si ag fail bhas anseo.Ach beag cupla clann agus na scoileanna bheith si imigh.
    Bfheidir go neireoidh leis an bpleain Teanga borradh a chuir faoi. Ach silim fein go bhfuil an Pleain Teanga ro mhall,, agus ag diriu isteach ar in iomarca ceanntair cuid nach Gaeltacht iad ach beag go bhfuil siad suite ann maidir le Tireolaiocht de.

    .

  • Éilís ní Anluain

    Labhrann cuid againn a bhí ar Scoil Lorcáin, Coláiste Íosagáin/Eoin i mBÁC chomh fada siar leis na 1960í Gaeilge lena chéile go fóill. Murach na scoileanna sin ní bheadh aithne againn ar a chéile mar is i scoileanna éagsúla ar fud dheisceart na cathrach a bheadh muid. Nuair a chasann muid le chéile mar ghrúpa bíonn meascán den dá theanga, mórán mar a bhí ar scoil. Bhí Gaeilge ag cuid againn sa mbaile agus an chuid nach raibh, d’fhoghlaim siad go héasca ar scoil í. Agus Gaelscoileanna níos líonmhaire anois tá pobail bheaga nua le Gaeilge suas síos na tíre. An dream óg a stopann ag labhairt Gaeilge lena chéile labhrann cuid acu fós í lena dtuismitheoirí nó le tuismitheoirí a gcairde agus tógfaidh cuid acu clann le Gaeilge agus dlúthchuid de sin oideachas lán-Ghaeilge.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Ar thaobh amháin is bocht an scéal é ach cuimhnímis nach mbeadh Béarla ag na déagóirí bochta seo mura mbeadh sé á labhairt acu am éigin agus níl muid chomh suarach sin gur mhaith linn na páistí seo bheith aonteangach
    Nuair a bheas gach uile scoil in Éirinn ina Gaelscoil ba cheart ‘magnet schools’ a thabhairt isteach agus iad siúd atá dáiríre fúithi bheith le chéile i scoil amháin.

  • Seán V Kelley

    Mura gcuireann tír tacaíocht teanga i bhfeidhm ag gníomhaireachtaí rialtais, tá fadhbanna níos mó agat. Teastaíonn Acht don Ghaeilge le dlíthe infhorghníomhaithe. Ná bí ag iarraidh ar scoileanna an teanga a fhás.

  • Treasa Ní Niocláis

    Tá bunscoil agus iarbhunscoil lánGhaeilge againn i dTrá Lí. Labhraíonn daltaí agus iardhaltaì ón dá scoil Gaeilge i ngach suíomh. Bhí mo ghasúir féin agus cairde leo ag freastal ar an dá scoil.
    Is í an Ghaeilge teanga labhartha na ndaoine óga sin nuair a chasann siad le chéile.